Léiríonn gach gearán faoin mbuiséad agus gach focal a dúirt Simon Harris agus Jack Chambers lena chosaint trí bhuanghné den saol polaitiúil:
- Is dlúthchuid de chuspóir gach rialtas é agus buiséad á dhréachtú acu an oiread daoine agus is féidir a shásamh. Nó, ar a laghad, a míshásamh a mhaolú.
- Is dlúthchuid de dháileadh an airgid bhreise i ngach buiséad nach leor an faoiseamh a thairgtear do mhórán. I gcás TG4 faraor ní leor in aon chor é toisc nár tairgeadh fiú cent sa bhreis don stáisiún i mbliana.
- Is dlúthchuid de na gearáin réasúnta a chloistear tar éis gach buiséad nár tugadh aird mar ba chóir ar dhaoine atá i gcruachás.
Mar a tharla arís eile an tseachtain seo. Mar shampla, bhí cabhair níos mó ná mar a tairgeadh sa bhuiséad de dhíth ar dhaoine atá ag brath ar ola chun a dtithe a théamh.
Mar a bhí de dhíth ar dhaoine atá ina gcónaí ina n-aonar nach bhfuair ach €3 sa bhreis sa tseachtain. Mar a bhí de dhíth freisin ar thuismitheoirí a chaitheann €1,000 sa mhí nó níos mó ar chúram leanaí.
Is féidir cás thar a bheith réasúnta a leagan amach in aghaidh na roghanna a rinneadh sna trí chás thuas, agus ar scata roghanna eile a d’fhógair Harris agus Chambers Dé Máirt. Is ríléir an fáth go ndearnadh iad: mar chuid d’iarracht an oiread daoine agus ab fhéidir a shásamh, gan iad a shásamh go hiomlán.
Neosfaidh an aimsir cé chomh láidir a bheidh an díomá a spreagann roghanna agus neamhroghanna na beirte. Ó thaobh costais fuinnimh de, beidh tionchar an mhíshásaimh ag brath cuid mhór ar thuairimíocht i measc na ndaoine a bhlocáil bóithre i mí Aibreáin agus ar ghéill an rialtas dóibh dá bharr san earrach.
Beidh súil ghéar á coimeád ag Teachtaí ar chaon taobh den Dáil ar mheon na mblocálaithe agus a lucht tacaíochta. Ní nach ionadh, thug a bpríomh-urlabhraithe le fios tar éis an Bhuiséid nach raibh dóthain déanta chun costais fuinnimh a laghdú. Sin ráite, níl babhta blocála eile fógartha ná curtha as an áireamh acu agus an colún seo á scríobh.
Is fiú aird a thabhairt ar an meon a chuir go leor daoine in iúl agus tacaíocht á tabhairt acu do na blocálaithe sé mhí ó shin. Ní bhaineann sé le praghsanna fuinnimh amháin ach le dearcadh ar riar na tíre atá níos leithne, níos doimhne agus níos dainséaraí.
Ní go hannamh a chuireann polaiteoirí cantal ar ár bhformhór lena místuaim, lena meatacht, lena ngearrbhreathnaitheacht, lena ngealltanais gan chomhlíonadh agus le drochthréithe eile nach gá a áireamh arís anseo.
Is treise go mór, áfach, an míshásamh a léiríonn caint nach gcloistear go minic taobh amuigh de na meáin (fhrith-)shóisialta nó le linn agóide in aghaidh na hinimirce. Léiríonn na briathra thíos an meon atá i réim i measc na gcainteoirí.
Tugtar ‘cladhairí, ‘bithiúnaigh’ agus ‘fealltóirí’ ar pholaiteoirí agus cuirtear ina leith go bhfuil siad meáite ar aimhleas seachas leas na tíre a dhéanamh. Ní smaoiníonn a leithéid, a deirtear, ar chruachás an ghnáthdhuine ach iad ar a ndícheall chun iad féin a shaibhriú agus neamhaird d’aon ghnó a thabhairt ar ábhair réasúnta gearáin.
Dúirt Teachtaí Dála éagsúla leis an gcolún seo go dtéann fréamhacha an mheoin seo chomh fada siar leis an ngéarchéim thubaisteach airgeadais in 2008-2011. Gan dabht, lagaigh gach ar tharla sa tréimhse sin muinín an phobail as an gcóras polaitiúil ach tá drochmheas ar pholaiteoirí méadaithe go mór le ceithre nó cúig bliana.
Ní ar lochtanna pholaiteoirí na linne seo ach ar a ndrochrún, mar a chítear don mhionlach é, a dhíríonn siad seirbhe as cuimse. Dar leo gur mian leis ‘na bligeaird’ i dTeach Laighean tús áite ó thaobh polasaí de a thabhairt do ‘na boic mhóra’ sa Bhruiséil, do na comhlachtaí móra teicneolaíochta agus d’inimircigh.
Gan amhras níl aire ná Teachta Dála gan locht agus is ar na polaiteoirí féin atá sciar den mhilleán. Orthu atá an milleán, mar shampla, nuair a sheachnaíonn siad caint dhíreach a dhéanamh ar chúrsaí inimirce.
Is léir mar sin féin ó chuid mhór dá ndeirtear ar líne go bhfuil an fhírinne curtha as a riocht go mór. Ní foláir diúltú don áibhéil nimhiúil atá á scaipeadh ag an mionlach, ar na meáin fhrithshóisialta go háirithe. Is le vótaí an phobail a toghadh Teachtaí Dála, agus lenár vótaí a atoghfar nó a chuirfear as oifig iad amach anseo. Cibé milleán a thuilleann siad, níl caint ar a neamhshuim i leas an phobail réasúnta.
Níl ciall ach oiread le cáineadh a deir go bhfuil neamhaird shotalach á tabhairt ar an bpobal ag “the rats in Leinster House” (mar a thug fear a d’fhreastail ar an mórchruinniú faoi chostais breosla sa Mhóta orthu).
Tuilleann polaiteoirí cáineadh rómhinic, ar mhórán cúiseanna. Ach ní hionann meatacht ná meancóg agus mailís.
Is fearr faisnéis ná fuath mar threoir agus cíoradh á dhéanamh againn ar na roghanna a d’fhógair Simon Harris agus Jack Chambers Dé Máirt.
Ná géillimis don mhionlach ar léir a gclaonadh chun áibhéile agus a neamhaird ar thábhacht an chaidrimh oscailte idir polaiteoirí agus na daoine a thoghann iad.
Fág freagra ar 'Tá cosaint ar an rócháineadh tuillte ag polaiteoirí in ainneoin gach cúis ghearáin'