FÉILTE
Dorn san Aer
Tá Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, le Dorn san Aer, an fhéile i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí a oscailt go hoifigiúil tráthnóna inniu, Dé hAoine an 25 Meán Fómhair.
Beidh na doirne san aer arís i mbliana i nGaoth Dobhair agus i nDún Lúiche, agus tá an chuma ar Fhéile Dorn San Aer 2026 go mbeidh sí ar cheann de na deirí seachtaine is bríomhaire sa cheantar, agus féasta ceoil á chur ar fáil don phobal.
Osclóidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an tríú féile go hoifigiúil ag 7pm tráthnóna inniu in Amharclann Ghaoth Dobhair, tús galánta, Gaelach agus tráthúil leis an gceiliúradh, ó bhí aithne phearsanta ag an Uachtarán Connolly ar Rónán Mac Aodha Bhuí.
Bunaíodh an fhéile in 2024 i gcuimhne ar an gcraoltóir mór le rá Rónán Mac Aodha Bhuí, a bhásaigh an bhliain roimhe sin. Ba é Rónán an fear a chuir fuinneamh, gáire agus misneach i gcroíthe na sluaite lena ghlao cáiliúil: ‘Dorn san Aer do na Gaeil!’ Agus le linn na féile seo, gealltar go mbeidh an meon sin le brath go láidir ó thús deireadh.
Tá clár na féile anseo.

Féile Chois Fharraige
Beidh an fhéile bhliantúil Féile Chois Fharraige ag tosú ar an Domhnach 27 Meán Fómhair agus í ag leanacht ar aghaidh go dtí an Domhnach, 4 Deireadh Fómhair. Féile í seo a dhéanann ceiliúradh ar ealaíona agus ar chruthaitheacht phobal Chois Fharraige le béim láidir ar dhúchas agus ar oidhreacht chultúrtha an cheantair a mheabhrú do dhaoine agus a dhaingniú. Beidh imeachtaí na féile ar bun in áiteanna éagsúla i gCois Fharraige ó cheantar na bhForbacha go Ros a’ Mhíl.
Ar cheann de théamaí móra na féile i mbliana beidh comóradh agus ceiliúradh ar shaothar Johnny Chóil Mhaidhc, duine de laochra Chois Fharraige, a d’imigh ar shlí na fírinne fiche bliain ó shin. Beidh an seó Johnny ar an ardán in Amharclann Chois Fharraige ar an Satharn, an 3 Deireadh Fómhair, agus rogha ócáidí ar bun mar chuid den fhéile.
Beidh an dráma An Tincéara Buí le Johnny Chóil Mhaidhc á léiriú ag Aisteoirí an Spidéil agus beidh sleachta as a chuid scríbhinní idir phíosaí aithriseoireachta agus agallaimh bheirte á gcur i láthair freisin. Seolfaidh Cló Iar-Chonnacht an leabhar nua Johnny Chóil Mhaidhc: Saothar Saoil, cnuasach dá chuid scríbhneoireachta mar chuid den oíche chomh maith.
I measc na n-imeachtaí eile, beidh damhsóirí ar an sean-nós ag teacht le chéile Tigh Chualáin le clabhsúr a chur ar fhéile na bliana seo, agus ócáid a tharla leathchéad bliain ó shin á comóradh acu freisin. Eagraíodh ‘Taispeántas Damhsa Aonair ar an Sean-Nós’ mar a tugadh air Tigh Chualáin le linn Oireachtas na Gaeilge a bhí ar bun i gCois Fharraige 50 bliain ó shin.
Deirtear gur ag an ócáid sin a baisteadh den chéad uair ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ar an stíl damhsa atá fós beo i gConamara.
Cuirfear réimse mór imeachtaí eile ar bun i rith na féile, ina measc, ócáidí a bheidh á n-eagrú ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, Club Scannán Chois Fharraige agus Club Leabhar Chois Fharraige.
Taispeánfar an scannán Báite i rith na féile agus beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag plé an leabhair Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta.
Is cuid lárnach den fhéile freisin an tsiúlóid bhliantúil a chuirtear ar bun maidin Dé Domhnaigh, 4 Deireadh Fómahir agus i mbliana is i gceantar na bhForbacha a bheidh an tsiúlóid ar bun agus í á reáchtáil i gcomhar le Cumann Iománaíochta Bhearna/Na Forbacha. Is é an staraí Cormac Ó Comhraí a bheidh ag treorú na siúlóide i mbliana.
Tá tuilleadh eolais anseo.
Féile Sean-Nóis na Gaillimhe
Beidh Féile Sean-Nóis na Gaillimhe ar bun an deireadh seachtaine seo chugainn, ón 2-4 Deireadh Fómhair. Seo í an dara bliain den fhéile seo a dhéanann ceiliúradh ar an amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós agus ar an gcultúr Gaelach sa gcathair agus i gConamara.
Cuirfear tús le himeachtaí an deireadh seachtaine ar an Aoine, 2 Deireadh Fómhair ag a 8pm in Áras na nGael ar Shráid Doiminic i nGaillimh le Ceolchoirm na Féile. I measc na ndaoine a bheidh páirteach sa gceolchoirm beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige (Liadán, Bronagh, Éadaoin agus Fódhla), Sara Ghriallais, Domhnall Ó Braonáin, Áighne Ní Chadhain, Rónán Ó Conghaile, Clann Uí Dhubháin, Máirín Mhic Lochlainn, Colm agus Róisín Seoighe agus go leor eile.
