FOGHLAIMEOIRÍ: Meascán Mearaí

Aimsigh na botúin

FOGHLAIMEOIRÍ: Meascán Mearaí

Gníomhaíocht 1: Réamhobair

  • Ar ball beidh tú ag féachaint ar shliocht ina bhfuil roinnt botún. Cabhróidh na tascanna thíos leat machnamh a dhéanamh ar theanga atá bainteach leis an sliocht.

1. Cuardaigh an t-ainmfhocal ‘sábháilteacht’ ar teanglann.ie. Ansin téigh chuig ‘Gramadach’ agus féach an bhfuil sé firinscneach nó baininscneach.

2. Féach ar na habairtí thíos, cén patrún atá le feiceáil?

      • Thug sí leabhar d’údar.
      • Cheannaigh mé teach d’ealaíontóir
      • Thug siad cúnamh d’aisteoir.

3. Féach ar an méid thíos, cad atá ag tarlú?

      • Mór ach níos mó
      • Beag ach níos lú
      • Déanach ach níos déanaí

4. Tá an botún céanna sna focail seo ar fad (agus sa téacs thíos). Cad é?

      • go ceannófaí
      • go tabharfaí
      • go mbronnfaí

5. Baineann an pictiúr thíos le botún amháin atá sa téacs

Gníomhaíocht 2 – Aimsigh na Botúin

  • Aimsigh na botúin sa téacs thíos.
  • Déan iarracht an leagan ceart a scríobh.

Tá an tsábháilteacht ar líne do leanaí agus do dhaoine óga á plé ag comhdháil mhór atá ar siúl an tseachtain seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mar chuid Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpach.

Níos luath inniu dúirt cathaoirleach feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremey Godfrey, nár cheart cosc ar na meáin sóisialta a bheadh bunaithe ar aois, mar atá luaite ag an Rialtas cheana, a thabhairt isteach ach “seirbhísí a bhfuil gnéithe contúirteach ag baint leo” a chosc ar leanaí.

Dúirt Godfrey go mbeadh an scrolláil gan stad, stríoca, físeáin uathsheinnte, agus an féideartheacht go ngabhfadh duine fásta anathnid i dteagmháil le páiste i measc na ngnéithe a mheasfadh sé a bheith ‘contúirteach’.

Mhaígh sé gur cheart go cuirfí teorainn ar an méid ama is féidir le páiste seirbhísí a úsáid, agus go mbeadh smacht níos fearr ag tuismitheoirí ar úsáid a leanaí ar na seirbhísí idirlíon.

Gníomhaíocht 3: Leagan Ceart

  • Tá an leagan ceart le fáil thíos.
  • Déan é a chur i gcomparáid leis na ceartúcháin a bhí agat féin.

Gníomhaíocht 4: Leagan iomlán

  • Bhí an sliocht seo bunaithe ar alt as tuairisc.ie atá ar fáil ag an nasc seo.

Fág freagra ar 'FOGHLAIMEOIRÍ: Meascán Mearaí'