Tá trí lá dobróin tosaithe sa Spáinn in ómós don 74 duine a cuireadh den saol nuair a bhuail dá thraein ardluais faoina chéile.
Tá 50 duine eile in ospidéal agus cóir leighis á cur orthu agus 15 díobh gortaithe go han-dona.
Maidin Dé Céadaoin a tharla an timpiste nuair a bhuail traein a bhí ag gabháil ó Mhaidirid go Sevilla traein eile, a bhí ina seasamh ar an líne, sa tóin. Tá an timpiste seo ar cheann de na cinn is measa riamh san Eoraip agus gan é bliain féin ó tharla ceann eile ar an iarnród gnóthach céanna.
Thug Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez, cuairt ar láthair na timpiste i gcúige Toledo agus dúirt “go raibh an tír ar fad faoi dhobrón”.
Bhí an dá thraein ag teacht as Maidrid agus iad ag dul go réigiún Andalucía ar an líne iarnróid chéanna nuair a tharla an tuairt maidin Dé Céadaoin díreach roimh a 9.00am.
Dúirt an Príomh-Aire Sánchez gurb é an rud is práinní anois aire a thabhairt do na daoine atá gortaithe agus dá ndaoine muinteartha agus an méid is féidir de na paisinéirí atá fós ina mbeo a tharrtháil.
Tá an Coimisiún Iniúchta Timpistí Traenach agus na cúirteanna ag fiosrú cén cionsiocair a bhí leis an timpiste, mar atá an Roinn Iompair.
Dhearbhaigh Sánchez go ngníomhódh an rialtas go diongbháilte dá bhfaighfí amach gur teipeanna sa gcóras sábháilteacht ba chúis leis an tubaiste seo.
“Is léir go gcaithfimid sábháilteacht ár dtraenacha a dhaingniú agus an mhuinín a chothú arís sna traenacha ardluais. Níl sé inghlactha go mbeadh dhá thimpiste ag traenacha ardluais sa mbliain chéanna i dtír mar an Spáinn.”
Mí Eanáir i mbliana a bhuail dhá thraein ardluais faoina chéile sa deisceart i réigiún Andalucía, tráth ar imigh ceann acu den ráille agus anonn ar an líne iarnróid eile. Sa timpiste sin maraíodh 46 duine.
Sa dá thimpiste seo, ba leis an gcomhlacht stáit Renfe ceann de na traenacha agus ba leis an gcomhlacht príobháideach Iryo ceann eile.
Tá oifigí oscailte i Maidrid, Toledo, Cordoba agus Sevilla le deis a thabhairt do lucht gaoil samplaí DNA a thabhairt le cuidiú leis an húdaráis a ndaoine muinteartha a aimsiú.
Fág freagra ar 'Scamall dobróin ar an Spain de bharr timpiste uafásach thraenach'