Fágaimis an Buiséad as áireamh na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil go minic nuair a thosóidh seisiún an Fhómhair den Dáil ar 16 Meán Fómhair.
Fágaimis i leataobh freisin an brú a chuirfear ar an rialtas billí leictreachais agus gáis a ísliú mar a rinneadar anuraidh nuair a socraíodh an t-ardú ar cháin charbóin a cuireadh siar go Deireadh Fómhair a chur siar arís.
Cuirimis i leataobh fiú amháin an díospóireacht theasaí a spreagfaidh an bille leis an nglas triarach ar sheoladh na bhfórsaí cosanta thar lear a chealú.
Tugann saoire na Dála faoiseamh nach beag do gach rialtas. Ní féidir iachall a chur ar an Taoiseach ná ar airí eile ceisteanna achrannacha a fhreagairt ó lár mhí Iúil go lár Mheán Fómhair.
Ní tearc, áfach, agus an Dáil ag filleadh ar an 16 Meán Fómhair, na hábhair a d’fhág laethanta saoire na bliana seo mar ábhar ceistiúcháin don fhreasúra.
Seo deich n-ábhar conspóideach a tháinig chun solais i rith atráth an tsamhraidh. Tuilleann a bhformhór réiteach nó freagra.
1 Éagóir gan leithscéal – 21 Iúil
Dheimhnigh an Chúirt Achomhairc gur rinneadh iomrall ceartais nuair a ciontaíodh Osgur Breatnach i robáil ó thraein sna Solláin i gcontae Chill Dara caoga bliain ó shin.
Bhí bliain go leith caite i bpríosún aige nuair a saoradh é i 1980 tar éis don Chúirt Achomhairc Choiriúil cinneadh a dhéanamh nach bhféadfaí a bheith sásta gur lena shaorthoil a rinne sé ráitis agus é á cheistiú ag na Gardaí.
Dúirt Osgur Breathnach, atá 75 bliain d’aois, gur chóir fiosrúchán poiblí a bhunú chun gach a rinne gníomhairí an Stáit sa chás a iniúchadh. Níor thug an rialtas aon fhreagra ar a iarratas.
2 Dlí gan dlíodóirí – 1 Lúnasa
Dhiúltaigh dlíodóirí glacadh le mion-athrú ar an mbunchúiteamh €520 ar obair faoin gcóras saorchúnaimh dlí a chuir an t-aire dlí agus cirt Jim O’Callaghan i bhfeidhm ón 1 Iúil.
Tá na dlíodóirí ag leanacht lena mbaghcat ar obair faoin gcóras ó shin agus imní á cur in iúl ag mórán faoina thionchar ar chearta daoine a thugtar os comhair cúirte – imní a bheadh ina mhórábhar ceistiúcháin agus argóna dá mbeadh an Dáil á plé.
3. Cuairteoir conspóideach – 3 Lúnasa
Tugadh le fios go dtabharfaidh an t-uachtarán Donald Trump cuairt ar Bhaile Átha Cliath agus ar a óstán I nDún Beag le linn reáchtáil an chomórtas oscailte ghailf na hÉireann an tseachtain seo chugainn.
Beidh cruinnithe ar leith aige leis an Taoiseach agus leis an Uachtarán Connolly.
Dá mbeadh an Dáil ag suí bheadh ardán ag an bhfreasúra chun míshásamh le polasaithe Trump, in Gaza go háirithe, a chur in iúl mar a dhéanfaidh an lucht agóide a choinneoidh na Gardaí i bhfad amach uaidh.
4. Faisnéis mhíoiriúnach – 7 Lúnasa
Léirigh cáipéisí a fuair Sinn Féin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur iarr an roinn fiontar ar chomhairleoirí príobháideacha cuid de thuairisc ar lárionaid sonraí a athscríobh.
Gearradh amach abairt a bhí sa chéad dréacht a dúirt go mb’fhéidir go mb’fhearr caiteachas stáit a dhíriú ar thithíocht nó ar an gcóras iompair seachas ar na lárionaid.
Shéan an roinn gur tugadh treoir go n-athrófaí an tuairisc, ach dúirt an feisire Eorpach Lynn Boylan gur léir gur dearnadh “dochtúireacht” air.
5. Príosúin phlódaithe – 11 Lúnasa
Saoradh Alison Chawke ó phríosún Luimnigh ceithre seachtaine ó ciontaíodh í in ionsaí ar bheirt agus ó ghearr an chúirt bliain i bpríosún uirthi.
