Ba mhinic mé a rá go mbíonn tionchar ar feadh i bhfad ag múinteoirí ar dhaoine. Thar aon ghairm eile, téann múinteoirí i bhfeidhm ar dhaoine agus cuimhníonn siad ar a gcuid múinteoirí i bhfad tar éis dóibh a bheith curtha sa chré.
Bíonn sé de nós ag muintir Bhaile Átha Cliath leasainmneacha a ghairm ar a chéile. Agus má fheileann sé don ainm, cuirtear ‘o’ ina dheireadh. Cuimhnigh ar ‘Gaybo’ mar shampla.
Mar sin nuair a chuala mé cara liom, sa chlub bád dragan, a rá go raibh a hathair ina phríomhoide ar scoil na mbuachaillí sa Rinn i mBaile Átha Cliath, dúirt mé liom féin – ‘Fleming’…’Fleming’… (sin sloinne mo chara) ‘an raibh seans ar bith gur tugadh ‘Flemmo’ ar a hathair le linn dó a bheith sa scoil sin?’
Cinnte, tugadh. Ar chuala mé faoi?
Bhuel, chuala, mar a tharla ach ní raibh aon aithne agam féin air. Ach chuala mé an leathbhádóir sa mbaile ag cur síos air go minic. Bhí mé ag súil go mór le filleadh abhaile go n-inseodh mé dó go raibh beirt iníonacha lena iar-phríomhoide sa chlub thíos ag Duga na Canálach.
Shocraigh muid castáil leis an mbeirt théis na traenála an lá cheana. Bhí duine acu, Maria ag traenáil le bheith ina bean stiúrach ar an mbád dragan. Go deimhin cuireadh faoi scrúdú í an lá ina dhiaidh sin agus d’éirigh léi – anois tá bean eile réidh le dhul ar an stiúir ar an mbád.
Tháinig an bheirt deirféar Maria agus Monica ag an gcaifé agus lán baicle de ghrianghraif acu ó laethanta scoile a n-athar. Bhí an leathbhádóir le feiceáil go soiléir i gceann díobh.
Siúd ansin é in éindí le scata buachaillí ón Rinn agus iad réidh le dhul i mbun spraoi ar an trá. Ansin ar chlé tá an Múinteoir Fleming – ‘Flemmo’ ina chulaith snámha agus bheadh a fhios agat láithreach go raibh an-lá acu an lá sin.
Cé go bhfuil An Rinn in aice na farraige agus suite ag béal na Life, ní hionann é sin agus a bheith in aice na trá. Thug Flemmo iad go dtí an trá i gcontae Loch Garman agus cuimhníonn cuid acu fós air.
Ní raibh aon chaint ar ‘scoileanna DEIS’ nuair a tháinig Mr Fleming ag múineadh i Scoil Naomh Pádraig (BNS) i lár na seascaidí. Ach bhí na cosúlachtaí ann. Bhí daoine bocht, ní raibh mórán teacht isteach ach an beagán ó obair ar na duganna. Ní raibh cáil ar an scoil féin. Mura raibh meas ag na leads óga ar an scoil, ba lú fós an meas a bhí ag muintir an bhaile uirthi.
Ceann de na chéad rudaí a rinne Flemmo ná thosaigh sé ag teacht isteach luath ag an scoil, le liathróid a chiceáil thart in éindí leis na buachaillí sa chlós scoile. Níorbh fhada gur chuir sé slacht ar an imirt, le rialacha foirne agus mar sin de. Thosaigh na buachaillí ag teacht isteach ag an scoil luath freisin.
Chinn sé tús a chur le traenáil rialta iománaíochta cé nach raibh aon traidisiún ag an spórt sin sa scoil. Roghnaigh sé foireann.
Má bhí siad le páirt a ghlacadh i gcomórtais iománaíochta, theastódh feisteas uathu.
Tarraingíodh na haithreacha isteach sa scéal. Iarradh orthu dul ag bailiú airgid chun cabhrú leis an bhfoireann iománaíochta agus diaidh ar ndiaidh fuair siad buataisí cearta, geansaithe dearga agus nithe eile a theastaigh uathu.
Ach cén chaoi a mbailíonn tú airgead i gceantar atá beo bocht?
Reáchtálann tú ‘pools’ ar ndóigh. Cosúil leis an ‘Lotto’ a gcloisim trácht air chuile oíche ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Téann tú thart ar na tithe ósta agus na siopaí áitiúla ar fad agus díolann tú ticéid. Pioctar amach na buaiteoirí bunaithe ar an gcéad dá fhocal sa phríomhalt san Evening Herald.
