Cinniúint pholaitiúil Netanyahu ag brath ar chinneadh pháirtithe Giúdacha an fhreasúra

Más aon léamh an 70% de na vótaí atá comhairthe go dtí seo, tá an chuma ar an scéal go mbeidh an dá bhloc Giúdach gann ar an 61 suíochán a theastódh le rialtas tromlaigh a ghairm

Cinniúint pholaitiúil Netanyahu ag brath ar chinneadh pháirtithe Giúdacha an fhreasúra

Tá an tromlach a bhí ag Benjamin Netanyahu sa rialtas in Iosrael caillte aige sa toghchán seo ina raibh iomaíocht ghéar agus a d’fhág saol na polaitíochta sa tír idir dhá cheann na meá.

Agus beagnach trí cheathrú de na vótaí a caitheadh comhairthe ní raibh aon chosúlacht air go n-éireoidh le ceachtar taobh tromlach feisirí a bheith acu.

D’ainneoin a mhalairt a bheith á thuar roimh ré, beidh Likud, páirtí Netanyahu ar an bpáirtí aonair is mó a bheidh ann. Ach sa rialtas deiridh comhrialtas a bhí déanta aige le páirtithe Giúdacha fíor-náisiúnacha agus fíor-cheartchreidmheacha agus beidh an comhghrúpa sin gann de bheagán ar an 61 suíochán a theastaíonn le tromlach a bheith ag rialtas i bparlaimint na tíre ina bhfuil 120 suíochán.

Tá cinniúint pholaitiúil Netanyahu ag brath anois ar chinneadh pháirtithe Giúdacha an fhreasúra, faoi cheannas Gadi Eisenkot ón bpáirtí nua-bhunaithe Yashar, cé acu an mbeidís sin sásta taobhú le páirtithe Palaistíneacha ar mhéadaigh a dtacaíocht go mór sa toghchán seo a ritheadh Dé Máirt.

Tá Netanyahu ag éileamh go mbunófaí rialtas “láidir” ar an eite dheis ach áitíonn Eisenkot gur vótáil pobal Iosrael go bhfaighfí réidh le Netanyahu.

Tá Yair Golan, ceannaire na nDaonlathach, atá ar chlé sa lár agus atá ina bpáirtnéir sóisearach i mbloc Athraithe Eisenkot, ag tuineadh le Eisenkot dul i mbun cainteanna leis an dá pháirtí Palaistíneach, an Comhliosta agus an Ra’am (Liosta Arabach Aontaithe).

“Níl aon todhchaí i ndán dúinn anseo mura n-éirímid as an bhfaitíos. Agus mura gcuirimid deireadh leis an gciníochas. Ní féidir linn glacadh feasta leis an idirdhealú ciníoch a dhéanann Netanyahu idir vótaí Arabacha agus vótaí Giúdacha,” a dúirt Yair Golan i bpostáil ar an meán sóisialta X.

“Duine ar bith a dhéanann iarracht neamhaird a dhéanamh ar vótaí na saoránach Arabach, is ionann sin agus géilleadh do Netanyahu agus an tuáille a chaitheamh isteach ar Iosrael,” a dúirt sé.

Ba é an toghchán seo an chéad cheann sa tír ó ionsaí Hamas ar áitritheoirí Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair trí bliana ó shin agus an léirscrios a rinne Iosrael ar Ghaza ina dhiaidh sin agus an cogadh a d’fhear an tír sin agus na Stáit Aontaithe ar an Iaráin.

Le linn an fheachtais bhí an freasúra faoi cheannas Gadi Eisenkot ag éileamh go mbeadh ar Netanyahu íoc as an teip, mar a fheiceann siadsan é, ionsaí an 7 Deireadh Fómhair 2023 a chosc, ionsaí a d’fhág 1,200 duine marbh.

Gheall ceannairí an fhreasúra freisin go mbeidís an-dian ar antoiscigh Iosraelacha a bhíonn sáite i bhforéigean in aghaidh na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar gafa agus go dtabharfaidís faoi cháil Iosrael thar lear a athbhunú.

Dúirt coimisiún de chuid na Náisiún Aontaithe an tseachtain seo go raibh Iosrael ag leanacht lena chinedhíothú in Gaza d’ainneoin sos comhraic, a shocraigh na Stáit Aontaithe Deireadh Fómhair seo caite, a bheith sínithe aige agus é fós i bhfeidhm.

I ráiteas ó Choimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe ar Chríocha Gafa na Palaistíne, dúradh go raibh údaráis Iosrael fós i mbun “gníomhartha cinedhíothaithe a raibh d’aidhm chinedhíothaithe leo na Palaistínigh in Gaza a scrios go hiomlán nó cuid díobh”.

De réir na bhfigiúirí is déanaí a chuir aireacht sláinte Gaza ar fáil tá 75,000 Palaistíneach maraithe in ionsaithe Iosrael ar Ghaza ó mhí Deireadh Fómhair 2023.

Fág freagra ar 'Cinniúint pholaitiúil Netanyahu ag brath ar chinneadh pháirtithe Giúdacha an fhreasúra'