Ar mo bhealach ar ais as Gaillimh an tráthnóna cheana, bhí mé ag machnamh ar an gcaidreamh a bhíonn idir athair agus iníon. Ní mórán a scríobhtar faoin gcaidreamh áirithe sin, mheas mé. Is mó i bhfad a chloisfidh tú faoi mháithreacha agus a ngaol siúd lena gcuid páistí. Cén chúis atá leis sin, bhí mé ag rá liom féin.
Bhí an dráma an oíche roimhe sin, A Moon for the Misbegotten le Eugene O’Neill, tar éis a dhul i fheidhm orm ar bhealach nach raibh súil agam leis. Druid na Gaillimhe a chuir ar an stáitse é.
Gael-Mheiriceánach ab ea an drámadóir Eugene O’Neill. Dráma láidir atá ann. Agus cé gur rugadh an scríbhneoir i Meiriceá tá blas láidir Éireannach ar an léiriú. Go deimhin léigh mé sna nótaí nár thaitin sé an oiread sin le lucht féachana Mheiriceá, go háirithe i measc na nGael, nuair a cuireadh ar an stáitse é i 1947.
Bhí an caidreamh idir an t-athair agus an iníon ina chuid lárnach de scéal an dráma, cé nár léir go raibh siad mór lena chéile ar chor ar bith. Cúrsaí tionóntachta agus cúrsaí talún a bhí i gcroí an scéil agus de réir a chéile nochtadh carachtair an athar agus na hiníne ar bhealach nach raibh an-soiléir ag an tús.
Bíonn drámaí Eugene O’Neill crua ar an lucht féachana. Caithfidh tú a bheith in ann suí ar do chompord ar feadh trí uair an chloig ag an gceann áirithe seo agus má imíonn duine amach, ní ligfear ar ais iad.
Tá cosúlachtaí áirithe idir an ceann seo agus Long Day’s Journey Into Night leis an drámadóir céanna . Bhí mé ag déanamh amach go mb’fhéidir go bhfuil drogall ar léiritheoirí agus stiúrthóirí méar a leagan ar an script nó aon rud a dhéanamh a ghiorródh an scéal. Is mór an chabhair an peann luaidhe gorm scaití.
Ach seans gurb in é an fáth – chomh láidir is a bhí an dráma – go raibh mé fós ag cur is ag cúiteamh faoi scéal na hiníne agus a hathar agus mé ag déanamh mo bhealach isteach i Circle K, an stáisiún peitril gar d’Áth Luain.
Casadh an bhean óg orm agus mé ag dul isteach i seomra na gcailíní. Níor thug mé mórán suntais di ar an gcéad amharc. Ach chuir rud éigin fúithi isteach orm.
Chas mé ar ais.
‘Bhfuil cabhair uait?’ Ní raibh. Ach fós…
Shín mé amach m’uillinn. ‘An dtiocfaidh tú isteach sa seomra folctha liom?’ a d’fhiafraigh mé.
Tháinig sí liom. Ba léir go raibh deacrachtaí cumarsáide aici. Ach bhí sí léi féin. Mar sin mheas mé go raibh sí ceart go leor. Ach arís bhuail an imní mé nuair a chuaigh mé amach. B’fhéidir go mbeadh sí glasáilte istigh sa leithreas agus gan í in ann a rá le héinne céard a bhí mícheart? D’fhill mé agus d‘fhan gur tháinig sí amach.
Agus nuair a leaindeáil muid ar ais i lár McDonald’s rith sí anonn chuig fear a bhí ina sheasamh ansin. ‘Sin é mo Dheaide,’ arsa sise. Agus thug sí barróg mhór don fhear.
Tar éis tamaill tháinig an bheirt acu chomh fada linn. Ghlac sé bhuíochas liom nuair a thuig sé gur mé a rinne tionlacan ar a iníon chuig seomra na mban. Mheas mé go mb’fhéidir nárbh é an chéad uair a thug strainséir cabhair di.
