Tá os cionn €62 milliún breise á lorg ag Conradh na Gaeilge don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbuiséad na míosa seo chugainn.
Bhí cruinniú inné ag an eagraíocht teanga leis an Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers faoi Bhuiséad 2027.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc gur cruinniú “tairbheach agus fiúntach” a bhí ann.
Chuir an eagraíocht i láthair an aire a gcás gur gá “tosaíocht i bhfad níos mó a thabhairt don teanga”.
Cuireadh faoi bhráid an aire moladh go gcuirfí 0.4% de chaiteachas iomlán an Stáit ar leataobh don Ghaeilge amach anseo, seachas an 0.17% a chaitear faoi láthair uirthi.
San aighneacht réamhbhuiséid a d’ullmhaigh an Conradh don aire moltar go gcuirfí €23 milliún breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta in 2027, ag áireamh ardú €15 milliún i mbuiséad caipitil na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.
Tá €650,000 á lorg chun rannóg tithíochta a bhunú in Údarás na Gaeltachta agus €4 milliún á lorg chun scéim deontais tithíochta a bhunú agus pleananna ‘tithíochta agus daonra’ a ullmhú. Tá €3.3 milliún á éileamh don phleanáil teanga agus do na comharchumainn Ghaeltachta chun tuarastal “cothrom” a chur ar fáil d’oifigigh pleanála teanga agus bainisteoirí agus chun daoine breise a earcú.
€5.3 milliún atá á éileamh ag an gConradh d’Fhoras na Gaeilge le caitheamh ar an bpleanáil teanga agus lárionaid Gaeilge i measc rudaí eile. €500,000 atá á lorg do na meáin Ghaeilge a fhaigheann maoiniú ón bhForas, Tuairisc san áireamh.
Tá an Conradh ag iarraidh go gcuirfí €18.3 milliún a leataobh sa bhuiséad do Roinn na Gaeltachta féin. Moltar go gcaithfeadh an Roinn €13 milliún den airgead sin lasmuigh den Ghaeltacht ar lárionaid Gaeilge, straitéis dhigiteach na Gaeilge agus tograí eile. Chaithfí an €5.3 milliún eile sa Ghaeltacht ar thacaíocht a thabhairt do na coláistí samhraidh, na naíonraí agus teaghlaigh a bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge acu.
€10 milliún breise atá á lorg ag Conradh na Gaeilge do TG4 i mBuiséad 2027, mórán an méid céanna is atá á lorg ag an stáisiún teilifíse féin ina n-aighneacht réamhbhuiséid. Tá €1.2 milliún á lorg chun Raidió Rí Rá a chraoladh mar stáisiún FM, aisling sheanbhunaithe ag Conradh na Gaeilge.
Deir Conradh na Gaeilge go mbeadh €4.6 milliún breise ag teastáil ó na húdaráis agus eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta chun na pleananna atá luaite leo san aighneacht a riaradh. Chaithfí cuid den airgead sin chomh maith ar fheidhm a thabhairt d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, a deirtear.
Deir an Conradh go bhfuil éagóir á déanamh le fada ar eagraíochtaí Gaeilge.
“Le maoiniú Roinn na Gaeltachta agus TG4 le chéile, tá thart ar 0.17% de chaiteachas an Stáit caite orthu. Léiríonn seo
bonnleibhéal maoinithe i bhfad ró-íseal thar na blianta agus caithfear dul i ngleic leis seo le cothromaíocht a thabhairt don
Ghaeilge agus don Ghaeltacht,” a deirtear.
Luaitear go bhfuair an Chomhairle Ealaíon seacht n-oiread níos mó maoinithe ná Foras na Gaeilge anuraidh. Deirtear go bhfuil buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta 36% níos lú ná mar a bhí in 2008 agus go bhfaigheann an cainéal teilifíse S4C sa Bhreatain Bheag breis is €100 milliún sa bhliain, i bhfad níos mó ná an €65.5 milliún a bhí ag TG4 i mbliana.
Fógraíodh ardú suntasach ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2026.
€25 milliún breise, ardú 23%, a cuireadh ar leataobh do Roinn na Gaeltachta.
Airgead caipitil a bhí i €13 milliún den airgead breise sin, €7.5 milliún d’fhorbairt Ionad Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair agus €5.3 milliún d’fhorbairt Áis Oideachais agus Óige nua in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara.
Fógraíodh ardú €5.376 milliún, nó beagnach 10%, do TG4 sa bhuiséad deireanach.
Fógrófar Buiséad 2027 ar an 6 Deireadh Fómhair.
Fág freagra ar 'Cás do €62 milliún breise don teanga curtha i láthair an aire caiteachais phoiblí'