Níor mhair an gnó ach nóiméad, ar a mhéid. Bhí ógánach ag fanacht ar an gcosán agus fear ar scútar leictreonach ag teannadh leis. Tar éis dó stopadh, thóg an fear rud éigin amach as a anorak. Thug sé é don ógánach a chuir rud éigin ina lámh. Ní raibh aon chomhrá lena chéile agus d’imigh fear an scútair gan mhoill.
Chonaic an scríbhneoir seo an margadh thuas á dhéanamh i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath trí lá roimh an gcoirloscadh i bPort Láirge inar dúnmharaíodh Philip, Kim, Callum agus Jayden English. Ní go hannamh a fheictear margadh dá leithéid á dhéanamh sa cheantar.
Ar ndóigh ní féidir le finné a bheith lánchinnte i gcónaí gur drugaí a bhíonn á ndíol nó á gceannach ach de ghnáth ní mór an t-amhras, ná an tuiscint ar chur chuige na nGardaí a dhíríonn a gcuid fiosruithe ar bhaill shinsearacha na mbuíonta a fhágann an mhangaireacht áitiúil faoi dhaoine eile.
Níl scéal iomlán an uafáis i bPort Láirge ar eolas fós ach chuir sé i gcuimhne do mhórán an dainséar as cuimse a thagann sna sála ar leathadh úsáid drugaí mídhleathacha. Mar a léiríodh go follasach sa tuairisc a d’fhoilsigh an ghrúpa oifigiúil ar a dtugtar an Togra Náisiúnta um Imeaglú agus Foréigean Drugaí nó DRIVE an t-acrainm Béarla a thugtar air de ghnáth.
Bunaíodh an togra in 2020 chun beartais fhrithimeaglaithe na nGardaí agus eagraíochtaí stáit eile a chomhordú ach is i mbliana a d’fhoilsigh sé a chéad tuairisc.
Thug an tuairisc, a foilsíodh i mí na Bealtaine, le fios:
Gur cuireadh na Gardaí agus seirbhísí stáit eile ar an eolas faoi imeaglú 1,027 duine mar gheall ar dhrugaí in 2024-25.
Go rabhthas ag bagairt ar dhaoine fiacha drugaí suas le €20,000 a ghlanadh agus gur níos lú ná €5,000 a bhí á lorg i gcás 23 daoibh.
Gur bhain an t-imeaglú le bagairt ar shábháilteacht daoine aonair (64.2%) agus teaghlach (23.8%). I measc na mbagairtí eile: damáiste a dúradh a dhéanfaí d’ionaid chónaithe, brú a chuirfí ar dhaoine a bheith páirteach i ngnóthaí coiriúla agus brú gnéasach.
Gur i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí ar 42.8% de na daoine a imeaglaíodh ach go raibh daoine á n-imeaglú ar fud an stáit.
Bhí idir fhearg agus imní san aer agus dúnmharú mhuintir English á phlé sa Dáil Déardaoin. D’iarr David Cullinane ó Phort Láirge, a labhair thar ceann Sinn Féin, ar an rialtas an tacaíocht a thugtar do theaghlaigh a ndéantar imeaglú orthu a athbhreithniú. D’iarr sé freisin go ndéanfadh an rialtas cur síos an tseachtain seo chugainn ar gach a bhfuil á dhéanamh chun déileáil le himeaglú a bhaineann le drugaí.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachracha, Helen McEntee, a labhair ar son an rialtais, go ndúisíonn eachtraí uafásacha dá leithéid ceisteanna faoinar tharla agus faoi shocruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun daoine eile a choinneáil beo. Thoiligh sí na ceisteanna a chuir David Cullinance a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan.
Is díol suntais é, má chuimhnítear ar an teas agus an tarcaisne a spreagtar agus an Taoiseach á cheistiú ag Mary Lou McDonald, an mheasarthacht agus an staidéarthacht a bhí i réim agus an bheirt ag plé an uafáis sna Déise.
Is bocht an scéal é mar sin féin nár reáchtáladh díospóireacht am ar bith le sé mhí anuas chun éifeachtacht na mbeartas atá i bhfeidhm chun tacú le daoine atá faoi imeaglú a chíoradh.
Ag comhdháil a reáchtáil DRIVE i bPort Laoise Dé Céadaoin, dúirt an bleachtaire ceannfoirt Sé McCormack go raibh seirbhís tacaíochta rúnda acu chun comhairle a thabhairt do dhaoine atá faoi bagairt. D’admhaigh sé, áfach, nach dtéann go leor daoine a imeaglaítear chun cainte leis na Gardaí in aon chor.
Mar is eol do gach Teachta Dála agus mar is eol do gach duine stuama sa tír níl réiteach simplí ná sciobtha ar leathadh na heagla a eagraíonn dronga drugaí. Ach ní féidir neamhshuim a dhéanamh den chontúirt uafásach atá ag bagairt ar dhaoine – contúirt a bhfuil cur síos tomhaiste uirthi sa tuairisc nár phléigh an Dáil.
Chuirfeadh imeaglú forleathan – agus úsáid fhorleathan drugaí atá á thiomáint – imní as cuimse ar dhuine ar bith. Is fiú cuimhneamh mar sin ar ar tharla tar éis do bhuíon coirpeach an t-iriseoir Veronica Guerin a dhúnmharú i 1996.
Spreag dúnmharú mná a chuir a beatha féin i mbaol agus coireanna na ndrong drugaí á bhfiosrú aici fearg agus alltacht ar Theachtaí Dála – mar is cuimhin leis an iriseoir seo agus scéal an uafáis á fhógairt ag an Taoiseach cráite, John Bruton sa Dáil.
Is fiú cuimhneamh ar a ndearna an rialtas agus na Gardaí ina dhiaidh sin mar chúis dóchais anois. Cuireadh dlús ar go leor bealaí leis an bhfeachtas in aghaidh na gcoirpeach eagraithe agus chuaigh foras nua, an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB), sa tóir ar a saibhreas roimh dheireadh 1996.
Ní bheidh deireadh go deo leis an troid in aghaidh na gcoirpeach. Ach in ainneoin na heagla a chothaíonn siad, níl aon rogha ag an stát ach dlús a chur leis an troid ina gcoinne agus leis an tacaíocht a thairgtear do dhaoine atá i mbaol.
Fág freagra ar 'Ní go sciobtha a mhaolófar an eagla a chothaíonn coirpigh ach ní foláir beartais ina gcoinne a neartú'