Bhí fonn cainte air. Athair singil a bhí ann – scar sé féin agus a bhean céile blianta roimhe sin.
‘Is mise cúramóir an chailín seo,’ a dúirt sé agus é ag féachaint go ceanúil ar a iníon. D’inis sé dúinn go bhfuil beagnach na 70 bliain slánaithe anois aige féin. As contae an Dúin é ach tá cónaí air anois in oirthear chontae na Gaillimhe. Bhí sé ar a bhealach ar ais go contae an Dúin chun féar a bhaint, a dúirt sé.
‘Tá leoraí ag mo dheaide,’ arsa an cailín go bródúil.
Ní hamháin go raibh leoraí aige, ach d’inis seisean dúinn go bhfuil ocht gcinn de mhótar-rothair aige freisin. ‘Bhuel, cinnte is fear as Tuaisceart Éireann tú,’ arsa an leathbhádóir, a bhfuil tuiscint aige ar na cúrsaí seo.
D’inis sé dúinn gur chlis ar a phósadh agus gur fágadh eisean i mbun chúram na hiníne. ‘Tá sí maith go leor,’ arsa seisean. ‘Tá sí réasúnta neamhspleách.’
Bhí amhras orm féin faoi sin ón gcaoi a raibh sí ina seasamh léi féin sa seomra folctha. Go minic ní bhíonn na comharthaí ná na léaráidí an-soiléir.
D’imigh siad amach go dtí ‘leoraí mo Dheaide’ agus thosaigh mé ag caint le bean taobh liom a chonaic mé níos luaithe.
‘Shíl mise go raibh tusa in éindí leis an gcailín sin,’ arsa mise.
‘Agus shíl mise gur tú féin a bhí in éindí léi,’ arsa sise.
D’inis mé di faoi chás an athar. Bhí an-suim aici ann.
‘Is oibrí sóisialta mise,’ a dúirt sí. ‘Agus bíonn an-suim agam i gcásanna mar sin. Measaim go bhfuil an bhean óg sna tríochaidí.’
Bhí fonn uirthi a fháil amach an raibh tacaíoch ar leith ag tuismitheoirí singil le páiste faoi mhíchumas i dTuaisceart Éireann. Ach bhíodar imithe.
‘Léigh mé faoi fhear ansin le gairid,’ a dúirt sí. ‘Agus thug sé a iníon a raibh míchumas meabhrach uirthi isteach i leithreas na mban. Spréach duine eile de na mná a bhí istigh ann. Thosaigh sí ag glacadh pictiúr de agus ag bagairt é a tuairisciú do na húdaráis.’
‘Céard a d’fhéadfadh mé a dhéanamh?’ a d’fhiafraigh seisean. ‘Má thugaim isteach i leithreas na bhfear í, is measa a bheadh sé mar scéal.’
Thuig mé cén fáth ar fhág an t-athair a iníon taobh amuigh de dhoras an leithris sa Circle K. Bhí trua ag an mbean eile dó freisin.
Nach sciobtha a dhéanann muid breithiúnas ar a chéile? Nach minic a bheireann daoine ar a gcuid fón, chun ‘coir’ nó ‘mí-iompar’ a thuairisciú agus gan tuiscint dá laghad acu ar a bhfuil taobh thiar den scéal.
Agus nach minic a shiúlann muid thar daoine a ghlacfadh le cabhair uainn ach í a thairiscint dóibh?
Agus nach bhfuil tuairim ag gach éinne againn ar an gcaidreamh a bhíonn idir athair agus iníon, bíodh sé maith nó olc? Nach mbíonn a fhios againne ar an bpointe cad é fírinne an scéil i ndáiríre?
Ach amanta bíonn gá le drámadóir chun insint eile a thabairt dúinn ar an scéal.
Fág freagra ar 'Ag machnamh dom ar an gcaidreamh a bhíonn idir athair agus iníon…'