FÉILTE

Oireachtas na Samhna faoi lán seoil
Tá Oireachtas na Samhna faoi lán seoil i gCill Airne agus imeachtaí na féile ag dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, 1 Samhain. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun inniu, Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair, beidh na comórtais amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós do dhaoine óga ar siúl i gcaitheamh na maidine in ionaid éagsúla.
Beidh Corn Mháire Nic Dhonnchadha, comórtas amhránaíocht ar an sean-nós do mhná os cionn 35 ar bun sa mBálseomra in óstán an Gleneagle ag 2.30pm agus Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-nóis Chonamara, amhránaíocht ar an sean-nós na bhfear os cionn 35 bliain d’aois, ar bun ag an am céanna i Svuít Brehon in Óstán Brehon.
I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar bun inniu, beidh an leabhar An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn á sheoladh ag 3pmag Aonach an Oireachtais. Beidh an clár Pé Scéal É le RTÉ Raidió na Gaeltachta á chraoladh beo ón lobaí sa Gleneagle le Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó 3-5pm. Agus beidh mórsheoladh leabhar le Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag Aonach an Oireachtais ag 4pm.
Tá clár na féile ar fáil anseo.
Imeachtaí Gaeilge ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath
Beidh Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath ar siúl ón 4 go dtí an 8 Samhain, agus réimse imeachtaí trí Ghaeilge agus dátheangacha ar fáil ar chlár na bliana seo.
Ar an 4 Samhain, ag 6.30pm, beidh Róisín Ní Ghairbhí, Aodh Ó Coileáin agus Máire Ní Chonláin ag caint le Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus an leabhar Scannánaíocht na Gaeilge á phlé acu in Institiúid Scannán na hÉireann. Taispeánfar an clár faisnéise Anam na Mara ag an ócáid freisin.
Beidh Hector Ó hEochagáin ag caint le Muireann O’Connell faoina leabhar Irish Words for Every Occasion ar an 7 Samhain ag 6.45pm i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann agus níos luaithe sa lá, beidh Clinic Leabhar do Dhaoine Fásta á reáchtáil ag Anna Heussaff san ionad céanna ag 3.15pm.
Déanfar plé ar an bhficsean staire ag an ócáid Macallaí na Staire / Echoes of History atá á reáchtáil i gcomhar leis an bhFéile IMRAM ar an Satharn 7 Samhain ag 2pm. Beidh na scríbhneoirí Darach Ó Scolaí, Liam Mac Cóil agus Réaltán Ní Leannáin ag caint leis an Ollamh Michael Cronin faoina gcuid scríbhneoireachta sa seánra seo.
Beidh Móroíche Filíochta agus Ceoil sa Teeling Distillery ar an 7 Samhain ag 6.30pm agus Róise Ní Bhaoill, Mícheál Ó Ruairc ag léamh óna saothar agus ceol beo le Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin. Cuirfidh Éigse Éireann dhá oíche filíochta Céadlínte ar bun i rith na féile, áit a gcloisfear ó fhilí nua atá páirteach sa togra meantóireachta le Aifric Mac Aodha agus Victoria Kennefick.
Cuirfidh Liam Carson ceardlann dhátheangach scríbhneoireachta siúlóide, Trí Mhionlíne, ar bun ar an Domhnach an 8 Samhain ag 2.30pm ag tosú ag Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann. I measc na n-imeachtaí do pháistí, beidh scéalaíocht dhátheangach le Patricia Forde, bunaithe ar an bpictiúrleabhar An Peata is Fearr, i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 7 Samhain ag 1pm.
Ticéid agus clár anseo.
CEOL
Diamaint agus Meirg, togra Dylan-Baez ag IMRAM
Tionscadal nua ó IMRAM bunaithe ar an gcaidreamh cruthaitheach agus pearsanta a bhí ag Bob Dylan agus Joan Baez. Spreagadh spéis as an nua le deireanas sa ré seo de cheol na beirte ó tháinig an scannán beathaisnéise A Complete Unknown amach anuraidh.
D’éirigh go maith leis an dá thionscadal a d’eagraigh IMRAM cheana ar Bob Dylan, ceann acu bunaithe ar na hamhráin is mó clú aige agus an ceann eile ar na hamhráin gaspal. Beidh an ócáid seo ar bun in Amharclann Smock Alley ar an Satharn an 14 Samhain ag 7:30pm. Ticéid anseo.
AMHARCLANNAÍOCHT
PYGMALION 26 san Axis, Baile Munna
Leanfaidh Aisling Ghéar ar aghaidh leis an gcamchuairt náisiúnta le Pygmalion 26 ar an Aoine, 9 Samhain agus iad ar stáitse san Axis i mBaile Munna ag a 8pm. Athinsint ar dhráma cáiliúil George Bernard Shaw atá ann agus an dráma suite i mBéal Feirste i rith Oireachtas na Samhna 2025.
Pléann an dráma le ceisteanna a bhaineann le haicmí sóisialta agus na bealaí ina ndéantar breithiúnas ar dhaoine bunaithe ar an mblas a bhíonn ar a gcuid cainte.
Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.
Seó ilmheán faoi bhus an 424 ag IMRAM
Beidh seó ilmheán An 424: An Bus go dtí an Ghealchathair á léiriú ag IMRAM in Amharclann Smock Alley ar an Aoine an 13 Samhain ag 7.30pm. Is é an 424 an uimhir atá ar an mbus a théann an bóthar ó chathair na Gaillimhe siar go Conamara trí Chois Fharraige. Is í Majella Ní Chríocháin, bainisteoir IMRAM a chuir an seó le chéile agus an turas ar an mbus seo, na daoine a bhíonn air agus an tírdhreach mar inspioráid aici.
Le linn an tseó, léifidh an file Laoighseach Ní Choistealbha, arb as Dún na nGall di ach a bhfuil cónaí uirthi i gCarna, an t-úrscéalaí Jackie Mac Donncha as Cill Chiaráin agus an file, ceoltóir agus craoltóir Cúán de Búrca, as Baile Átha Cliath, saothar nua a spreag a dturais ar an mbus. Seinnfidh Trá Pháidín, arbh é An 424 a gcéad albam, ceol agus cuirfidh an craoltóir agus scannánóir Donal Dineen íomhánna ar fáil.
Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna, Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath, An 424, Diamaint agus Meirg Dylan agus Baez'