Molfaidh an Coimisiún Eorpach rialacha nua an tseachtain seo le srian a chur le rochtain daoine óga faoi 15 bliain ar ardáin mheáin shóisialta agus físeán.
De réir seirbhís nuachta Politico léiríonn dréachtcháipéisí go gcuirfeadh Acht Leanaí an AE nua [EU KIDS Act] dualgas ar ardáin mheáin shóisialta, seirbhísí cluichíochta ar líne agus botaí comhrá Intleacht Shaorga, bearta fíoraithe aoise a chur i bhfeidhm ionas nach mbeadh déagóirí óga ábalta rochtain a fháil ar a gcuid seirbhísí.
Faoi na moltaí seo bheadh ar chomhlachtaí bearta a chur i bhfeidhm le mí-úsáid agus iompar andúile a sheachaint. Faoin reachtaíocht a bheidh á moladh bheadh córas céimnithe i gceist a ligfeadh do leanaí faoi 15 rochtain a fháil ar mheáin shóisialta áirithe ach é sin faoi mhaoirseachta tuismitheoirí.
Meastar go dtabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, tuilleadh sonraí faoin moladh agus í ag tabhairt a hóráide faoi Staid an Aontais Eorpaigh d’fheisirí na Parlaiminte i Strasbourg Dé Céadaoin.
Déardaoin a nochtfaidh feidhmeannas an AE an tAcht Leanaí nua.
De réir na tuairisc ag Politico, níltear ag moladh go gcuirfí cosc daingean ar an rochtain ar na meáin shóisialta ach go mbeadh fáil ag daoine óga ar chineálacha áirithe cuntas ag aoiseanna éagsúla.
D’fhéadfadh, mar shampla, tuismitheoirí cuntais a oscailt dá leanaí atá faoi thrí bliana déag ach na cuntais sin faoi smacht iomlán na gcaomhnóirí agus na seirbhísí idirlín sin ag cloí le dianchaighdeáin sábháilteachta.
Idir aois a13 agus a 15, moltar cuntais tosaigh faoi smacht tuismitheoirí ar a mbeadh srianta ar theagmháil le strainséirí agus ar an méid ama a chaithfí orthu.
Chaithfeadh ardáin mheáin shóisialta agus ardáin comhroinnte físeán teicneolaíocht fíoraithe aoise a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach mbíonn na húsáideoirí óga faoi aois, a thuairiscítear.
Céim shuntasach atá sna srianta aoise seo ag an gCoimisiún Eorpach tráth a bhfuil an-imní ann faoin gcosaint a dhéantar ar dhaoine óga ar ardáin na meán sóisialta.
Tá an-imní go deo ann faoin tionchar a bhíonn ag ardáin mar TikTok, Instagram agus Botaí Comhrá IS ar shláinte intinne daoine óga.
Fág freagra ar '‘Acht Leanaí an AE’ le srian a chur le rochtain leanaí faoi 15 bliain ar mheáin shóisialta agus físeáin'