Tá an mórchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós Corn Uí Riada le craoladh beo ar chainéal teilifíse TG4 den chéad uair riamh ó Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
D’fhógair Laura Ní Cheallaigh, Stiúrthóir Ábhar TG4, an scéala ag Seoladh an Fhómhair a bhí ar siúl i Staid Dexcom i gcathair na Gaillimhe inné. Tá an comórtas á chraoladh beo le fada an lá ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le tamall anuas bhí sé á shruthú ar shuíomh idirlín TG4 ach níor craoladh beo ar an stáisiún teilifíse cheana é.
Bíonn Corn Uí Riada ar siúl oíche Dé Sathairn ag an Oireachtas agus is é an comórtas is tábhachtaí i saol na hamhránaíochta traidisiúnta. Níl cead ach ag daoine atá tar éis na comórtais cháilithe i mblianta eile a bhuachan páirt a ghlacadh ann agus is mór an onóir é d’amhránaí traidisiúnta a bheith ar an ardán ann.
Measadh cheana gur mar gheall ar chúinsí ama agus ceisteanna sceidealaithe a bhí drogall ar lucht bainistíochta TG4 an comórtas a chraoladh beo ar an stáisiún teilifíse. D’fhéadfadh os cionn fiche iomaitheoir a bheith san iomaíocht sa chomórtas agus ní fios cé mhéad acu a gheobhaidh an ‘glaoch ar ais’ ó na moltoírí mar gheall ar an modh scórala a bhíonn in úsáid.
Anuas air sin, ní féidir a bheith cinnte cé chomh fada is a bheadh na hamhráin a roghnódh na hamhránaithe. Bhí amhrán amháin beagnach ceathrú uaire ar fad in ag comórtas a reáchtáladh le blianta beaga anuas, mar shampla. Ar na cúinsí sin, measadh san am a caitheadh go raibh sceideal an chomórtais ró-éiginnte agus róscaoilte do sceideal teilifíse.
Bíonn an mórchomórtas damhsa ar an sean-nós ‘Steip’, á chraoladh beo ar TG4 ón bhféile le blianta anuas.
Bíonn TG4 ag an Oireachtas gach uile bhliain agus craoltar cláir éagsúla beo ó fhéile mhór na nGael. Tá eagráin de Nuacht TG4, 7 Lá, agus cláir eile nach iad craolta ó láthair na féile cheana. Bíonn craoltóirí a n-ardán ar líne, Molscéal agus Bloc, i láthair freisin agus ábhar á chraoladh i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus ina dhiaidh.
Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne i mbliana tar éis don fhéile dul ó thuaidh go Béal Feirste den chéad uair le tríocha bliain anuraidh. Is é seo an dara huair déag ó bhí 2010 ann go mbeidh féile mhór na nGael ar siúl in óstáin an Gleneagle agus an Brehon.
Fág freagra ar 'Corn Uí Riada le craoladh beo ar TG4 ó Oireachtas na Samhna den chéad uair'