Thraenáil siad go dian agus go rialta agus diaidh ar ndiaidh thosaigh ag éirí leo sna comórtais scoile. B’aoibhinn an ócáid í nuair a bhuail siad CBS Westland Row [Rae an Iarthair], scoil Phádraig Mhic Piarais – ceann de na scoileanna Bráithre Críostaí mór le rá a raibh an-traidisiún acu san iomáint.
Ba léir gur mheas Flemmo go raibh maitheas éicint nó tallann áirithe ag gach duine. Chuir sé seisiúin ‘nuachta’ ar bun sa scoil chuile mhaidin.
‘Inis dúinne céard a tharla inné?’ Bhí suim aige i ngach aon scéal. Má bhí scil ar leith ag buachaill i rásaíocht capall, chuireadh sé é ag inseacht don rang faoi na tréithe maithe a bhí ag capall a bhuaigh rás áirithe.
Bhí lead amháin nach raibh suim aige in aon rud. Ba chuma leis faoi Bhéarla, faoi Mhatamaitic, faoi aon ábhar ar bith sa scoil.
‘Cad a thaitníonn leat?’ Ciúnas.
‘Iascaireacht. Is maith liom dul ag iascaireacht.’
Dúradh leis a theacht isteach maidin lá arna mhárach agus a bheith in ann inseacht don rang cén baoite a d’úsáideadh sé ar An Life, cad a d’úsáidfeadh sé ag Dumhach Thrá agus mar sin de. Rud a rinne sé.
Thuig sé thar aon ní eile nach iad na deiseanna céanna a bhí ar fáil do gach buachaill scoile ar an saol seo. Thuig sé go raibh deacrachtaí teaghlaigh ag daoine. Bhí sé tuisceanach ach ba léir go raibh caighdeáin aige agus go gcaithfeadh tú cloí leis na rialacha dá mba mhian leat a bheith rannpháirteach in imeachtaí na scoile.
Ní mba dhuine é a chuaigh ag tóraíocht dea-cháil. Ach bhain sé dea-cháil amach ina dhiaidh sin féin. Nuair a d’éirigh le scata de na buachaillí áit a bhaint amach sa mheánscoil i nDumhach Thrá, gar don Rinn, thuig Flemmo go mbeadh driseacha cosáin sa mbealach orthu. Níorbh é an caighdeán céanna oideachais a bheadh ag chuile dhuine ag dhul isteach sa mheánscoil sin.
Cé nach raibh aon bhaint ag Flemmo níos mó leis na buachaillí sin, a bhí faoina chúram fad is a bhíodar sa bhunscoil, chinn sé ar chabhair a thabhairt dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin na meánscolaíochta. Thosaigh sé ag tabhairt ranganna breise dóibh sa tráthnóna le cabhrú leo caighdeán níos airde a bhaint amach sna bunábhair. Ar ndóigh ní raibh aon íocaíocht i gceist agus níor iarr sé aon ní orthu ach go ndéanfaidís a ndícheall sa scoil nua. Thuig sé go mbeadh na buachaillí sin ina n-eiseamláir ag na buachaillí a bheadh ag teacht ina ndiaidh.
Blianta ina dhiaidh sin, fuair an leathbhádóir amach go raibh fadhb drugaí ag duine de na leads agus chríochnaigh sé suas i bpríosún Mhuinseo. Ach an rud nach raibh a fhios ag daoine ná go raibh Flemmo ag tabhairt cuairt rialta air sa phríosún. Níor mhaith leis go bhfágfaí ansin é ina aonar.
Choinnigh an leathbhádóir an cárta cuimhneacháin a chuir an chlann amach nuair a bhásaigh sé. D’éag sé agus é fós óg – 57 bliain d’aois. Bhí litir aige freisin a scríobh bean chéile Fleming chuig a athair nuair a chásaigh sé a bhás léi.
Agus an litir coinnithe aige ar feadh na mblianta, ní fhéadfadh a fhios a bheith aige go gcasfadh mise leis an mbeirt iníonacha amuigh i mbád ar an Duga.
Rinne an leathbhádóir go maith ó thaobh an oideachais de – chríochnaigh sé suas le Céim Mháistreachta ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus post mar léiritheoir/stiúrthóir teilifíse aige. Agus chuaigh duine de na peileadóirí óga chomh fada le foireann náisiúnta peile na hÉireann agus é de cháil air gur imir sé in aghaidh Maradona (cluiche cairdis) sa mbliain 1980 agus eisean ag marcáil an Airgintínigh sa chluiche sin i mBóthar Lansdún.
Is cinnte nach féidir a rá go bhfaigheann múinteoirí bás. Maireann a gcáil ina gcuid scoláirí.
Breda Finn
Sin scéal ar dóigh ar fad. Bhain mé mé as-sult as. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.