GAILEARAÍ: Leabhar nua le John Walsh faoi stair na Gaeltachta seolta in Ollscoil na Gaillimhe

GAILEARAÍ / Leabhar nua le John Walsh faoi stair na Gaeltachta seolta in Ollscoil na Gaillimhe

Sean Ó Mainnín

Sheol an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg, an leabhar 'Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926' le John Walsh sa Téatar, Áras na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Tá John ina Ollamh Comhlach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr san Ollscoil. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín


GAILEARAÍ: Togha na gcuilteanna ealaíonta ar taispeáint ag mná Inis Oírr agus Chonamara

Togha na gcuilteanna ealaíonta ar taispeáint

Sean Ó Mainnín

Tháinig ceithre ghrúpa cuilteálaithe ó Chonamara agus Inis Oírr le chéile ag an deireadh seachtaine i Halla Pobail na Tulaí i mBaile na hAbhann chun a gcuid oibre a thaispeáint go poiblí. Tá grúpaí ó Leitir Mealláin, Carna/Glinsce, Inis Oírr agus Cois Fharraige páirteach sa tionscnamh seo. Pictiúir: Bertie Ó hAinmhire




GAILEARAÍ: ‘Turas COGG’ seolta ag Tomás Ó Síocháin agus ‘Flora na hÉireann’ seolta ag Aedín Ní Thiarnaigh in Óstán Chonamara sna Forbacha

GAILEARAÍ / 'Turas COGG' seolta ag Tomás Ó Síocháin agus 'Flora na hÉireann' seolta ag Aedín Ní Thiarnaigh in Óstán Chonamara sna Forbacha

Sean Ó Mainnín

Sheol Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, 'Turas COGG' ag comhdháil na heagraíochta sin in Óstán Chonamara an Céadaoin seo caite. Sheol an saineolaí plandaí agus craoltóir, Aedín Ní Thiarnaigh, sraith painéal 'Flora na hÉireann' a dháilfear ar scoileanna Gaeltachta. Níos luaithe thug Aedín léiriú ar na painéil do dhaltaí Scoil na bhForbacha agus Scoil Éinne an Spidéil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín