Fillfidh Oireachtas na Samhna ar Chill Airne inniu agus tús á chur le féile mhór na nGael.
Meastar go mbeidh suas le 12,000 duine ag triall ar Chill Airne idir seo agus deireadh na féile Dé Domhnaigh agus 180 imeacht ar fad le reáchtáil.
Is i mBéal Feirste a bhí Oireachtas na Samhna anuraidh, ach tá an fhéile ag filleadh ar ostáin an Gleneagle agus an Brehon i mbliana don 11ú huair ó 2010.
Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a dhéanfaidh an tOireachtas a sheoladh ag ócáid speisialta in Óstán an Gleneagle ag 1pm. Beidh ceol, amhránaíocht agus damhsa mar chuid den ócáid agus fógrófar buaiteoirí chomórtais liteartha an Oireachtais chomh maith.
Beidh Aire na Gaeltachta Dara Calleary i láthair ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar siúl óna 8pm anocht. Tá Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar an iriseoir agus craoltóir Cathal Mac Coille.
Cuirfear tús amárach le comórtais ardáin Oireachtas na Gaeilge. 72 comórtas ar fad a bheidh ar siúl idir seo agus Dé Sathairn agus beagnach 1,200 iomaitheoir le páirt a ghlacadh.
Maidin amárach a thosóidh na comórtais ardáin sna healaíona béil agus cuirfear tús le himeachtaí an lae le comórtais do pháistí san Agallamh Beirte, san Aithriseoireacht agus sna Lúibíní.
Is iad na comórtais amhránaíochta agus rince ar an sean-nós mórimeachtaí na féile agus tús le cur le Corn Ui Riada ag 7.15pm Dé Sathairn. Tá an comórtas amhránaíochta le craoladh beo ar TG4 den chéad uair riamh i mbliana. Beidh an comórtas á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith agus é le feiceáil ar shuíomh Oireachtas na Gaeilge chomh maith.
Chomh maith leis na comórtais, tá líon mór imeachtaí agus ócáidí le bheith ar siúl le linn na féile, comórtais, seoltaí, craoltaí beo, seisiúin eolais, seimineáir, díospóireachtaí agus ócáidí do pháistí.
Amárach ag meán lae a osclófar Aonach an Oireachtais, mar a mbeidh seastáin ag comhlachtaí agus eagraíochtaí na nGael ag díol a gcuid earraí agus ag tabhairt éachtaint do dhaoine ar a gcuid oibre.
Déanfar ceiliúradh ar 30 bliain TG4 ag ócáid tráthnóna Dé Sathairn. Oíche Shamhna 1996 a thosaigh an stáisiún Gaeilge ag craoladh agus. leagan nua de sheinnteoir TG4 agus an dara sraith den tsraith Crá le seoladh ag Oireachtas 2026.
Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna le seoladh i gCill Airne ag Uachtarán na hÉireann'