Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an oíche ar bhuaigh mé Corn ‘WBO’ an Domhain sa dornálaíocht i Madison Square Garden. Bhí mé spíonta, báite le hallas ach thuig mé go raibh éacht déanta agam an oíche sin nach ndéanfainn dearmad air.
Níos luaithe an lá sin buaileadh mé sa rás 10,000 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha. Rith mé an rás go maith. Ach bhrúigh iomaitheoir eile go mídhleathach mé ag dul isteach sa 400m deireanach.
Ba chuma, mar gheall an lá dár gcionn, bhuaigh mé Corn an Domhain ag caitheamh saighead. Ceapadh mé mar Aire Airgeadais agus bhí orm agallamh teilifíse a dhéanamh ar an toirt. Agus chaill mé cúpla milliún euro ag díol is ag ceannach óstáin.
Cuimhním fós ar na heachtraí sin ar fad. Airím fós mo chroí ag bualadh i Madison Square Garden.
Cuimhním ar an argóint mhór théis dom a bheith brúite go mídhleathach ag na Cluichí Oilimpeacha.
Agus cuimhním ar an díoltas a mhothaigh mé nuair a bhuail an tsaighead dheireanach an clár chun an cluiche a chríochnú. Tops a mhac!
Ach sula gcaithim faoistin a dhéanamh…ní i Madison Square Garden a bhí mé an oíche sin i ndáiríre, ach sa gcistin sa mbaile ar an gCeathrú Rua. Ok, ní hé Mike Tyson a bhí sa gcúinne eile ach an oiread, ach ‘carachtar’ a chum mo dheartháir, Mazola (a bhíodh níos fíochmhaire ná Tyson in amantaí).
Más ag insint na fírinne atá muid, ní ag na Cluichí Oilimpeacha a chaill mé an rás 10,000m. Ach sa teach sa mbaile mar ghasúir. Deartháir eile a bhrúigh mé agus ní hé Mazola. Ní ainmneoidh mé é. (Richie)
Údar aiféala gur lú an seans go mbeidh cuimhní cinn mar sin ag roinnt páistí feasta.
I mí Márta bhuaigh cailín óg in Los Angeles cás in aghaidh na gcomhlachtaí teicneolaíochta Meta, ar leo Instagram agus Whatsapp agus Facebook, agus Google, ar leo Youtube.
Rinne siad an-dochar do mheabhairshláinte an chailín, a dúradh sa gcúirt. Shúigh siad isteach í. Ise agus an scáileán, lá i ndiaidh lae ar feadh uaireanta an chloig.
Chinn an giúiré gur dhear na comhlachtaí na meáin shóisialta le go mbeadh andúil ag páistí iontu.
Ghlac an giúiré leis go ndearna siad an-damáiste do mheabhairshláinte Kaley, an cailín a thóg an cás.
Thosaigh sí á n-úsáid ag aois a sé. Mar andúileach, ní raibh sí in ann staonadh uathu sa lá ná deireanach san oíche. Chothaigh siad an galar dubhach inti. Deir sí gur chothaigh na seirbhísí smaointe diúltacha inti fúithi féin, faoina colainn, faoin gcuma a bhí uirthi. Samoinigh sí fúithi féin a ghortú nó a mharú.
Deir na comhlachtaí sa gcosaint go bhfuil cúrsaí meabhairshláinte an-chasta agus nach féidir an milleán a chur ar aon rud amháin má dhéantar dochar di.
San iomlán, níor ghlac an giúiré leis sin. Deir siad gur fheidhmigh na comhlachtaí “…with malice, oppression, or fraud”.
I gcás eile, thug 29 stát i Meiriceá cás in aghaidh Meta (Instagram/Facebook/Whatsapp), cás a réitíodh gan dul chun cúirte i mí Lúnasa.
Íocfaidh Meta bille $18,000,000,000 mar gheall go raibh dearadh andúileach ar a gcuid seirbhísí a bhí díobhálach do pháistí.
$18bn – sin go leor builíní.
Íocfaidh siad sin, a deir Mark Zuckerberg, ach níor ghlac siad le dliteanas sa gcomhréiteach. Níor ghlac siad leis go raibh an milleán orthu.
In 2024, chuir An Coimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn fíneáil os cionn €260 milliún ar Meta as sárú ar chosaint sonraí mhuintir an hEorpa. Níl ach blúirín de sin íoctha fós, a dúradh i dTeach Laighean le gairid.
Deir saineolaithe éagsúla go bhfuil dochar déanta ag seirbhísí Meta do mheabhairshláinte páistí. Brúnn na halgartaim chumhachtacha físeáin mhealltacha isteach i gcloigne mí-aibí na bpáistí.
Pornagrafaíocht. Foréigean. Smaointe faoi fhéindochar. Cearrbhachas. Comparáid. Agus tuilleadh.
Níl seans ag na páistí.
D’fhéadfá comhlachtaí teicneolaíochta eile a chur sa gcampa céanna.
Ach nach againn a bhí an chraic ag breathnú ar Mark Zuckerberg le gairid ag ól bolgam beag as pionta. A éadan! Nach muid a rinne gáirí!
Agus nár laga Dia é! Théis dó caisleán a cheannach i gcontae Phort Láirge ar os cionn €50 milliún thug sé €50,000 do thrí chlub áitiúla. €25,000 i mbliana agus €25,000 an chéad bhliain eile. Is mór an méid é….do na clubanna.
Cén fáth nach ndéantar rialáil níos déine ar na comhlachtaí teicneolaíochta seo chun páistí na tíre a chosaint?
Níl aon bhaint ag na billiúin euro atá ag teacht isteach sa státchiste leis, dar ndóigh.
Ach cé a d’éistfeadh linne, gnáthdhaoine? Chaithfeá a bheith i do laoch Oilimpeach, nó i do Sheaimpín dornálaíochta le go dtabharfaí aird ort.
Fág freagra ar 'Bhí an saol níos sábháilte nuair a d’fhéadfá Corn ‘WBO’ an Domhain a bhuachan sa gcistin ar an gCeathrú Rua'