CLUASTUISCINT: Srian ar na meáin shóisialta

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Réamheolas

  • Ar ball beidh tú ag éisteacht le mír faoi na meáin shóisialta agus daoine óga.
  • Cad a bheidh ann, dar leat?
  • Teideal: Acht Leanaí an AE’ le srian a chur le rochtain leanaí faoi 15 bliain ar mheáin shóisialta agus físeáin

Gníomhaíocht 2 – An Chéad Éisteacht

  • Éist leis an mír ina hiomláine uair amháin.
  • Déan iarracht príomhphointe an téacs a roinnt le do pháirtí ó bhéal.

Gníomhaíocht 3 – An Dara agus Tríú hÉisteacht

  1. Cén aois atá i gceist leis na rialacha nua atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach?
  2. Cad iad na hardáin agus na seirbhísí a bheadh faoi réir na rialacha nua?
  3. Mínigh i d’fhocail féin cad atá i gceist le “bearta fíoraithe aoise”.
  4. Cad atá i gceist le córas céimnithe?
  5. Cé hí Ursula von der Leyen?
  6. Cén fáth a luaitear Strasbourg?
  7. Cén bhaint atá ag Politico leis an scéal?
  8. Seo an líne dheireanach. An bhfuil tú in ann é scríobh amach san ord ceart?

De réir na tuairisce ag Politico,

níltear ag moladh go gcuirfí cosc

daingean ar an rochtain ar na meáin

shóisialta ach go mbeadh fáil ag daoine

óga ar chineálacha áirithe

cuntas ag aoiseanna éagsúla.

Gníomhaíocht 4 – Deachtóireacht

  • Éist leis na chéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. Ina mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 5 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad líne arís. Aimsigh briathar san aimsir fháistineach agus ainmfhocal iolra.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 6 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. ag cloí le dianchaighdeáin sábháilteachta.
    2. teicneolaíocht fíoraithe aoise a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach mbíonn na húsáideoirí óga faoi aois, a thuairiscítear.
    3. a oscailt dá leanaí atá faoi thrí bliana déag ach na cuntais sin faoi
    4. smacht iomlán na gcaomhnóirí agus na seirbhísí idirlín sin
    5. Idir aois a13 agus a 15, moltar cuntais tosaigh
    6. faoi smacht tuismitheoirí ar a mbeadh srianta ar
    7. D’fhéadfadh, mar shampla, tuismitheoirí cuntais
    8. theagmháil le strainséirí agus ar an méid ama
    9. a chaithfí orthu. Chaithfeadh ardáin mheáin shóisialta agus ardáin comhroinnte físeán

Gníomhaíocht 7 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan iomlán don scéal.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíocht 6.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Srian ar na meáin shóisialta'