DIALANN TUAIRISC: Leithscéalta faoi phleananna buile don Ghaeilge, Leabhair is Lattés, ateangaire san ospidéal, na Béarlasaurs!

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Leithscéalta faoi phleananna buile don Ghaeilge, Leabhair is Lattés, ateangaire san ospidéal, na Béarlasaurs!

Leithscéalta seiftiúla faoi phleananna buile don Ghaeilge

Feictear do Dialann Tuairisc go bhfuil na polaiteoirí ag éirí níos seiftiúla lena gcuid leithscéalta faoi chás na Gaeilge, sin nó ag éirí níos seafóidí atá siad.

Braitheann sé is dócha ar an ngoile atá agat don gcacamas.

Aire na Gaeltachta Dara Calleary, an chéad duine a chuir cos i bhfeac agus aghaidh dhána air féin. Agus an t-ardú suarach ar phota na Gaeilge sa Bhuiséad á chosaint aige, dúirt Calleary go bhfuair lucht na teanga ardú suntasach anuraidh.

Sin an gnáth-leithscéal, ach chuaigh Calleary céim níos faide. Thug sé le fios go mbeadh méadú mór ann arís an bhliain seo chugainn i mBuiséad 2028.

Ní foláir gur ag fear Mhaigh Eo atá an chraobh don gheallúint bhuiséid is luaithe riamh.

Ní fios an ndéanfaidh sé beart de réir a bhriathair, ach idir an dá linn níl de shólás ag lucht earnáil na Gaeilge ach dóchas Del Boy: ‘This time next year we’ll be millionaires!’

Ba é an t-aire stáit Charlie McConalogue an dara polaiteoir a chuaigh i bhfeidhm orainn lena chuid leithscéalta an tseachtain seo.

Bhí Charlie ag cosaint phlean buile an Rialtais an reachtaíocht a leasú chun go mbeadh cead cúigear nach mbeadh aon Ghaeilge acu a chur ar Chomhairle Lucht Féachana TG4.

‘Something of an experiment’ a thug Charlie go réchúiseach ar an leasú áiféiseach.

‘Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!’ mar a deir mana Sheachtain na Gaeilge.

Ba dhóigh leat go raibh sé ag caint ar dhath liath níos éadroime a chur ar bhallaí na cistine nó síntiús a fháil do An Timire.

Ach ní hea, ag iarraidh moladh gan dealramh a dhaingniú i ndlí na tíre a bhí sé.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

‘I have English, but not yours…’

Agus cearta teanga go mór sa nuacht d’fhoghlaim cara le Dialann Tuairisc ceacht tábhachtach le gairid istigh in ospidéal na hollscoile i gcathair dhátheangach na Gaillimhe.

Ag déanamh teanga idir seanduine aitheantais agus an dochtúir a bhí ár gcara agus an t-othar dall ar chaint an dochtúra mhánla. Agus an t-ateangaire deonach á aistriú don othar dúirt an dochtúir: ‘Have you no English?’

‘I do,’ arsa an t-othar, “but not your English.”

Arsa an t-ateangaire leis an dochtúir: ‘Have you no Irish?’

‘I do,’ arsa ise, ‘but not your Irish!’

‘Nach in é anois é,’ arsa an t-othar.

“Ag caint ar Ghaeilge chuile lá ar an raidió agus an teilí agus nuair a bhailíonn tú soir Bearna… ‘Have you any English’?”

***

Leabhair agus Lattés i gCeatharlach

Ní hé ‘Ceatharlach’ an contae a bheadh ar bharr a ghoib ag duine dá n-iarrfaí air liosta de na contaetha is mó a mbeadh sé ag súil leis an nGaeilge a aimsiú ann, ach dá gcuimhneofaí nóiméad ar an gceist níorbh fhada go rithfeadh an Fhéile Pan-Cheilteach, an t-údar Eoghan Ó Tuairisg, bainisteoir an Fhoclóra Nua Cormac Breathnach, agus ar ndóigh Bríde de Róiste féin.

