Beidh siad ag ceol agus ag bopáil i nGaoth Dobhair agus i nDún Lúiche an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Dorn San Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí á reáchtáil don tríú bhliain. Bhí duine de choiste na féile, Eoghan Mac Giolla Bhríde, in éineacht le Seán Tadhg, Bridget agus Pádraic ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge agus cur síos déanta ag Eoghan ar imeachtaí na féile, ar oidhreacht a dhlúthchara agus ar an gcúis go bhfuil ceoltóirí ó cheann ceann na tíre ag déanamh ar Thír Chonaill an deireadh seachtaine seo in ómós dó.
Pléadh chomh maith cuid de na scéalta a tháinig chugainn ó Theach Laighean an tseachtain seo. Tráth a bhfuil iar-aire stáit don Ghaeltacht ag iarraidh daoine gan Gaeilge a chur ar chomhairle lucht féachana TG4, tá iar-aire eile ag iarraidh iad a chur ar rothair leictreacha agus iad a thabhairt timpeall thuaisceart Dhún na nGall chun cúpla focal a mhúineadh dóibh.
Rinne criú ‘An Pod Gaeilge’ cíoradh ar na ceisteanna seo agus a thuilleadh.
Fág freagra ar 'PODCHRAOLADH: Doirn agus doirníní san aer don Ardrí, miotal an bháis agus Joe ar a rothar leictreach'