Tharraing a luathshaoradh aird arís ar phlódú príosún. De réir chuntas laethúil an phríosúin bhí 89 bean faoi choinneáil ann agus gan ach 56 leaba ar fáil dóibh. Thug an cuntas oifigiúil le fios go raibh príosúin eile chomh plódaithe céanna.
Spreag saoradh Chawke caint ar cheisteanna eile. Nárbh fhearr mar shampla tréimhse seirbhíse pobail seachas téarma níos faide i bpríosún a ghearradh ar mhórán?
6 . Tubaiste scanrúil – 16 Lúnasa
Bhain droch-imbhualadh idir dhá charr ar an M9 suaitheadh as daoine ar fud na tíre. Maraíodh cúigear ógánach i gcarr a bhí á thiomáint an treo contráilte agus gortaíodh triúr ban agus páiste sa charr eile.
Spreag an tubaiste tuairimíocht ar oiliúint na nGardaí, ar fheidhmiú an dlí agus Tusla, ar thionchar na meán sóisialta ar dhaoine óga agus ar fhreagracht thuismitheoirí – ábhair a phléifí go tréan i dTeach Laighean dá mbeadh an Dáil ag suí.
7. Córas taisce gan ceistiú – 31 Lúnasa
D’fhoilsigh an tAire Airgeadais Simon Harris sonraí chóras taisce nua a cheadóidh infheistíocht i mbannaí agus i scaireanna agus an cháin a íoctar á laghdú.
Cuireadh fáilte roimh an scéim (a d’fhógair Harris ceithre huaire ar a laghad ó mhí Feabhra) ach dheimhnigh atráth na Dála nár tugadh deis don fhreasúra na sonraí agus an tairbhe do shaoránaigh agus don stát a chíoradh.
8. Éire á cosaint ag bád Breataineach – 1 Meán Fómhair
Níor séanadh tuairisc san Irish Times go raibh long agus héileacaptar ó chabhlach na Breataine ar patról, ar iarratas ón rialtas, amach ón gcósta le linn cruinnithe d’airí cosanta an AE i nGleann na nDraoithe i gcontae Chill Mhanntáin.
Léirigh an scéal arís eile na hacmhainní atá de dhíth ar na fórsaí cosanta. An gcíorfar a n-easpa acmhainní – agus an caiteachas a theastaíonn lena réiteach – agus bille a athróidh feidhmiú ár neodracht mhíleata á phlé idir seo agus an Nollaig?
9. Sábháilteacht ar scútair– 4 Meán Fómhair
Tá riail a chuireann iachall ar úsáideoirí scútair seaicéid sofheicthe agus clogaid a chaitheamh i bhfeidhm ón Aoine agus cosc ar úsáideoirí faoi 18 geallta faoi thús mhí Dheireadh Fómhair ar a dheireanaí.
Níor tugadh deis don Dáil fiúntas na n-athruithe a phlé fós. Ná na ceisteanna a dhúisíonn siad: mar shampla, conas a bhéarfaidh na Gardaí ar dhaoine a thiomáinfidh scútair os cionn 20 km/u (an uasteorainn dlíthiúil)? Agus conas a dheimhneofar nach ndíoltar scútair atá in ann gluaiseacht thar an teorainn?
10. Agus ar deireadh: peil – 26 Iúil
Bhuaigh peileadóirí Mhaigh Eo Craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 1951.
Marach an Dáil a bheith ar saoire bheadh leathuair an chloig – ar a laghad – caite ag na polaiteoirí agus iad in iomaíocht lena chéile chun comhghairdeas á dhéanamh leis na buaiteoirí.
Thabharfaí an chéad deis labhartha gan dabht do cheannairí na bpáirtithe. Ach chaithfí cead molta a thabhairt do Theachtaí Dála uile an chontae chomh maith. Gan trácht ar gach Teachta Dála a thug cuairt ar an gcontae riamh.
Ní foláir tagairt d’ábhar cainte eile a phléifear go minic i dTeach Laighean idir seo agus deireadh na bliana. Fiú más eatarthu féin a bheidh Teachtaí agus seanadóirí Fhianna Fáil ag cur is ag cúiteamh faoi cheannaireacht an pháirtí.
An éireoidh Micheál Martin as post an Taoisigh sara rachaidh Simon Harris i gceannas ar an rialtas arís i mí na Samhna an bhliain seo chugainn?
Beidh a pháirtí toilteanach go deireadh ré uachtaránacht na hÉireann i mí Eanáir ligean don Taoiseach machnamh ar am imeachta is oiriúnaí dó féin.
Ach ina dhiaidh sin ní mhairfidh a bhfoighne rófhada.
Fág freagra ar 'Ní beag líon na n-ábhar achrainn ar fhilleadh na Dála'