Tháinig ceithre ghrúpa cuilteálaithe ó Chonamara agus Inis Oirr le chéile ag an deireadh seachtaine i Halla Pobail na Tulaí i mBaile na hAbhann chun a gcuid oibre a thaispeáint go poiblí. Tá grúpaí ó Leitir Mealláin, Carna/Glinsce, Inis Oirr agus Cois Fharraige páirteach sa tionscnamh seo. Pictiúir: Bertie Ó hAinmhire
Ceithre ghrúpa cuilteálaithe ó Chonamara agus Inis Oirr a tháinig le chéile i Halla Pobail na Tulaí i mBaile na hAbhann chun a gcuid oibre a thaispeáint
Caitlín Nee, Cáit Ní Choisdealbha agus Caitlín Uí Churraoin ag baint sásamh as an ócáid
Méimí Ní Chualáin, Teach Mór, Indreabhán le toradh a cuid oibre
Síle Ní Chonghaile as na Forbacha
Aibí Nic Leoid as Leitir Mealláin leis an gcuilt a rinne sí
Caoimhe agus Éamon Ó Diollúin, an an gCloich Mhóir an-bhródúil as obair láimhe a n-aintín, Caitlín Uí Churraoin
Cuilteálaí paiteanta í Áine Máire Ní Odhráin a bhunaigh grúpa Chois Fharraige
Máire Áine Ní Choirbin as Carna a tháinig aniar lena cuid oibre a thaispeáint
Mary O’Malley as Cathair na Mart leis an gcuilt álainn ‘drisiúir’ a rinne sí
Cait agus asail i measc na dtéamaí sa saothar
An fharraige, an cósta agus na báid go mór chun tosaigh
Cóta ildaite Dolly agus crann Nollag
Saibhreas ealaíne le sonrú sna cuilteanna píosáilte
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Togha na gcuilteanna ealaíonta ar taispeáint ag mná Inis Oírr agus Chonamara'