An tsábháilteacht ar líne do leanaí á plé ag comhdháil mhór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath 

Tá an tAire Patrick O’Donovan, an Coimisinéir Eorpach Michael McGrath agus Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Henna Virkkunen i láthair ag an gcomhdháil dhá lá

An tsábháilteacht ar líne do leanaí á plé ag comhdháil mhór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath 

Tá an tsábháilteacht ar líne do leanaí agus do dhaoine óga á plé ag comhdháil mhór atá ar siúl an tseachtain seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Níos luaithe inniu dúirt cathaoirleach feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremey Godfrey, nár cheart cosc ar na meáin shóisialta a bheadh bunaithe ar aois, mar atá luaite ag an Rialtas cheana, a thabhairt isteach ach “seirbhísí a bhfuil gnéithe contúirteacha ag baint leo” a chosc ar leanaí.

Dúirt Godfrey go mbeadh an scrolláil gan stad, stríoca, físeáin uathsheinnte, agus an fhéidearthacht go ngabhfadh duine fásta anaithnid i dteagmháil le páiste i measc na ngnéithe a mheasfadh sé a bheith “contúirteach”.

Mhaígh sé gur cheart go gcuirfí teorainn ar an méid ama is féidir le páiste seirbhísí a úsáid, agus go mbeadh smacht níos fearr ag tuismitheoirí ar úsáid a leanaí ar na seirbhísí idirlín.

Beidh an chomhdháil faoin tsábháilteacht ar líne á reáchtáil ar feadh dhá lá. Cuireadh tús le himeachtaí inniu le haitheasc ón Aire Cumarsáide Patrick O’Donovan, agus bhí plé ann ina dhiaidh faoin taithí atá ag leanaí agus daoine óga ar an idirlín agus faoi na “freagairtí sábháilteachta ar líne go dtí seo”.

Seoladh tuarascáil EU Kids Online 2026 mar chuid den chomhdháil, agus an eagraíocht sin ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana. Rinneadh suirbhé ar bhreis agus 26,000 páiste idir 9 agus 17 mbliana d’aois ar fud an Aontais Eorpaigh.

Amárach, is í Henna Virkkunen, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh do teicneolaíocht agus an tslándáil a thabharfaidh aitheasc. Beidh rannpháirtithe ó Fhóram na nÓg ag labhairt faoin tsábháilteacht ar líne níos deireanaí sa lá, agus déanfar cur i láthair ar phríomhthorthaí Fhóram na nÓg.

Beidh daoine óga i láthair ag an gcomhdháil le labhairt leis an Aire O’Donovan agus leis an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Virkkunen maidir leis an méid a cheapann siad féin faoi cheist na sábháilteachta ar líne.

“Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin é timpeallacht shábháilte chumhachtaithe ar líne a áirithiú dár leanaí – agus is dualgas éigeantach dúinn uile é sin.

“Agus sinn ag gníomhú d’aon ghuth, gabhaim buíochas ó chroí le hUachtaránacht na hÉireann as a gceannaireacht agus leis na rannpháirtithe uile as a dtiomantas láidir, oibreoimid le chéile chun a chinntiú go mbeidh an t-idirlíon ina spás sábháilte iontaofa do chách, áit ar féidir leis an gcéad ghlúin eile foghlaim ann, dul ag póirseáil ann agus a bheith faoi bhláth ann,” a dúirt Virkkunen.

Beidh Coimisinéir na hÉireann i gCoimisiún na hEorpa, Michael McGrath, a bhfuil cúrsaí daonlathais, ceartais, smacht reachta, agus cosanta tomhaltóirí faoina chúram aige, ag labhairt ag an gcomhdháil freisin. Beidh an Coimisinéir McGrath ag labhairt ar phléphainéal faoin “gcreat rialála” a bheidh ann amach anseo maidir le sábháilteacht ar líne.

Dúirt McGrath gur “tosaíocht” dó féin é a chinntiú gur féidir le leanaí “idirghníomhú go sábháilte agus go muiníneach ar líne” agus go gcaithfidh Coimisiún na hEorpa a chinntiú go mbeidh “an caighdeán is airde maidir le cosaint” ar líne ann do gach duine.

Fág freagra ar 'An tsábháilteacht ar líne do leanaí á plé ag comhdháil mhór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath '