‘Machnamh’ le déanamh ag TG4 faoi bhrí a mhana ‘Súil Eile’ agus an stáisiún ag ceiliúradh 30 bliain

Deir ardstiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín go bhfuil an deis ag TG4 ‘machnamh’ a dhéanamh ar na hathruithe atá tagtha ar na meáin agus ar mhianta a lucht féachana agus deich mbliana fichead slánaithe ag an stáisiún

‘Machnamh’ le déanamh ag TG4 faoi bhrí a mhana ‘Súil Eile’ agus an stáisiún ag ceiliúradh 30 bliain

Ardstiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín. Pictiúr: Sasko Lazarov/© RollingNews.ie

Tá “machnamh” le déanamh ag TG4 ar an mbrí atá le mana an stáisiún Gaeilge ‘Súil Eile’ agus earnáil na teilifíse athraithe go mór ó bunaíodh an stáisiún 30 bliain ó shin, dar leis an ardstiúrthóir Deirdre Ní Choistín.

Agus í ag labhairt ag seoladh Sceideal an Fhómhair i Staid Dexcom i gcathair na Gaillimhe inné, dúirt Ní Choistín go bhfuil an deis ag TG4 “machnamh” a dhéanamh ar na hathruithe sin, ar an méid atá ag teastáil óna lucht féachana, agus an ar an mana cáiliúil a cheap iar-leascheannasaí TG4 Pádhraic Ó Ciardha don stáisiún sna 1990idí.

“Agus muid ag teannadh le 30 bliain ó bunaíodh TG4 i mbliana, is deis dúinn é machnamh a dhéanamh ar an athrú atá tagtha ar na meáin ó 1996 agus an ceangal atá againn leis an lucht féachana. Táimid i ré na rogha, rogha ábhar don lucht féachana ar gach ardán ó na hardáin sruthaithe dhomhanda, na meáin seirbhíse phoiblí, na meáin shóisialta, agus ardáin eile.

“Tá nósanna agus bealaí féachana an lucht féachana athraithe ó bhonn. Is deis dúinne é in TG4 machnamh a dhéanamh ar céard is brí le mana TG4, ‘Súil Eile’, i ré na rogha, agus le tuiscint níos fearr a fháil air sin rinneamar taighde a choimisiúnú i mbliana le deimhniú céard atá á lorg ón lucht féachana ó Tg4 sa ré ilardáin,” a dúirt Ní Choistín.

Mhaígh sí gur “tuar dóchais” don stáisiún torthaí an taighde sin agus gur léiríodh ann go bhfuil TG4 “ar an mbóthar ceart”. Dúirt sí go mbeadh “ról lárnach” ag torthaí an taighde i straitéis TG4 agus sna cinntí coimisiúnaithe a dhéanfar amach anseo.

Dúirt an t-ardstiúrthóir go bhfuil an “leagan amach nua” atá ar sceideal TG4 an fómhar seo bunaithe ar an taighde a coimisiúnaíodh, “ar mhianta an lucht féachana, agus an bealach a bhfuil daoine ag breathnú ar ábhar sa ré ilardáin”. Dúirt sí go gcinnteodh an leagan amach nua “go bhfuil an tSúil Eile lárnach i dtodhchaí TG4”.

Mana é ‘Súil Eile’ atá in úsáid ag an stáisiún Gaeilge ó aimsir a bhunaithe, nuair a thugtaí Teilifís na Gaeilge nó ‘TnaG’ ar an gcainéal. Agus é ag labhairt ar an mana a chum sé, dúirt Pádhraic Ó Ciardha gur léirigh sé “fealsúnacht an stáisiúin”.

“Sin an dá fhocal a rith liomsa a thuigfeadh chuile dhuine agus a thabharfadh le fios nach mbeadh an rud seo mar a bhí daoine ag súil leis a bheith agus go raibh ábhar dóchais ann freisin.

“Bhí mé ag iarraidh an dá chiall leis an bhfocal ‘súil’ a chur ann, sin go raibh an tsúil, agus an léargas agus an aisling agus an fhís ann, ach chomh maith leis sin gur ábhar dóchais é don náisiún agus don teanga agus do na daoine a bhí ag plé leis, go raibh ‘súil eile’, go raibh dóchas eile le fáil as an stáisiún seo,” a dúirt sé.

Agus í ag trácht ar an taighde a choimisiúnaigh TG4 i mbliana, dúirt Deirdre Ní Choistín gurb é an príomhrud a tháinig ón taighde ná gur “bród an mothúchán is mó a airíonn an lucht féachana” nuair a bhreathnaíonn siad ar TG4.

“D’fhiosraigh muid freisin céard é an chúis atá acu breathnú ar ábhar agus trí chéile, trasna gach aoisghrúpa agus gach lucht féachana, siamsaíocht agus mothúcháin a rialú atá á lorg thar aon rud eile,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Machnamh’ le déanamh ag TG4 faoi bhrí a mhana ‘Súil Eile’ agus an stáisiún ag ceiliúradh 30 bliain'