FÉILTE
Féile na bhFlaitheartach
Leanfar ar aghaidh le himeachtaí Fhéile na bhFlaitheartach an deireadh seachtaine seo agus imeachtaí ar bun i nGaillimh agus Inis Mór. Léifear sleachta le Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire agus Tomás Ó Flaithearta le míreanna ceoil in Áras na nGael Sráid Doiminic i nGaillimh ag tosú ag 8pm. Tá an ócáid mar chuid d’imeachtaí Oíche Chultúir.
Beidh bád ag imeacht as Ros a’ Mhíl go hInis Mór ag 10.30am Dé Sathairn, agus ticéid le cur in áirithe ar líne roimh ré, agus bád ag imeacht ó Dhúlainn ag 11am. Beidh duaiseanna an chomórtais scríbhneoireachta do pháistí na n-oileán á mbronnadh ag meán lae i Halla Rónáin, Cill Rónáin.
Ag a 2pm beidh bus ag imeacht go Gort na gCapall áit a mbeidh imeachtaí ar bun i nGairdín Cuimhneacháin Uí Fhlaithearta. Tabharfar píosa cainte faoi Liam agus Tomás Ó Flaithearta i 1926, beidh amhráin le Treasa Ní Mhiolláin agus Micheál Ó Flaithearta agus tabharfaidh Seán Ó Flaithearta caint ar an ábhar ‘Forbairt pobail in Árainn’.
Beidh an bád ag dul ar ais go Dúlainn ar an Domhnach ag 4.15pm agus go Ros a’ Mhíl ag a 5pm. Cuirfear clabhsúr ar imeachtaí na féile Dé hAoine agus Dé Sathairn an 16-17 Deireadh Fómhair, tráth a mbeidh leagan stáitse den ghearrscéal ‘Teangabháil’ le Liam Ó Flaithearta á léiriú in Áras na nGael agus é cóirithe ag Máirín Mhic Lochlainn.
Tuilleadh eolais anseo.
Bronntanas, féile teaghlaigh i mBÁC
Cuireadh tús an tseachtain seo leis an bhféile Bronntanas 2026 a leanfaidh ar aghaidh go dtí an 4 Deireadh Fómhair agus os cionn 70 imeacht saor in aisce ar bun ar fud Bhaile Átha Cliath.
Tá an fhéile oscailte do chách, idir theaghlaigh atá ag úsáid na Gaeilge gach lá agus iad siúd atá díreach ag tosú amach lena gcéad chúpla focal. Déanann Bronntanas ceiliúradh ar an nGaeilge trí 21 lá de spraoi, ealaín, spóirt, tacaíocht agus deiseanna foghlamtha a chur ar fáil.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh an dráma do pháistí An Bhumbóg Bheag ar bun i Leabharlann Bhaile Bhailcín maidin Dé Sathairn, an 19 Meán Fómhair ag 11am. Dráma eachtraíochta idirghníomhach é An Bhumbóg Bheag ina gcabhraíonn an lucht féachana le B an Bhumbóg Bheag a bealach abhaile a aimsiú trí leideanna a réiteach, amhráin a chanadh agus tascanna a dhéanamh faoi shaol na bumbóige. Tá an dráma feiliúnach do pháistí idir 4 -7 mbliana d’aois.
Beidh ceardaíocht agus scéalaíocht i Leabharlann na Cabraí ag 11am Dé Sathairn freisin agus seisiún dátheangach spraíúil á reáchtáil ag foireann na leabharlainne. I Leabharlann na Cúlóige Dé Sathairn, an 19 Meán Fómhair ag 2pm beidh an scannán Amhrán na Mara á thaispeáint.
Tá neart imeachtaí eile leagtha amach i rith na féile agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.
AMHARCLANNAÍOCHT
Amhráin ón gceoldráma An tÉalú ar fáil ar Spotify
Tá taifead stiúideo déanta ag Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh ar na hamhráin ón gceoldráma An tÉalú agus iad curtha ar fáil acu ar Spotify. Seán Óg Ó Duinnín a scríobh agus Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh a léirigh. Is scéal é An tÉalú atá suite i dteach altranais ina bhfuil grúpa daoine ag iarraidh éalú as.
Leanann an dráma carachtar Shíle agus a cairde agus iad ag streachailt leis an saol laethúil sa teach altranais agus ag brú in aghaidh na srianta atá orthu. Tá greann, ceol agus spraoi fite fuaite sa léiriú seo ach é ag plé le téamaí móra a bhaineann leis an aois, an neamhspleáchas agus dínit an duine.
Beidh deis eile ag lucht éisteachta an ceoldráma a fheiceáil sa Cork Opera House Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair ag 8pm. Ticéid anseo.
