LEABHAIR
Seoladh Dearg le Máire Zepf
Beidh an t-úrscéal nua do dhéagóirí, Dearg, le Máire Zepf á sheoladh in An Ceathrú Póilí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an Satharn an 12 Meán Fómhair ag 2pm Is í Caoimhe Ní Chathail a sheolfaidh an t-úrscéal nua atá foilsithe ag Futa Fata.
Úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí agus daoine óga fásta é Dearg faoi dhuine óg atá an-phaiseanta faoi go leor rudaí sa saol, a cuid cairde, an teanga, cearta daonna, ach go dteipeann ar a misneach aon uair a dhéanann sí iarracht labhairt os comhair daoine eile,. Nuair a éiríonn sí féin agus a cairde tógtha leis an ghluaiseacht cearta teanga i mBéal Feirste, déanann sí cinneadh: caithfidh sí a glór féin a aimsiú.
Údar aitheanta í Máire Zepf i saol litríocht na n-óg agus litríocht na Gaeilge. Bhain a céad úrscéal véarsaíochta Nóinín gradam Leabhar na Bliana de chuid KPMG Leabhair Pháistí Éireann in 2020.
Tá an leabhar ar fáil le réamhordú anseo.
DAMHSA
Ranganna Damhsa Seit le AerachAiteachGaelach
Beidh ranganna míosúla damhsa seit á gcur ar bun ag an gcomharghrúpa AerachAiteachGaelach leis an damhsóir Patricia Ní Bhroin, ag tosú ar an 8 Meán Fómhair in ionad Fhoras na Gaeilge, 66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. Beidh ranganna ar bun ar an dara Dé Máirt den mhí, gach mí go dtí 31 Nollaig, 2026.
Is rang míosúil é seo le haghaidh daoine LADTAIÉ+ agus a gcomhghuaillithe díreacha agus úsáidtear friotal atá neodrach ó thaobh inscne de lena linn. Tá fáilte curtha ag lucht eagraithe na ranganna roimh chách agus deir siad nach gá do dhaoine taithí a bheith acu ar an damhsa seit cheana mar go léireofar gach gné ón tús agus go dtaispeánfar na céimeanna.
Clárú agus eolas ag an nasc seo.
CEOL
Seisiúin cheoil don óige i gCois Fharraige
Beidh dhá sheisiún ceoil á gcur ar bun in Amharclann Chois Fharraige do cheoltóirí óga ar an Domhnach, 13 Meán Fómhair. Cuirfear dhá sheisiún ar leith ar bun, le freastal ar aoisghrúpaí éagsúla. Cuirfear seisiún ar bun don aoisghrúpa idir 8 agus 12 bliain d’aois ón 12-1pm. agus seisiún do cheoltóirí idir 13 agus 17 bliain d’aois ó 1.30pm go dtí 3pm.
Beidh deis ag na rannpháirtithe ceol a sheinm le chéile, triail a bhaint as smaointe ceoil agus taitneamh a bhaint as an gceol traidisiúnta i suíomh cruthaitheach cairdiúil. Cuirfear na seisiúin ar bun in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) agus beidh fáilte roimh gach uirlis cheoil.
Níl aon táille ar na seisiúin ach is gá clárú roimh ré ar Eventbrite anseo.
FÉILE
Féile John Ford sa Spidéal
Beidh Féile John Ford ar bun sa Spidéal arís i mbliana ó 11-13 Meán Fómhair. Cuireadh tús leis an bhféile seo anuraidh, féile ina ndéantar ceiliúradh ar shaol, ar oidhreacht agus ar ealaín an déantóra scannán cháiliúil a mba as ceantar an Spidéil i gConamara a athair ó dhúchas sula ndeachaigh sé ar imirce go Meiriceá.
In Portland Maine a rugadh John Martin Feeney in 1894. Glactar leis go bhfuil sé ar dhuine de na stiúrthóirí ba thábhachtaí agus ba mhó tionchar i Ré Órga Hollywood. Chaith sé os cionn 50 bliain i mbun oibre. I gcaitheamh an ama sin ar fad, bhí spiorad agus íomhánna iarthar na hÉireann le n-aithint ina shaothar.
Beidh rogha scannán le John Ford á dtaispeáint i rith na féile i mbliana, The Quiet Man agus The Plough and the Stars ina measc. Cuirfear cainteanna, taispeántas, ceardlanna agus imeachtaí eile ar bun i rith na féile freisin.
Tuilleadh eolais anseo.
CULTÚR
Oíche Chultúir 2026
Beidh Oíche Chultúir 2026 ar bun ar an Aoine an 18 Meán Fómhair agus lear mór imeachtaí beartaithe ar fud na tíre. Ócáid bhliantúil phoiblí í an Oíche Chultúir a bhíonn ar bun gach bliain ar an dara Aoine deireanach de mhí Mheán Fómhair agus é d’aidhm léi ceiliúradh a dhéanamh ar an gcultúr, an chruthaitheacht agus na healaíona.
Tá sé d’aidhm léi freisin deiseanna a chur ar fáil don phobal leas a bhaint as imeachtaí cultúrtha gan táille a íoc orthu. Cuirtear na himeachtaí ar fad ar fáil saor in aisce le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó údaráis áitiúla, Oireachtas na Gaeilge agus eagraíochtaí eile.
I measc na n-imeachtaí Gaeilge a bheidh ar bun ar Oíche Chultúir na bliana seo, beidh ‘Abair Amhrán Linn’ le Clann Uí Chasaidigh i bPríomhoifig Ghael Linn ag tosú ag 5pm, beidh Oíche Airneáil in Áislann Ghaoth Dobhair () agus ceolchoirm le Emer O’Flaherty agus Philip Fogarty ‘Amhráin Fhiáine’ sa Taibhdhearc i nGaillimh ()
Tuilleadh eolais agus liosta na n-imeachtaí ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile John Ford sa Spidéal, Dearg le Máire Zepf, Oíche Chultúir 2026, Damhsa seit le AerachAiteachGaelach, Seisiúin don óige i gCois Fharraige'