Scairt na Samhna: Áine sa Neidín
Julien Neel
Foilsithe ag Dalen Éireann
Clúdach bog, €9.95
Hazel Mulqueen
Catherine Woods, a mhaisigh
Ciara Begley a d’aistrigh
Foilsithe ag JM Agency
Nuair a chaith mé súil don chéad uair ar Lia! An Dialann Rúnda le Julien Neel, d’airigh mé drogallach. Bhí an chuma air nach raibh faoiseamh ar bith i ndán don tsúil leis an méid íomhánna agus scríbhneoireachta a bhí le feiceáil. Is maith an rud é nár thug mé mórán aird orm féin, mar chomh luath agus a thosaigh mé ag léamh, bhí mé go hiomlán tógtha leis an ngreannán iontach seo. Scéal uirbeach, comhaimseartha é seo faoi dhéagóir óg darb ainm Lia, a Mama agus an saol atá á chaitheamh acu le chéile.
Buaileann muid leo ar dtús ar dhíon a n-árasáin agus Lia ag faire ar Tristan, an leaid trasna an bhóthair a bhfuil gean aici dó. Tuigeann muid luath go maith ón gcomhrá a bhíonn ag an gcailín lena máthair gur carachtair spéisiúla iad seo agus go bhfuil an caidreamh eatarthu sách neamhghnách, rud a chothaíonn spéis an léitheora.
Tá leagan amach an-chliste ar an leabhar. Insítear an scéal le míreanna difriúla ar chuile leathanach, seachas scéal mór, fada amháin, rud a thugann léargas ar phearsantacht na gcarachtar agus ar an gcaidreamh atá acu lena chéile. Is léir go bhfuil bua faoi leith ag Neel scéal saibhir a insint i mbeagán focal. Gluaiseann an scéal ar aghaidh go sciobtha agus neart píosaí barrúla ann, ach éiríonn leis an údar téamaí móra a shníomh isteach freisin ar bhealach mothálach, tuisceanach – pléitear go maith leis na deacrachtaí a bhíonn ag na carachtair iad féin a chur in iúl.
Is mór is fiú go bhfuil dhá leabhar eile sa tsraith seo ó Dalen Éireann mar fágadh mé ag iarraidh tuilleadh. Tá aistriúchán paiteanta déanta ag Meadhbh Ní Eadhra ar an mbunleagan Fraincise.
Is cailín atá mar phríomhcharachtar i Scairt na Samhna: Áine sa Neidín chomh maith. Is cailín beag í Áine a chónaíonn i mBaile Átha Cliath lena tuismitheoirí, a deartháir agus a madra. Imíonn siad leo go dtí an Neidín chun laethanta saoire na Samhna a chaitheamh in éineacht le Mamó. Agus faraor géar, ní tharlaíonn mórán eile sa scéal seo ó pheann Hazel Mulqueen.
Leagtar béim ar mhuintearas clainne. Airíonn Áine sábháilte agus sona – ní bhíonn aon fhadhb le réiteach ná aon chonstaic le sárú aici. Is scéilín bog, réidh é seo ina bhfuil chuile charachtar sásta ó thús go deireadh. Tá an leabhar maisithe go deas ag Catherine Woods, ach arís, faraor, níl mórán breise sna pictiúir nach bhfuil ráite cheana féin sa scéal.
Tá na himeachtaí Samhna sa leabhar suite sa Neidín, áit a mbíonn mórshiúl Samhna chuile bhliain. Luaitear páirc Rinn na gCros agus feiceann muid dealbha Dick Joynt de na ceoltóirí, ach taobh amuigh de sin, níl aon bhaint faoi leith ag an Neidín leis na nósanna Samhna eile a bhfuil cur síos déanta orthu; ag ithe bairín breac, ag maisiú puimcíní, ag gléasadh suas agus mar sin.
Tá an-iarracht déanta ag Ciara Begley leis an aistriúchán ón mBéarla, cé gur chóir súil profléitheora a bheith caite air, ach an ghné is spéisiúla den leabhar seo ná na ‘leideanna plé’ atá taobh istigh den chlúdach cúil – sraith ceisteanna a d’fhéadfaí a phlé le páistí, mar shampla, ‘Conas a roghnaíodh d’ainm?’ agus ‘An ndearna tú riamh aon rud a bhí beagáinín scanrúil?’
Seans gur leabhar é seo a bheadh áisiúil sa seomra ranga agus téama na Samhna á chlúdach.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Scéal uirbeach comhaimseartha agus pictiúrleabhar ar théama na Samhna'