LÉIRMHEAS: Úire na dtuairimí ar Mo Thír Mo Thuairim ag brath ar an ábhar

Tá Mo Thír Mo Thuairim ag aimsiú glúin nua tráchtairí agus beidh sé spéisiúil fáil amach cad é an fhorbairt a thiocfas ar bhuanna anailíse na meithle de réir a chéile

LÉIRMHEAS: Úire na dtuairimí ar Mo Thír Mo Thuairim ag brath ar an ábhar

Maith dom an nóta beag searbh seo ag tús an ailt. Chuir TG4 tús le sceideal an fhómhair an tseachtain seo caite agus rinne mé rún go n-amharcfainn ar chúpla clár sa bhreis le blaiseadh a fháil ar a raibh ann.

Thaifead mé an clár An Spás Eadrainn-The Space Between Us, clár dátheangach ar chúrsaí sna healaíona. Tháinig ealaíontóirí ó réimsí difriúla le chéile le fáil amach cad é an tionchar a d’imreodh an ceoltóir ar an damhsóir nó an t-amharc-ealaíontóir ar an scríbhneoir nó…

Coincheap spéisiúil a bhí ann dúch, damhsa agus dath a mheascadh le chéile agus ba mhaith mar a labhair cuid de na healaíontóirí ar an ábhar. Bhí Manchán Magan ar dhuine acu sin a labhair agus, a Thiarna, chuirfeadh sé tocht ort a bheith ag éisteacht leis. Bás antráthach gan cheist.

Bhí an plé ar thost, ar chumadh, ar chleachtas, spéisiúil agus é sin uilig go léir taobh istigh de chúlra maorga caisleáin. Ach sa bhliain 2022 a craoladh an clár den chéad uair. Bhí mé i ndiaidh clár a aimsiú i sceideal an fhómhair a bhí rud beag as dáta. Bhain mé sult as, is fíor, agus b’fhearr liom é a fheiceáil ná gan a fheiceáil.

Mar sin féin, rómhinic a tharlaíonn sé dom ar thuras seo na teilifíse go n-aimsím clár as an chartlann. Tuigeann muid uilig na srianta atá ar bhuiséad TG4, S4C, BBC Alba, ach ba chóir go dtabharfaí leid don aineolach gurb ábhar a craoladh roimhe atá ann.

Sraith nua ar chúrsaí reatha atá in Mo Thír Mo Thuairim (TG4) agus teideal deas snasta air. Is é Cormac Ó hEadhra a chuireann an seó i láthair agus chuirfeadh an cur chuige podchraoladh i gcuimhne duit; Ó hEadhra i mbun an mhic mhóir agus triúr aíonna ina chuideachta. Dhá chlár atá craolta faoin am seo agus dhá phainéal cainteoirí a bhí inniúil ar an teanga ina chomhluadar.

Focal molta don seit atá bog neamhfhoirmiúil le soilse agus dearadh a dhéanann iarracht atmaisféar réchúiseach a chruthú agus comhrá cois teallaigh a chur roimh an lucht féachana. Bhí éifeacht leis agus athrú deas atá ann ón stiúideo lom a bíos mar chúlra ag cainteanna den tsórt seo go minic.

Tá Ó hEadhra breá eolach ar an obair seo agus is faoi a bheas sé lámh thapa a choinneáil ar an stiúir agus déanamh cinnte de nach dtéann an báidín tuairimíochta seo go bun na habhann. Beidh neart ag brath ar na haíonna a bheith sásta agus muiníneach labhairt go tuigseach faoin ábhar a roghnaítear.

Gné ar leith de Mo Thír Mo Thuairim is ea béim na léiritheoirí ar an óige sna painéil; níor aithin mé cé a bhí romham agus ní le dímheas ná beag is fiú a scríobhaim sin. Tá Mo Thír Mo Thuairim ag aimsiú glúin nua tráchtairí agus beidh sé spéisiúil fáil amach cad é an fhorbairt a thiocfas ar bhuanna anailíse na meithle de réir a chéile.

Bhí an tUachtarán Trump chun tosaigh sa chéad chlár an tseachtain seo caite. Bhí an triúr a labhair breá cumasach ag caint agus bhí tuairimí maola le cluinstin faoin Fhear Bhuí féin ach seanscéal agus meirg air atá i gcaint ar Trump faoin am seo. Mura bhfuil léargas nua le thabhairt air, cad é is fiú? Shíl mé gur bheoga an plé a rinneadh ar ábhar a bhain go sonrach le daoine óga – lóistín, mar shampla – ná uachtarán SAM ar an chlár chéanna.

Cuireadh tús le clár na seachtaine seo caite le píosa a bhí breá tráthúil agus Éire Aontaithe faoi chaibidil. Bhí ceannairí an SNP, Plaid Cymru agus ceannaire (Thuaisceart Éireann) Shinn Féin ag síniú litreacha le deireadh a chur leis an Ríocht Aontaithe.

Wó hó! Is treise an peann ná an claíomh.

Amach ón mhagadh, tá léiritheoirí an chláir le moladh as a bheith in ann píosa a chur ar fáil chomh gasta sin. Mhothaigh tú go raibh beocht sa sceideal, práinn fiú.

Agus ansin fuair muid séid eile den Trumpa.

Áááááááhhhhhhh!

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Úire na dtuairimí ar Mo Thír Mo Thuairim ag brath ar an ábhar'