TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: ‘Níor cuireadh de chlár an domhain fós muid – tá dúchas diamhrach éigin sna bunrútaí’

100 bliain ó bhunú na Gaeltachta, caitear súil chun cinn sa tsraith bheag seo ar a bhfuil i ndán don Ghaeltacht sa gcéad 100 bliain eile. Againn don chéad alt, tá an scoláire agus scríbhneoir Dónall Ó Braonáin

TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: ‘Níor cuireadh de chlár an domhain fós muid – tá dúchas diamhrach éigin sna bunrútaí’

Beagán le cois dhá uair a chloig a ghlac sé orainn cosán breá siúil a chur dínn idir Coogee agus trá mhór Bondi tamall míonna siar. Buailte ar Sydney féin atá an ceantar sciamhach cladaigh seo. Casadh na céadta orainn an tráthnóna úd. Ní bréag, magadh ná áibhéil a rá go mb’Éireannaigh óga fuinniúla iad a bhformhór agus iad i mbarr a réime thall. Síneadh agus searradh á bhaint astu féin agus brothall an lae caite, saol folláin amuigh faoin aer agus áille in aice láimhe.

Bíonn nádúr acu leis an mbaile i gcónaí ar ndóigh. Tuige nach mbeadh? Ach bíonn fuarchúis ina leagan amach freisin agus údar leis. Is deacair áras a cheannacht nó a thógáil. Bíonn fuireacht an-fhada ar sheirbhísí sláinte. Tá seacht bpraghas ar chuile mhíle ní. Agus ná labhair ar chórais aibhléise, uisce, iompair, cúram leanaí srl. Barr ar an mí-ádh, is minic a bhíonn cuma na sleamchúise, na siléige agus na patuaire ar fhreagairt an stáit do na géarchéimeanna seo.

B’fhéidir nach ionann go díreach an treibh a thug Camden Town agus Clapham Common orthu féin agus saoránaigh dhomhanda Chontae Coogee. Níorbh ionann ach oiread cás na muintire a chuaigh go Leeds, Bradford agus Huddersfield i lár an chéid seo caite agus cás na mílte ar feadh an iarthair a d’imigh ar scéimeanna cúnta Tuke go Ceanada i ndiaidh 1883. Mar sin féin, is é an toradh céanna a bhíonn ar an mbánú seo ar fad – lagú ar an acmhainn náisiúnta de bharr imirce.

Ní thógfaí orthu é mura mbeadh fonn orthu filleadh ar an mbaile. Sin é an fáth nár cheart fís Ghaeltacht 2126 a fhágáil fúinne seanfhondúirí, muide atá i meán ár laetha agus tubaisteoirí gairmiúla eile. Muide a thogh na teachtaí, a shocraigh na rialtais, a lig leis an easpa críochnúlachta go dtí seo. Teist ar mhiotal pobail ar bith a bheith in ann scód a ligean leis an nglúin atá ag éirí aníos, bídís i bhfad uainn thar sáile nó ar ghort an bhaile.

Is deacair tuar fiúntach a dhéanamh faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht. Scaipeadh ar dhlús cainteoirí an treo atá faoin nGaeilge le 400 bliain. Ach níor cuireadh de chlár an domhain fós muid. Tá dúchas diamhrach éigin sna bunrútaí, ní foláir, bisiúlacht bhiorach nach féidir a dhíbirt baileach. Ainneoin na spídiúlachta agus na neamhshuime. Céard iad na tréithe seo a thugann slán muid? Marófar ar an gCeathrú Rua mé ach tá leid chéadach i mana Naomh Anna Leitir Móir – misneach, mórtas, muinín.

Agus sin iad iad, tréithe na Gaeltachta. Tréithe gríosta an teacht aniar, an chos a chuirfear i dtaca, an phráinn as an gcultúr agus an teanga, an chéad chath eile, comhar an chomhluadair agus an chéad chath eile fós ina dhiaidh sin. Sin iad na tréithe ar deireadh a chinnteoidh go mairfidh Gaeltacht na héigse agus na n-amhrán, Gaeltacht na leabhar agus an cheoil, Gaeltacht na meán, Gaeltacht na fiontraíochta agus na cruthaitheachta.

Agus cibé Gaeltacht a bheas ann faoi cheann 100 bliain, dá fheabhas iad na críocha ó dheas i gcéin, tá mé cinnte go mbeidh na flaithis fós i Ros a’ Mhíl.

Fág freagra ar 'TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: ‘Níor cuireadh de chlár an domhain fós muid – tá dúchas diamhrach éigin sna bunrútaí’'