Tá an Ghaeilge le fáil i gCeatharlach ach í a lorg. Scaití ní gá a bheith á lorg, fiú, agus titfidh tú sa mhullach uirthi. Is mar sin a tharla dom féin cúpla seachtain ó agus Dialann Tuairisc ar cuairt ag Lucht Ite na Scailliún cois na Bearú. Ní raibh aon súil agam leis an siopa nua ‘Leabhair agus Lattés’ ar Mhargadh na bPrátaí i mbaile Cheatharlach.

Caifé beag gleoite ina ndíoltar, bhuel, leabhair agus lattés. Tá boird agus cathaoireacha compordacha ar thaobh na láimhe clé agus ar thaobh na láimhe deise aimseoidh tú leabhragáin lán leabhair Ghaeilge agus leabhair faoin nGaeilge. Tá seomra léitheoireachta beag teolaí i mbarr an tí freisin a bhfuil a thuilleadh leabhar agus toilg dheasa ann.

Chonaic Dialann Tuairisc ar na fógraí a bhí crochta san fhuinneog go bhfuil an caifé nua ina shórt mol d’imeachtaí Gaeilge i gCeatharlach agus roinnt mhaith ócáidí beartaithe sna míonna amach romhainn.

An rud is mó a chuir gliondar ar chroí Dialann Tuairisc, áfach, ná gur chualamar an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha agus go líofa ní hamháin i measc na foirne ach i measc na gcustaiméirí freisin. Tá roinnt mhaith cuairteanna tugtha againn ar Cheatharlach i gcaitheamh na mblianta ach cé is moite d’ócáidí Gaeilge, dála na Féile Pan-Cheiltí, níor chualamar duine ar bith á labhairt ‘san fhiántas’, mar a déarfá.

Sa chaifé beag an mhaidin fómhair sin, áfach, bhí trí ghrúpa á spalpadh – beirt bhan sna fichidí, lánúin sna caogaidí, agus máthair óg lena clann. Níor aimsigh mé áit i mBaile Átha Cliath ná i mBéal Feirste féin fós ina bhféadfaí siúl isteach ann agus an oiread sin strainséirí a chloisteáil ag labhairt na Gaeilge.

Gura fada buan Leabhair agus Lattés!

Maitiú Ó Coimín

***

Fainic na Béarlasaurs!

Fainic thú féin ar na Béarlasaurs! Dineasáir iad atá ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeilge, de réir chluiche físe nua do pháistí atá á fhorbairt ag forbróir bogearraí i mBéal Feirste.

Tá súil ag Ryan Carlin, dearthóir as Béal Feirste, go mbeidh a chluiche nua ‘The Last Gaeltacht’ ar fáil in am do Sheachtain na Gaeilge 2027, ar ríomhairí deisce agus uirlisí soghluaiste.

Tá sé beagnach deich mbliana ó chuir Ryan tús leis an obair ar an gcluiche nua seo a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge agus cluichí físe a nascadh le chéile ar bhealach spraíúil agus oideachasúil le go mbeidh páistí ag cur barr feabhais ar a gcuid Gaeilge.

Cluiche do bheirt imreoirí is ea ‘The Last Gaeltacht’ atá suite i ndomhan ina bhfuil an Ghaeilge beagnach imithe as an saol, gan fágtha ach Gaeltacht amháin atá i bhfolach in Éirinn. Tarlaíonn tubaiste nuair a théann na Béarlasaurs á tóraíocht agus iad ag iarraidh deireadh a chur léi.

Fágtar faoi bheirt laochra í a shábháil agus an Ghaeltacht dheireanach a chosaint. Is iad na laochra sa gcluiche ná Rua Óg, sionnach atá ina shiombail den ghlúin óg cainteoirí Gaeilge, agus Paidí, seanchrogall, atá ina shiombail de na daoine a d’iompair lóchrann na teanga i gcaitheamh na mblianta.

Taistealaíonn siad trasna na hÉireann, ag trodaíocht in aghaidh a naimhde le camáin agus liathróidí peile agus iad ag bailiú focail Ghaeilge agus seanfhocail ar an mbealach. An éireoidh leo an lámh in uachtar a fháil ar na Béarlasáir?

Bridget Bhreathnach

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Leithscéalta faoi phleananna buile don Ghaeilge, Leabhair is Lattés, ateangaire san ospidéal, na Béarlasaurs!'