Ní haon iontas gur baineadh preab asam, níl cáil na Gaeilge ar Dhroichead na Banna

Ní fhéadfadh fiú draíocht na teanga ar oíche dhorcha i nDroichead na Banna an fhírinne a cheilt faoi shaol na teilifíse Gaeilge

Ní haon iontas gur baineadh preab asam, níl cáil na Gaeilge ar Dhroichead na Banna

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach – agus giota Gaeilge. Sa phictiúrlann ar Dhroichead na Banna a bhí mé an oíche faoi dheireadh le Other Mommy a fheiceáil. (Go measartha go díreach ó chuireann tú ceist.)

Craoltar na gnáthfhógraí roimh an scannán ann ach, go tobann, gan choinne, léimeann gliomach na Gaeilge as farraige na bhfógraí: mír bheag bolscaireachta de chuid TG4 atá ar an deic.

Aithním an Ghaeilge agus mé ag tógáil na Revels as an mhála agus is ansin a chlaonaim mo cheann chun an scáileáin mhóir. Ní preab go dtí é. Tá radharcanna ar Éirinn agus an chaint bhinn bhlasta sin a choinníonn an dé ionainn uilig in ‘earnáil’ léanmhar thubaisteach na Gaeilge; an cúpla focal dea-labhartha.

Cuireadh críoch leis an fhógra leis an dá fhocal sin atá againn le fada an lá: Súil Eile. Ní thiocfadh liom oiread agus focal den óráid a bhí roimh an tsúil eile a insint duit. Rinneadh stangaire os comhair an scáileáin díom. Níl cáil na Gaeilge ar Dhroichead na Banna. Níl mé ag maslú mhuintir an bhaile as sin a rá. Tá clú ar an bhaile as an áirse bhuí ar theacht an tsamhraidh agus as fir fhearúla a bíos ag máirseáil faoi sashes a chaith a n-aithreacha rompu.

Balbh i láthair na Gaeilge a bhí mé ar an ócáid seo. Tá, gan cheist, draíocht ag baint leis an chúpla focal féin ar an scáileán mhór. Sea, draíocht. Draíocht dhochreidte, draíocht nár mhothaigh mé agus mé ag amharc ar Kings ach draíocht mar sin féin.

Chuala mé Gaeilge sa phictiúrlann seo roimhe; istigh ag Black ’48 a bhí sé sin, mír bheag sa scannán sin ach mír bheag thábhachtach a chuir luach leis an fhiontar. Agus anocht? Molaim an misneach as an mhír a chur le chéile; an iarracht ionraice le hanam teanga a chur i gcuimhne agus in aithne do lucht na pictiúrlainne.

Faraor, níor tugadh mórán airde ar an mhír agus seans mór nach dtug mórán de na hógánaigh challánacha faoi deara gurbh ann don mhír bheag ar chor ar bith. Lucht meánscoile a bhí iontu, geansaithe rugbaí ar go leor acu, agus iad ag pleidhcíocht leo.

(An leor an nod é sin duit, cód rúnda an Tuaiscirt: má chaitheann an t-ógánach seo geansaí CLG, gach seans gur X atá ann agus má chaitheann an t-ógánach seo geansaí rugbaí, gach seans gur Y atá ann. An dtuigeann tú cluiche na gcrómasón?)

Seans mór gur sin a gcuala, agus a gcluinfeas, mórán acu den Ghaeilge an oíche sin. Mór an trua, gan amhras.

Ach rinneadh iarracht, a deir tú. Iarracht, an ea? Nó snámh in éadan easa?

Tá Netflix, ceann de na comhlachtaí srutha is mó ar an domhan, i bponc. Níl borradh faoin tseirbhís mar a bhí. Tá Prime agus Paramount + agus Disney + agus mórán dreamanna eile in iomaíocht leo agus níl mé á rá go bhfuil ag éirí go maith leo sin ach an oiread.

Tá na seanstáisiúin mhóra thraidisiúnta – an BBC, abair – ag saothrú an bháis. Níl aird ag an phobal ar a chuid cláracha mar a bhí. Tá cúrsaí airgid chomh holc sin acu go bhfuil na saoistí sa Beeb le gearradh siar tubaisteach a dhéanamh ar fhoireann an aonaid Ghaeilge. Mór an chaill. Mór an náire.

Seans gurb é an BBC amháin a thug deis do dhaoine le Gaeilge cúpla punt seasta a shaothrú agus, sea, abair é, pinsean a bhaint amach. ‘Tá blas ar an bheagán’ rófhial mar chur síos ar an tseirbhís mar atá sí le bheith; ‘blas ar an bheagán bheag bheag’ ab’fhearr.

Glacaim leis, agus thiocfadh liom a bheith contráilte, go mbeidh lucht na Gàidhlig agus na Breatnaise ar an bheagán bheag fosta agus go mbeidh teannadh teanga trasna na teorann teilifíse againn go luath.

Agus TG4? Fuair lucht na Gaeilge stáisiún dá gcuid féin go díreach agus bás an stáisiúin thraidisiúnta beagnach buailte linn. Go ndéana Dia trócaire ar na créatúir bhochta atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach san earnáil léanmhar sin ó thús ama. Níos deacra arís a bheas sé an t-arán laethúil a shaothrú san am atá le teacht, de réir cosúlachta.

Tuairiscíodh ar an tsuíomh seo tamall ó sin faoi chomhlacht amháin a bhí ag éirí as an ghnó. Tugaim faoi deara daoine a bhí ar m’aithne, fadó, fadó, ag éirí as an ghnó fosta, go ciúin tostach, agus iad ag tabhairt rith an chladaigh dá mbáidíní teanga, agus cuntas bainc, le go saothróidh siad pingin nó dhó ar dhóigeanna eile.

Mol an óige agus teilifísfidh siad? Ní dócha é. Ní thiocfadh leat an earnáil a mholadh, mar shlí bheatha, do dhuine óg ar bith.

Súil eile? Chan é, saothrú eile atá de dhíth. Agus ní féidir le draíocht na Gaeilge, ar oíche dhorcha i nDroichead na Banna, an méid sin féin a cheilt.

Fág freagra ar 'Ní haon iontas gur baineadh preab asam, níl cáil na Gaeilge ar Dhroichead na Banna'