Ní mhaolófar an dochar a dhéanann na meáin fhrithshóisialta go dtí go mbeidh polaiteoirí sásta iad a smachtú i gceart

Cé go bhfuil an dochar a dhéanann na meáin shóisialta soiléir, deir ár gcolúnaí go bhfuil sé tábhachtach cuimhneamh nach léiriú ceart iad ar an saol mar atá

Ní mhaolófar an dochar a dhéanann na meáin fhrithshóisialta go dtí go mbeidh polaiteoirí sásta iad a smachtú i gceart

N’fheadair cén duine cliste is túisce a chum an nath ‘na meáin fhrithshóisialta’ ach is cur síos beacht é ar ghréasáin ar soiléire ná riamh anois an dochar a chothaíonn siad.

Ní cothú faltanais agus fuatha amháin a éascaíonn X, TikTok, Facebook, YouTube agus a leithéid. Spreagann agus scaipeann a logartaim na tréithe sin d’aon ghnó – chomh maith le bréaga, easaontas agus eascairdeas – chun brabach a dhéanamh do na húinéirí.

Tharraing Coimisinéir na nGardaí Justin Kelly aird ar dhíobháil eile a dhéantar ar na meáin fhrithshóisialta. Bhí sé ag labhairt faoin tubaiste ar an M9 i gcontae Chill Dara inar maraíodh cúigear ógánach agus inar gortaíodh triúr ban agus páiste a bhí ag taisteal i gcarr a bhuail carr na n-ógánach.

Ba threise an t-uafás dar leis an gCoimisinéir toisc gur léir go minic gur d’fhonn aitheantas a fháil ar na meáin shóisialta a thiomáintear gluaisteáin go contúirteach.

Ainneoin bhriathra cáinteacha an Taoisigh agus airí eile, ní léir fós toil sa rialtas an dlí a úsáid chun iachall a chur ar na meáin fhrithshóisialta físeáin na ‘spraoithiománaithe’ gan chiall a bhaint dá ngréasáin.

Agus ainneoin dearbhú na gcomhlachtaí, ní léir ach oiread a dtoil ná a gcumas ábhar dá leithéid a bhaint anuas go pras sara scaiptear é go forleathan, mar a bhí soiléir do dhuine ar bith a lorg físeáin ar TikTok a thaispeáin gadaíocht gluaisteán agus tiomáint chontúirteach tar éis na tubaiste ar an M9.

Gan dabht tá níos mó ná mífhreagracht na meán frithshóisialta le plé i bhfianaise ar tharla, dualgais tuismitheoirí go háirithe, ach tá aird á tarraingt arís ar a míscrupall mar gheall ar scaipeadh físeán a bhain le tragóid Chill Dara agus diúltú TikTok a gcaighdeáin a phlé le coiste Oireachtais (toisc go bhfuil na Gardaí i mbun fiosraithe, dar le TikTok).

Tarraingeoidh cás cúirte ar cuireadh tús lena éisteacht sna Stáit Aontaithe Dé Máirt aird ar chleachtais na gcomhlachtaí. Tá 29 stát ag lorg damáistí $200 billiún ó Meta agus cealú a logartam sa chás ina dtabharfar fianaise faoin dochar a deirtear a rinneadh mar gheall ar a dtionchar ar dhaoine óga.

Cibé toradh a bheidh ar iniúchadh na gcúrsaí seo thall agus abhus, is fiú cuimhneamh i gcónaí ar an difríocht idir saol fiáin na meán neamhrialaithe agus saol na tíre i bhfírinne – an saol polaitiúil san áireamh.

Gach lá beagnach ar X mar shampla, tugtar tréatúirí, cladhairí, bithiúnaigh, coirpigh agus araile ar cheannairí an rialtais agus an fhreasúra.

Anois, tá cur chuige na bpolaiteoirí lochtach ar go leor bealaí. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil meas ná muinín ar bith tuillte acu. Ní hionann ach oiread an t-amhras agus an mhímhuinín ghinearálta atá i réim ar ghréasáin dá leithéid agus gnáthchúrsaí an tsaoil.

