Tá a bhuíochas léirithe ag Heimir Hallgrimsson, bainisteoir fhoireann sacair fear na hÉireann, as an tacaíocht atá á léiriú dó sa gconspóid atá tarraingthe ag cluichí atá le himirt ag Éirinn in aghaidh Iosrael.
Dúirt Hallgrimsson nach raibh ráiteas a rinne sé féin “stuama” mar gurbh amhlaidh a tharraing sé an aird ón gcluiche a bheidh ag foireann na hÉireann in aghaidh na Cosaive i Pristina na Cosaive amárach agus tús á chur le Sraith na Náisiún UEFA.
An tseachtain seo caite agus é ag trácht ar a fhoireann, dúirt Hallgrimsson “níl muid ag imirt leis an gcinedhíothú, táimid ag imirt i gcoinne an chinedhíothaithe. Táimid ag imirt i gcoinne Iosrael, níl muid ag imirt le hIosrael.”
Ba é freagra Chumann Sacair Iosrael ar a chuid cainte:
“Is mór an tairbhe a rinneamar don domhan agus don duine in go leor leor réimsí, agus is mór an lear Duaiseanna Nobel a bronnadh orainn riamh anall.
“Faraor géar, níor aimsíomar aon leigheas go fóill ar an amaidí, an t-aineolas ná an fhimíneacht a léiríodh.”
Tabharfaidh foireann na hÉireann aghaidh ar Iosrael Dé Domhnaigh beag seo san Ungáir agus arís ar an 4 Deireadh Fómhair, cluiche baile a bogadh go dtí Staid Bačka Topola sa tSeirbia.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chóir do Chumann Sacair Iosrael an cáineadh a rinneadh ar bhainisteoir na hÉireann a tharraingt siar.
“Sílimse nach féidir glacadh leis an gcineál sin cainte. Ba chóir í a tharraingt siar.”
“Is dóigh liom gur dhúirt Antonio Guterres [Ard-Stiúrthóir na Náisiún Aontaithe] nach bhfaca sé riamh ina shaol, ó thaobh déine ná scála, an bás agus an scrios a chonaic sé i gcogadh Iosrael ar Ghaza i ndiaidh do Hamas an t-ionsaí uafásach sin a dhéanamh mí Deireadh Fómhair roimh an gcogadh.”
“An rud ceannann céanna atá á rá ag ár mbainisteoir. Féadfaidh Iosrael leanúint orthu ag séanadh rud atá ar eolas ag an saol mór agus a thuigeann gach duine,” a dúirt Martin agus é ag caint i Nua-Eabhrac mar a bhfuil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar siúl.
Cuirfidh foireann sacair na hÉireann tús lena gcluichí i Sraith na Náisiún amárach agus iad ag imirt i Pristina in aghaidh na Cosaive agus imreoidh siad an Ostair sa mbaile i Staid Aviva ar an gcéad lá Deireadh Fómhair.
Ó rinneadh an tarraingt do Shraith na Náisiún mí Feabhra, tá conspóid go leor tarraingthe faoin dá chluiche atá ag foireann na tíre seo in aghaidh Iosrael. Bhí a lán daoine ag éileamh go ndéanfaí baghcat ar na cluichí de bharr an léirscrios atá ar siúl ag Iosrael i nGaza, slad a bhfuil cinedhíothú tugtha air ag na Náisiúin Aontaithe.
Fág freagra ar 'Hallgrimsson ‘buíoch’ as an tacaíocht atá á léiriú dó sa gconspóid faoi chluichí i gcoinne Iosrael'