Arb é fearacht Fhú na Crí é ag cuimse bailte fearainn faoin tuath?

Tháinig an t-am d’ Fhú na Crí nuair nach raibh ach teach amháin fanta a raibh duine den dúchas ann

Arb é fearacht Fhú na Crí é ag cuimse bailte fearainn faoin tuath?

Nuair a imíonn an chraobh, imíonn an duilliúr.

Ag feosaíocht atá an chraobh i bhFú na Crí. Is gearr a bheidh lorg ar bith den seanbhláth fanta. Ach cé a thabharfadh aird ar Fhú na Crí? Ina dhiaidh sin féin, níl ann ach baile fearainn i bhfolach ón saol i gCloch na Rón i gConamara. Mairfidh an tír agus an saol mór go maith dá uireasa. B’fhéidir gur mar sin a dhéanfaí cur síos ar an mbaile beag ar thaobh cnocáin, ar imeall an Atlantaigh Fhiáin. Ní bhainfidh a dhíothú, ná a bhás, cor as cleite i scéal na heacnamaíochta.

Níos scanrúla fós do mhuintir na tuaithe, b’fhéidir gurb é an dearcadh céanna sin a bheadh ar bhailte sceirdiúla agus sléibhtiúla eile.

Céard a bhain don díorma tuaithe i bhFú na Crí?

Gaeltacht a bhí i bhFú na Crí tamall den saol. Bhí Gaeilge ann dáiríre. Gaeilge a bhí acu uilig de réir an Daonáirimh i 1901, cuid acu nach raibh Béarla ar bith acu. Bhí Gaeilge ag 80% in 2026. Anois?

Bhí scoil Náisiúnta in aice láithreach, Scoil an Mhuirbhigh. Bhí croí agus cuisle i bhFú na Crí. Bhí cónaí i seacht dteach ann agus muiríneacha móra iontu, rud a bhí amhlaidh ar fud na tuaithe san am. Coinníodh doirse na scoile oscailte. Ba as Fú na Crí a bhí tromlach na ngasúr ag teacht san aimsir dheiridh – dháréag clainne in dhá theach agus deichniúr i dteach eile. Ach bhí athrú saoil ar an mbealach. Ní raibh obair thairbheach ar fáil agus ní raibh maireachtáil le déanamh i bhFú na Crí. D’imigh an óige, a bhformhór ar imirce. Cuireadh glas ar Scoil an Mhuirbhigh i 1955.

Tháinig an t-am nuair nach raibh ach teach amháin fanta a raibh duine den dúchas ann.

Ba é Séamus Mac Donnchadha an té sin. Fear singil ag maireachtáil ar a aghaidh féin, ag obair leis ar na seanbhealaí agus dream dúchasach an bhaile i bhfad ó bhaile, agus i bhfad ó thír. Lá aige sa ngarraí, lá sa gcladach, lá ar an bportach nó gur luigh na blianta ar a cholainn agus ar a chnámha. Shéalaigh Séamus Mac Donnchadha bliain go hAibreán seo caite. Leagadh síos é ar chiumhais na mara i reilig an Ghoirtín. Bhí an taoille tráite i bhFú na Crí.

Anois, tá teach Shéamuis ar an margadh i bhFú na Crí – ‘Million Euro Bungalow’ an branda a chuir nuachtán ar an scéal.

Pé duine nó clann a cheannóidh an teach, go n-éirí go geal leo. Beidh obair le déanamh ar an teach dhá sheomra codlata a tógadh i dtosach sa mbliain 1900. Níl na ceantálaithe á cheilt sin. “Complete refurbishment” – dhéanfadh sé áit dheas chúlsráideach mar theach saoire nó mar theach do theaghlach ar bith. Sin é atá foilsithe ag na ceantálaithe O’Donnellan and Joyce as Gaillimh. Tádar ionraic agus fírinneach ina gcuid cáipéisí díolacháin. Ach cé a bheidh in acmhainn an teach a cheannacht, agus cóir a chur air?

€720,000 a tugadh síos mar bhunphraghas ar an teach agus an talamh. Dúirt na ceantálaithe le gairid go raibh €900,000 curtha air ach gan díolachán déanta fós. Táthar ag teannadh leis an milliún, gan trácht ar an gcostas deisiúcháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh an seachtú teach – chuile cheann ar an mbaile – in úinéireacht lucht tithe saoire.

Ar ndóigh, níl aon bhlas as bealach déanta ag duine ar bith acu seo. Díoladh agus ceannaíodh. Shaothraigh muid na cearta úinéireachta sa tír seo. Níltear ach ag éalú ón mbuncheist má táthar ag bualadh milleán ar dhíoltóirí agus ar cheannaitheoirí. Chuile sheans go n-imeoidh bailte fearainn eile ar an gcaoi chéanna.

Céard a tharla?

Mar a dúirt fear – macasamhail Shéamuis Mhic Dhonnchadha – le Seosamh Ó Cuaig agus é ag stocaireacht sa gceantar sin –“Why did they leave? They wanted a Dallas lifestyle and you can’t have that on the dole”. Gan airgead, gan compord.

Cuimhnigh gur tréigeadh na hoileáin bheaga uilig agus ní hiontas é go bhfuil an dúchas ag imeacht as bailte imeallacha. Ní gá a dhul níos faide ná Fú na Crí.

Nuair a imíonn an chraobh, imíonn an duilliúr.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Arb é fearacht Fhú na Crí é ag cuimse bailte fearainn faoin tuath?'