Muintir Cheanada á meas faoina gcumas ag Trump

Is sárú soiléir ar fhlaitheas Cheanada roinnt d’éilimh Mheiriceá sna cainteanna trádála – rud a thugann neart do phobal nach gcuireann leithéidí Trump nó Putin san áireamh

Muintir Cheanada á meas faoina gcumas ag Trump

Príomh-Aire Cheanada, Mark Carney. Pictiúr: Sasko Lazarov/© RollingNews.ie

Níor chóir go mbeadh seans ar bith ann go mbeadh Ceanada ábalta an fód a sheasamh i gCogadh Trádála le Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá geilleagar SAM níos mó ná 13 oiread gheilleagar Cheanada. Ina theannta sin, tá Ceanada i bhfad níos spleáiche ar mhargadh Mheiriceá ná mar atá Meiriceá ar Cheanada. In 2025, chuaigh thart ar 73% d’easpórtálacha Cheanada chuig na Stáit Aontaithe, ach ní dheachaigh ach tuairim is 17% d’easpórtálacha SAM go Ceanada.

Ach is cuimhin linn go léir staitisticí loma den chineál céanna á thabhairt mar mhíniú ar cén fáth nach bhféadfadh an Úcráin an fód a sheasamh ar feadh i bhfad i gcoinne ionradh na Rúise. Mheas Putin agus an chuid is mó againn na hÚcránaigh faoina gcumas mar nár chuireamar cúinsí ríthábhachtacha eile san áireamh. Agus cé nach bhfuil daoine á marú sa ‘chogadh’ seo mar atá san Úcráin (buíochas le Dia), measaim go bhfuil Trump ag meas Ceanada faoina gcumas ar a lán de na cúiseanna céanna.

Tá sé ráite go soiléir ag Vladamir Putin agus Sergei Lavrov agus ceannairí Rúiseacha eile go bhfuil sé mar aidhm acu deireadh a chur le flaitheas na hÚcráine agus go gcreideann siad nach bhfuil aon cheart ag an Úcráin a bheith neamhspleách ar an Rúis nó a dlíthe féin a dhéanamh, mar shampla, faoi chúrsaí teanga. Tá gnéithe den smaointeoireacht chéanna le sonrú i ndearcadh rialtas Trump i leith Cheanada.

Tá sé ráite go minic ag Trump gur chóir do Cheanada a bheith mar an ‘51ú stát’. Is sárú soiléir ar fhlaitheas Cheanada roinnt d’éilimh Mheiriceá sna cainteanna trádála – smacht a bheith ag Meiriceá ar chaidreamh trádála Cheanada le tíortha eile agus cur isteach ar dhlíthe teanga Cheanada, mar shamplaí. Spreagann ráitis agus éilimh den chineál seo diongbháilteacht i bpobal na tíre níos ‘laige’ a thugann neart dóibh nach gcuireann leithéidí Putin nó Trump san áireamh.

Dúirt Traolach Mac Suibhne gur ag an té ar féidir leis an méid is mó a fhulaingt a bheidh an bua. Cé go bhfuil i bhfad níos mó fulaingthe ag an Úcráin ná ag an Rúis tá siad fós ag seasamh an fhóid mar go bhfeictear dóibh nach bhfuil aon rogha acu, agus nach mbeidh ann don Úcráin mura gcuireann siad i gcoinne ionradh na Rúise. Feictear anois do phobal Cheanada nach bhfuil aon rogha acu ach an fód a sheasamh i gcoinne éilimh Trump. Dúirt mo chara, an t-iriseoir agus an craoltóir as Ceanada, Reg Sheeren liom go bhfuil rialtas Mheiriceá “ag cur brú orainn an ghlúin a fheacadh agus is follasach an clár oibre atá acu – comhshnaidhmeadh nó comhshamhlú eacnamaíochta a dhéanamh orainn, agus mar sin ní bheidh mar thoradh ar ghéilleadh ach a thuilleadh éileamh ar a thuilleadh géillte.’ Deir sé gurb é dearcadh mhuintir Cheanada go bhfuil ‘líne nach féidir a thrasnú’ ann agus go bhfuil ‘an líne sin sroichte againn’.

Cúis eile a shíl Putin agus cuid mór dínn san iarthar go gclisfeadh go tapa ar an Úcráin in 2022 ná gur bhreathnaigh an tír i bhfad níos easaontaithe ón taobh amuigh ná mar a bhí sí i ndáiríre.