Dá dhonacht an fíorshaol uaireanta níl sé baileach chomh holc leis an saol mar a thaispeántar é ar líne. Trí scéal a tháinig chun cuimhne a léirigh an saol i bhfírinne ar dhóigh nár chóir a ligean i ndearmad:

Cineáltacht gan ainm

Tar éis don scríbhneoir seo €200 a aistarraingt ó mheaisín airgid bainc, d’fhág sé na nótaí ar sheilf an mheaisín. Ar fhilleadh dhó ar an meaisín tar éis cúpla nóiméad ní raibh an t-airgead le feiceáil.

Bhí dea-scéal áfach ag úinéir siopa atá cóngarach. D’fhág bean a thug an t-airgead faoi deara ar an meaisín isteach chuige é. D’ordaigh sí d’fhear an tsiopa gan a hainm ná a seoladh a nochtadh don té ar leis an t-airgead. Toisc nach raibh déanta aici, a dúirt sí leis, ach an rud a dhéanfadh duine ionraic ar bith.

Crógacht agus comhbhá 

Bronnadh boinn mhíleata ardseirbhíse le gairid ar shéiplíneach sna fórsaí cosanta a sádh le scian ag geata bheairic an airm ar an Rinn Mhór i nGaillimh agus ar thriúr saighdiúirí a tháinig i gcabhair air.

Mhaith an tAthair Paul Murphy an t-ionsaí d’ógánach a bhí 16 bliain d’aois nuair a sháigh sé an sagart seacht n-uaire ar gearradh téarma deich mbliana i bpríosún air agus thug sé barróg dó sa chúirt.

Mhol an tAire Cosanta Helen McEntee crógacht an cheathrair agus na boinn á mbronnadh orthu, chomh maith le sár-chomhbhá an tsagairt.

Gnáth-ionracas gairmiúil

Tamall ó shin, thairg preasoifigeach i gcomhlacht stáit ticéad do chluiche ceannais iomána don scríbhneoir seo. Le linn comhrá eile le Teachta Dála a toghadh i gcontae láidir iomána, dúirt sé nár theastaigh ach glaoch gutháin chun ticéid a chur ar fáil le haghaidh cluichí móra an chontae.

Níor bhain drochrún soiléir le ceachtar tairiscint. B’éigean diúltú dóibh araon áfach, mar a dhiúltódh gach iriseoir ionraic do thairiscint ar bith a mbeadh fiú an chuma air go raibh súil ag an deontóir le tuairisc bháúil dá bharr.

Is samplaí na scéalta seo den ghnáth-ionracas a ndéantar díspeagadh air nó a shéantar go minic ar na meáin fhrithshóisialta. Tá siad faoi chaibidil anseo ar chúis amháin: léiríonn siad luachanna ar gnáthchuid dár gcaidreamh laethúil iad.

Teastaíonn smacht níos déine ar mheáin mhífhreagracha a chuireann an caidreamh sin as a riocht nó a chothaíonn mí-iompar mídhleathach. Níl an plé a bheidh riachtanach ach ina thús ach b’fhiú é a bhunú ar fhíricí doshéanta agus ar na trí cinn seo a leanas, go háirithe.

Cuireann na meáin fhrithshóisialta daoine a bhfuil tuairimí láidre nó antoisceacha acu i dteagmháil lena chéile agus róthosaíocht á tabhairt acu dá n-éilimh féin.

Cothaíonn na meáin fhrithshóisialta neamhaird ar riachtanais agus ar ghearáin daoine eile agus ar dhualgas gach rialtas fóirithint ar gach aicme sa phobal.

Ní mhaolófar an dochar a dhéanann na meáin fhrithshóisialta go dtí go mbeidh polaiteoirí toilteanach iad a smachtú i gceart. Níl an toil a theastaíonn chun smacht a chur i bhfeidhm follasach fós ar cheachtar taobh de Dháil Éireann.

Fág freagra ar 'Ní mhaolófar an dochar a dhéanann na meáin fhrithshóisialta go dtí go mbeidh polaiteoirí sásta iad a smachtú i gceart'