Diarmuid Johnson
Leabhar Breac
Ceann de na nithe is suimiúla faoin úrscéal nua staire le Diarmuid Johnson ná go bhfuil sé ar fad ráite sa bhrollach. Ceart go leor, ní fíor é sin ar fad, ach más achoimre atá uait, is ann atá sé. Aon leathanach amháin ina n-instear dúinn cad tá romhainn sa chuid eile den leabhar, agus is maith ann é, óir is leathan, fairsing, scóipiúil an insint í. Agus mar is dual do Dhiarmuid, is é atá ina mháistir ar bheatha na linne a ghabh tharainn a athdhathú is a nuachruthú dúinn i bhfriotal lánoiriúnach ar macalla é ar urlabhra agus ar ghnáis na huaire a bhfuil trácht air sa scéal.
Is é atá in An Cláirseoir (Leabhar Breac €16) ná sága fad nach mór céad bliain ar an tréimhse go díreach sular leag na Normannaigh a spága troma ar thalamh méith na hÉireann. Tá de dhifear mór ann, áfach, ná gur i ndeisceart na Breataine Bige (mar atá againn inniu air) is mó a tharlaíonn na heachtraí, agus nach bhfuil in Éirinn ach ball eile ar imeall na slí, seachthuairim a mbeidh tábhacht léi ar ball. Cláirseoir, mar a thuigfí ón teideal, atá ag insint an scéil, mar ba é a bhí mar fhinné fada ar imeachtaí ‘Gearalt de Windsor agus a chine’ arb iad is ábhar a chuntais.
Samhlaím gurb é atá anseo againn ná údar le samhlaíocht ag cur feola ar chnámha annála. Agus go deimhin, tá annála ar chúl an leabhair, cuntas lom ar ar tharla do na Normannaigh i rith na tréimhse seo. Ach is daoine a chasann umainn in úrscéal, pearsana ar mó iad ná na heachtraí a tharlaíonn dóibh. Agus scéal eachtraíochta é seo lomlán le gaiscígh agus le bligeaird na staire, scéal gabháltais, ionsaithe ar chaisleáin, pósadh mar ghníomh polaitiúil, scéal éada, sainte, beartaíochta idir naimhde agus siar síos tríd casaimid le daoine a bhí ann dáiríre, an rí Annraoi ba thrúig trioblóide dá lán, Diarmuid Mac Murchadha na nGall, agus gan amhras, Richard fitz Gilbert de Clare nó Strongbow mar is fearr aithne againne air. Oscailt súl agus meoin dúinn a chastacht is a bhí na himeachtaí a rabhadar snaidhmthe iontu – ‘Is sioscarnach síormhalartach atá i gcúrsaí comhghuaillíochta: Breatnaigh agus Normannaigh, Gaeil agus Danair.’ Abairtear é!
Tá an scéal suimiúil ann féin mar a bhíonn eachtraí stairiúla ar bith, ach tuigimid nach é sin an ghné is túisce go gcuirfimid suntas ann in aon saothar le Diarmuid Johnson. Focal tuirsiúil ann féin é an focal ‘stíl’ le trácht a dhéanamh ar cháilíocht faoi leith na scríbhneoireachta, ach níl a mhalairt againn. Cleachtar ár nGaeilge go léir mar atá againn anois gan amhras, ach ar chuma a bhfuil macalla tríthi de Ghaeilge na linne inar tharla an scéal. Ealaín faoi leith í sin, a bhfuil sé saineolach cruinncheirdiúil uirthi.
Gearalt ag éalú ó ghabhal múnbhracháin caca: ‘De sheacht dtruisle agus de longadáil mhór ghéagspréite, ráinig sé go bruach na habhann scór slat ó thuaidh. Sheas. An aill ar thaobh a chiotóige. An caisleán ag éirí go haer i ndubh na hoíche. Steall de sholas na gealaí ar an spéir mar a bheadh steall leamhnachta ar leic. Callán na troda ag dul i léig ar chlós an chaisleáin.’
Agus ní flóisíní fileata aon phioc de seo. Tá saineolas ó thaighde nó ó chleachtadh pearsanta laistiar de: ‘As adhmad na gcrann iúir a dhéantar an bogha saighdiúireachta. Sin é an t-adhmad is fearr. Is é is fearr agus is é is deise: an loinnir luachdhearg; an croí sméardhubh; na fáinní dlútha…Tá lúbadh ann. Tá ligean ann. Tá teilgean ann. Tá fras uafáis agus sceoine ann.’
Is é sin, cé go bhfuil athchruthú agus athbhlaiseadh á thabhairt dúinn ar an dara haois déag, is úrscéal nua-aimseartha i gcónaí é, óir ní bhfaighfí an saghas cur síos in aon scéal de chuid na linne sin is a fhaightear anseo. Ar oíche bhainise Ghearailt deirtear linn go raibh ‘meisce na seirce’ air. ‘Nó meisce fíona. Nó a dhóthain den dá mheisce. Rug sé greim cúl muiníl ar Nest agus phóg a béal go fliuch. D’airigh sé an teaspach ag éirí ann. An chuisle ina bhall fearga.’ Ní Diarmuid ó Duibhne atá againn anseo ina leapacha éagsúla ar shliabh gan insint léir.
Bíodh sin mar atá, is friotal sainiúil dá chuid féin atá ceaptha aige le dul i ngleic leis an dá thráth, leis an dá aois. An malartú obann idir abairtí gonta giorraisce agus síneadh focal níos faide, an comhrá dúchais ina bhfuil an ghearrchaint in uachtar, na sleachta fileata le turas nó taobh tíre nó dúlra a chur inár láthair. Fairis sin, cuid dá chrann tabhaill is ea na comhfhocail a thugann speach don insint agus ar leis féin go dílis iad, ciúta ar bhain an Ríordánach, Ó Rathaille agus Ó Bruadair earraíocht as – bíogtharraingt, faobharghlé, sméidmhilis, turcheolmhar, snámhrince, drámhchumadóireacht, fioschríonna, straoisphlámásach, caochphóirseáil agus tuilleadh.
Is i leataoibh na slí a thagann Éire isteach, fág go bhfuil sí ann an t-am ar fad. Tá cuairt faoi leith ar Dhuibhlinn i dtosach an scéil a chuireann an eachtraíocht ag gluaiseacht, agus is ag téisclim chun imeachta atá an t-arm ‘Ridirí, saighdeoirí, coisithe. Normannaigh, Breatnaigh, Pléimeannaigh, Briotanaigh, Sacsanaigh,’ agus iad réidh ullamh chun gluaiste ag deireadh an leabhair.
Tá taobh na hÉireann den ionradh sin inste minic go leor sa Ghaeilge. Is é a rabhamar dall air ná cad a bhí ar siúl trasna soir uainn. Bíonn réamhscéal ag gach mórimeacht de chuid na staire, agus bíonn réamhscéal eile ag an réamhscéal sin chomh maith céanna. Lúb de lúba an tslabhra sin atá á ríomh anseo go heolgaiseach, go tuisceanach, go dearscnach, óir is máistir ar an úrscéal staire é Diarmuid Johnson a iompraíonn a chuid eolais fhorleathain agus a chuid taighde mhionchúrsaigh go héadrom agus go seolta.
Fág freagra ar 'Máistir ar an úrscéal staire ag cur feola ar chnámha annála'