COMÓRTAS

Comórtais Taibhealaíon Oireachtas na Gaeilge – síneadh ama
Tá síneadh ama curtha ag Oireachtas na Gaeilge leis an sprioclá d’iarratais ar na Comórtais Taibhealaíon 2026. Beidh Oireachtas na Samha ar bun i gCill Airne, Co. Chiarraí i mbliana ón 28 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain. Is féidir clár na gcomórtas a fheiceáil agus iontráil a dhéanamh ar líne ar shuíomh idirlín Oireachtas na Gaeilge. Is é an spriocdháta nua d’iarratais ná Dé Céadaoin an 23 Meán Fómhair.
Tuilleadh eolais anseo.
SIOMPÓISIAM
Siompóisiam i gcuimhne ar Phádraig Ó Snodaigh
Beidh siompóisiam náisiúnta oidhreachta agus dúchais i gcuimhne ar Phádraig Ó Snodaigh (1935–2025) ar bun sa UCD Village Auditorium Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair ón 1-9pm. Is é Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála, a chuirfidh an chéad seisiún i láthair, ‘An Snodach, Coiscéim agus Cúrsaí Staire’. Is iad an Dr Pádraig Ó Laighin (UCD) agus Aindrias Ó Cathasaigh a bheidh ar an bpainéal agus beidh léamh próis ann le Séamus Mac Annaidh.
‘An Snodach agus Conradh na Gaeilge’ a bheidh mar ábhar ag seisiún 2 a bheidh ar bun ó 2:30pm. Is í Mairéad Uí Dhomhnaill a bheidh sa gcathaoir agus beidh Ciarán Ó Feinneadha, Íte Ní Chionnaith agus Ciarán Mac Giolla Bhéin ar an bpainéal. Cuirfidh an scríbhneoir Thaddeus Ó Buachalla, údar an leabhair El, léamh próis i láthair.
Tuilleadh eolais agus áirithintí anseo.
TEILIFÍS
An Grá Ciúin á thaispeáint ar TG4
Tar éis dó a bheith á thaispeáint ag féilte ar fud an domhain, taispeánfar an clár faisnéise a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige An Grá Ciúin (A Quiet Love), den chéad uair ar TG4 ar an 26 Meán Fómhair ag 9pm. Ghlac 28 ball de phobal bodhar na hÉireann páirt sa scannán agus insítear scéalta grá ann trí scéalta triúr lánúineacha atá bodhar.
I measc na scéalta, tá scéal faoi chaidreamh grá rúnda idir Caitliceach agus Protastúnach le linn na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann; tá scéal ann faoi lánúin chomhghnéis as Corcaigh agus Béal Feirste atá ag dul i ngleic le bheith ina dtuismitheoirí ag páistí atá bodhar agus páistí nach bhfuil agus scéal faoi dhornálaí atá bodhar agus a pháirtí atá ag tabhairt aghaidh ar rogha a chuirfidh athrú ó bhun ar a saol.
CEOL
Singil agus físeán nua le Doireann Ní Ghlacáin
Tá a céad albam aonair fógartha ag an gceoltóir, amhránaí ar an sean-nós, craoltóir agus podchraoltóir Doireann Ní Ghlacáin, An Tairseach : The Threshold a bheidh á eisiúint ar an 15 Eanáir, 2027. D’eisigh Ní Ghlacáin an chéad singil ón albam an tseachtain seo, an t-amhrán traidisiúnta bríomhar ‘Madam I’m a Darlin’ in éineacht le físeán nua ceoil.
Leanann an físeán seanbhean as Baile Átha Cliath agus í ag imeacht ar fud na cathrach agus caitheann súil ghéar ar an meath agus easpa spásanna pobail sa gcathair. Is é Dónal Glackin a stiúir an físeán agus tá Bríd Ní Neachtain le feiceáil sa bpríomhpháirt agus páirteanna caimeo le John Francis Flynn, Hajime Takahashi, Tomás Mulligan agus Jimmy Clarke.
Rinneadh taifeadadh ar an traic beo gan aon eagarthóireacht, is cur i láthair lom, nádúrtha atá ann den cheol traidisiúnta. In éineacht le Doireann ar an singil, tá Libby McCrohan, Peadar Tom Mercier (Trá Pháidín), agus Pádraig Óg Mac Aodhgáin (Ispíní na hÉireann). Is é Ben Rawlins a rinne an taifeadadh.
Beidh Ní Ghlacáin ag dul ar camchuairt in 2027 agus tá na ticéid ar díol anois.
Fág freagra ar 'Féile na bhFlaitheartach, siompóisiam i gcuimhne ar Phádraig Ó Snodaigh, singil nua le Doireann Ní Ghlacáin, Féile Bronntanas i mBÁC '