B’ábhar iontais do dhaoine a bhí aineolach ar shochaí na hÚcráine a laghad de chainteoirí Rúisise na tíre a thaobhaigh leis an Rúis, agus fiú an méid de na hÚcránaigh ar Rúisigh eitneacha iad a mhothaigh go raibh níos mó i gcoiteann acu lena gcomhshaoránaigh ná leis an Rúis. Tá am caite agam féin i gceithre chúige i gCeanada, Québec ina measc. Mhothaigh mé gur saghas caitheamh aimsire náisiúnta do na Ceanadaigh a bheith ag caitheamh anuas ar a chéile, go háirithe na cainteoirí Béarla agus na cainteoirí Fraincise. Tháinig na Québecois i ngiorracht scread asail do scaradh ó Cheanada i 1995 nuair a vótáil 49.42% i reifreann ar son an neamhspleáchais.

Ach pé difríochtaí atá idir muintir Cheanada, tá sé ag éirí níos soiléire go bhfuil níos mó i gcoiteann acu lena chéile ná mar atá acu le SAM, agus tá bagairt Mheiriceá ag neartú féiniúlacht chomónta sin phobal Cheanada, díreach mar a neartaigh bagairt na Rúise féiniúlacht chomónta fhormhór phobal na hÚcráine.

Beidh fulaingt eacnamaíochta i gCeanada mar thoradh ar an gcogadh trádála seo ach ní chuirfidh an pobal an milleán ar Mhark Carney mar gheall air sin agus beidh siad toilteanach cur suas leis an bpian ar mhaithe lena neamhspleáchas a choimeád. Cé go mbeidh an tionchar eacnamaíochta ar Mheiriceá níos lú, beidh sé substaintiúil mar sin féin, agus beidh sé sa mhullach ar an bhfulaingt eacnamaíochta mar gheall ar an gcogadh eile a thosaigh Trump sa Mheánoirthear. Is cogaí roghnacha do Mheiriceá iad an cogadh i gcoinne na hIaráine agus an cogadh eacnamaíochta i gcoinne Cheanada agus ní thuigeann Meiriceánaigh i gcoitinne cén fáth go bhfuil siad á dtroid.

I 1919 chuir Dáil Éireann toscairí chun cás na hÉireann a dhéanamh go comhdháil síochána Versailles ach níor tugadh cluas le héisteacht dóibh. Dá mbeadh an tráchtaire polaitiúil ‘réalaíoch’ John Mearsheimer ann an t-am sin, is dócha go mbeadh sé ag fonóid faoi sheachmall agus éilimh ‘mhíréalaíocha’ na nÉireannach, agus ag rá leo nach mbeadh de rogha acu ach glacadh le forlámhas na Breataine.

Ach faoi 1922, ghéill an Impireacht seo saorstát Éireannach ar an gcuid is mó d’oileán na hÉireann. Ní hí an Phoblacht 32 contae a bhí á héileamh a bhí ann, ach mar sin féin toradh a bhí ann nach raibh cuma na dóchúlachta air cúpla bliain roimhe sin. In ainneoin fórsaí a thrí oiread níos mó a bheith acu, theip ar an Rúis ionghabháil a dhéanamh ar an bhFionlainn i gCogadh an Gheimhridh i 1939-1940. Cé gur annamh gurb é críoch scannán Hollywood a bhíonn ar na coimhlintí míchothroma seo – níor baineadh poblacht 32 contae amach i 1922 agus chaill an Fhionlainn 11% dá críocha i gCogadh an Gheimhridh – léiríonn an stair go mbíonn na tráchtairí polaitiúla ‘réalaíocha’ mícheart go minic nuair nach dtógann siad san áireamh an spiorad agus an mheanma náisiúnta agus laige agus neart cumhachtaí móra i gcoinne cumhachtaí níos lú á mheas acu. Ar bhonn cainníochtúil fulaingeoidh Ceanada níos mó ná Meiriceá sa chogadh eacnamaíochta seo. Ach ní chreidim go gclisfidh siad agus ná go ngéillfidh siad maidir lena línte dearga. Agus pé baothchaint a bheidh ag Trump faoin ‘margadh is fearr riamh’ féachfar sna leabhair staire air seo mar chéim síos eile do chumhacht Mheiriceá agus mar bhua do Cheanada.

Fág freagra ar 'Muintir Cheanada á meas faoina gcumas ag Trump'