Cuirfear an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós, Corn Chathair na Gaillimhe, ar bun tráthnóna Dé Sathairn, an 3 Deireadh Fómhair, san Áras freisin. Cuireadh tús leis an gcomórtas seo anuraidh agus is é Michael Frank Ó Confhaola a bhuaigh an corn an chéad bhliain. Tá duaischiste ag dul leis an gcomórtas arís i mbliana, €250 don chéad áit agus ceithre rannóg eile, ar fiú €150 an ceann iad. Is féidir clárú don chomórtas ach rphost a sheoladh chuig: cfgaillimh@cnag.ie.
Tuilleadh eolais anseo.
TEILIFÍS
Ceol le Chéile, clár nua ceoil ar RTÉ a hAon
Cuirfear tús tráthnóna inniu, Dé hAoine, na 25 Meán Fómhair, leis an tsraith nua Ceol le Chéile ar RTÉ a hAon agus Seinnteoir RTÉ ag 8pm.
Sa tsraith seo cuireann ceoltóirí Éireannacha aitheanta aithne ar cheoltóirí ó nuaphobail na hÉireann agus an ceol traidisiúnta mar dhroichead eatarthu.
Cruthaíonn na ceoltóirí saothair nua le chéile a tharraingíonn ar cheol traidisiúnta, amhráin agus rince ar an sean-nós, ceol na hIndia agus cnagcheol domhanda. I measc na gceoltóirí Éireannacha aitheanta a ghlac páirt sa tsraith tá Liam Ó Maonlaí, Aoife Ní Bhriain, Muintir de Barra, Muintir Uí Mhaolagáin (Caoimhe agus Sarán le Muirne Nic Róibín) agus Jack Talty. Casann siad le ceoltóirí agus amhránaithe ó nuaphobail na hÉireann, Favour Odusola, Pooja Sethi Khanna, Citadel, agus Anna Stepanova, a thagann ó thíortha éagsúla ó dhúchas, an Nigéir, an India, an tSiria, an Asarbaiseáin agus an Úcráin san áireamh.
AMHARCLANNAÍOCHT
Tuairimí an phobail á lorg ag An Taibhdhearc
Sheol An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, suirbhé ar líne le seachtain anuas le tuairimí an phobail a lorg maidir le straitéis nua na Taibhdheirce don tréimhse 2028-2031.
Faoi láthair tá An Taibhdhearc ag feidhmiú de réir straitéis Síolta 2025-2027, arna maoiniú ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Mar chuid den straitéis sin, tá sé i gceist saothair nua i nGaeilge a chruthú – is é Saoirse an saothar is déanaí. Is ceoldráma nua é a léiríodh den chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta na Gaillimhe, agus tá sé ar siúl in Amharclann na Mainistreach an mhí seo, mar chuid d’Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath.
Tá An Taibhdhearc ag iarraidh tuairimí a fháil ón bpobal. Beidh an suirbhé ar fáil ar shuíomh idirlín na hamharclainne go dtí an 9 Deireadh Fómhair.
Tá tuilleadh eolais anseo.
GREANN
Gáire as Gaeilge ag Féile Greann na Gaillimhe
Beidh ‘Gáire as Gaeilge’ ar ais arís i mbliana mar chuid den fhéile Greann na Gaillimhe ar an Aoine an 23 Deireadh Fómhair sa Pálás. Is é an fear grinn Paddy McDonnell a chuirfidh an phríomhmhír i láthair an oíche sin agus beidh Aideen McQueen ann freisin chomh maith le Eddie Mullarkey agus Seán Begley. Is é Eddie Mullarkey a bheidh ina fhear an tí ar an oíche.
Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.
LITRÍOCHT
Féile Litríocht na hIodáile agus na hÉireann in Éirinn
Beidh Féile Litríocht na hIodáile agus na hÉireann in Éirinn (FIILI) ar bun idir na 25-26 Meán Fómhair ag an Instituto Italiano di Cultura Dublino. Seo an ceathrú heagrán den fhéile agus ‘An Litríocht mar Fhriotaíocht’ téama na féile i mbliana.
Tugann an fhéile cuireadh do scríbhneoirí Éireannacha agus Iodálacha ócáidí léitheoireachta, cainte agus ceardlannaíochta a chur i láthair. Tá an fhéile á comheagrú ag Michela Linda Magrì, Stiúrthóir Instituto Italiano di Cultura, agus ag na húdair agus comhléiritheoirí Catherine Dunne (PEN na hÉireann) agus Enrica Ferrara (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath).
Díreoidh féile na bliana seo ar shaothar na bhfilí agus na scríbhneoirí Iodálacha Laura Pugno, Daria Bignardi, Giuseppe Catozzella, Viviana Fiorentino, Antonella Lattanzi, Tommaso Pincio agus Nadeesha Uyangoda. I measc na scríbhneoirí agus na bhfilí Éireannacha a bheidh le cloisteáil ag an bhféile, beidh Michael Cronin, Martina Devlin, Martin Doyle, Wendy Erskine, Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Beidh máistir-rang san aistriúchán á stiúradh ag Sophie Hughes i rith na féile agus máistir-rang sa scríbhneoireacht chruthaitheach á stiúradh ag Paul McVeigh.
Tuilleadh eolais anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile Chois Fharraige, Féile Sean-Nóis na Gaillimhe, Dorn san Aer, Ceol le Chéile'