Sacar agus saighdeadh – más iaróg atá uait gabh go YouTube

Nach iontach mar a thugann YouTube deis do dhaoine a dtuairimí féin a léiriú, saor ar an insint oifigiúil?

Sacar agus saighdeadh – más iaróg atá uait gabh go YouTube

Iaróg? Go YouTube leat.

Déarfainn nach mbeinn ag déanamh paidir chapaill den scéal dá ndéarfainn go raibh lucht leanúna an tsacair thar a bheith paiseanta fána gcuid clubanna. Tá YouTube ar maos i gcainéil atá tiomanta do chlub – bíodh Man U nó Learpholl i gceist, nó clubanna níos lú, ar nós Hibs Dhún Éideann.

Fóram chun cainte iad a thugann deis do lucht na gclubanna a gcuid tuairimí, agus maslaí, a roinnt agus a chaitheamh. Ní thig bainisteoirí ná imreoirí slán as an ionsaí. Sea, bíonn moladh ann fosta ach tugann sin a sheal go gasta.

Tig le cuid de na tráchtairí ar líne a bheith maol ina gcuid tuairimí ach ní tada é sin i gcomparáid leo sin a phostálann faoi ainm cleite. Tig le cuid acu sin a bheith thar a bheith gránna. Níl rud ar bith níos fiáine ná fíréan feargach.

Tá neart cainéal YouTube ag lucht leanúna Cheiltigh Ghlaschú: ACSOM; Celtic AM; Celtic Fans TV; Ryan 118; The Bhoycie Bus; The Bhoys on the Bus; The Huddle Breakdown; Twenty Minute Tims…

Thiocfadh leat dornán maith eile a lua agus a chur leis an liosta sin. Cainteoirí ó Albain agus ó Éirinn a bhíonn ag caint ar na cainéil agus ina mbun in amanna; léiriú ar phréamhacha an chlub. Síleann pobal na hAlban gur club de chuid na tíre sin é agus síleann an tÉireannach gur club de chuid na tíre seo atá ann ach gur in Albain atá sé suite de thaisme staire.

Tá caighdeán maith cainte ar go leor de na cainéil seo agus caighdeán ard léiriúcháin ag cuid acu. Éiríonn le cuid acu adhmad a bhaint as an ábhar go rialta; craoltar

ACSOM, mar shampla, ag 12.30 p.m. cúig lá sa tseachtain.

Is minic a chraolann cuid de na cainéil mionchlár roimh chluiche, ag leath ama agus ag deireadh cluiche, deis ag daoine le comhghairdeas nó comhbhrón a dhéanamh le chéile. Faoistin ar líne, bosca éistigh sa ré dhigiteach.

Ach, mar a tharlaíonn, níl lucht leanúna na gCeilteach róshásta faoi láthair. Chloígh Rangers faoi dhó iad, uair amháin sa tsraith – ina ainneoin sin, bhí na Ceiltigh go fóill ag barr na roinne. Lena chois sin,  tá siad ag imirt go holc sna comórtais Eorpacha. Arís. Is léir don dall gurb ábhar magaidh atá sa chlub ar bonn Eorpach faoin am seo i ndáiríre.

Rinne roinnt den lucht leanúna agóid in aghaidh Dermot Desmond ag an deireadh seachtaine. Chaith siad liathróidí leadóige ar fhaiche San Aindriú agus Desmond ag imirt babhta gailf ansin. Thug The Guardian le fios gur ‘club owner’ atá ann mar Desmond ach ní le Desmond an club; is aige atá an bloc is mór scaireanna sa chlub, rud is ionann a rá gurb é an boc is mó ar an bhord  é agus go bhfuil úinéireacht laethúil aige ar imeachtaí an chlub go praiticiúil.

Creideann go leor den lucht leanúna faoin am seo gur duine tiarnúil é Desmond agus é ag plé leis an chlub. Seans, dá mbeadh Gaeilge acu, go dtuigfeadh siad an stair a bhain leis an tsloinne chéanna!

Ní mó ná sásta a bhí bord na gCeilteach leis an eachtra agus d’eisigh siad ráiteas seanfhaiseanta ar líne, á rá gur tharraing an agóid “náire” ar an chlub. Bhuel, thug sin neart ábhar cainte do na fóraim agus líonadh na cainéil le caint, comhrá agus cáineadh le linn an deireadh seachtaine agus ina dhiaidh sin.

Sacar atá i gceist, spórt gan amhras. Ach nach iontach mar a thugann YouTube deis do dhaoine a dtuairimí féin a léiriú, saor ar an insint oifigiúil? Ní hiad uaisle an bhoird atá i mbun na díospóireachta ach cosmhuintir YouTube, na daoine a íocann as ticéid, a cheannaíonn an merch.

Sa chomhthéacs sin, bíodh trua againn don cholúnaí thraidisiúnta nuachtáin atá ag iarraidh píosa fiúntach a chur le chéile ar an ábhar, rud inteacht nua a rá, cothrom na Féinne a thabhairt don scéal.

Ach is ag dul in iomaíocht atá siad anois le tráchtairí neamhoifigiúla tiomanta, daoine gan aird acu ar na seandintiúirí measúla, lucht cúise, agus lucht cúise atá oilte eolach ar chúrsaí cumarsáide agus a thuigeann a lucht féachana níos fearr ná an bhunaíocht sheasta.

Agus an rud atá fíor faoi spórt, tá sé fíor fosta faoi chúrsaí eile, polaitíocht san áireamh.

Arú, an nuachtán bocht!

Fág freagra ar 'Sacar agus saighdeadh – más iaróg atá uait gabh go YouTube'