An samhradh seo, lean mé ar aghaidh le togra beag ar chuir mé tús leis anuraidh: gearrscéalta a dhíol le taobh an bhóthair. Leabhairíní beaga ildaite crochta ar líne éadaigh, €1 ar ghearrscéal.
Tá cónaí orm i gcathair nua i mbliana, cathair lán turasóirí, agus bhí ardú dá réir ar chúrsaí díolacháin. 75 ghearrscéalta díolta go dtí seo le daoine a bhí ag dul thar bráid agus a chuir bonn euro i mbosca na litreacha.
Trí ghearrscéal éagsúla a bhíonn crochta ar an líne agam, leaganacha in Ísiltíris de ghearrscéalta Gaeilge de mo chuid, ‘Buzú’ agus ‘Malandro’ as an gcnuasach Gonta agus ‘Ag Cúinne M St agus Wisconsin’ as an gcnuasach Idir dhá thír.
Thug mé faoi deara tar éis tamaill go raibh díol i bhfad níos fearr ar cheann amháin de na scéalta sin, an leagan Ísiltírise de ‘Buzú’, ná mar a bhí ar an dá cheann eile. Go deimhin, déarfainn gur cóipeanna de ‘Buzú’ a bhí i 7 gcinn as gach deich scéal dár dhíol mé i mbliana.
An t-aon chúis, dar liom, ná an teideal.
Nuair a chuir mé tús leis an togra seo anuraidh rith sé liom go raibh an teideal ‘Buzú’ an-ghearr agus gur focal i bPortaingéilis shráide chathair Salvador a bhí ann lena chois – teanga, bímis ionraic faoi, nach mbeadh ar a dtoil ag na custaiméirí a raibh mé ag díriú orthu.
Shocraigh mé teideal nua a thabhairt ar an leagan Ísiltírise den scéal. ‘Je krijgt maar één leven’, ‘Ní bhfaighidh tú ach saol amháin’, a bhaist mé air sa deireadh.
D’oibrigh sé sin thar cionn, mar a léirigh mo staidéar beag ar na figiúirí díolacháin, agus go deimhin nuair a bhím istigh san árasán agus na fuinneoga oscailte, is minic a chloisim an teideal sin á léamh amach os ard ag daoine atá ag dul an bealach.
Fírinne uilíoch atá in ‘Ní bhfaighidh tú ach saol amháin’ a mheallann fiosracht agus a thugann dúshlán an duine a fheicfidh ar chlúdach leabhairín é. Cá bhfios nach mbeadh gaois éigin sa scéal sin agus gach seans nach mbeidh tú ag dul an bealach seo arís, an bhfuil tú chun é a fhágáil crochta ar an líne?
I bhfianaise na neamhréire ollmhóire idir figiúirí díolacháin na dtrí scéal éagsúla, rinne mé mo mhachnamh freisin ar theidil an dá scéal eile.
Gan dabht bhí sé tar éis rith liom gur focal iasachta a bhí san fhocal ‘Malandro’ freisin, agus leasaigh mé teideal an scéil sin don leagan Ísiltírise chomh maith. ‘Nu ben jij ook een malandro’ a bhaist mé air (‘Anois is malandro thusa freisin’) agus súil agam gur leor an méadú sin chun suim an léitheora a mhealladh.
Buachaill thart ar ocht mbliana d’aois a insíonn an scéal sin agus ní thuigeann sé féin an focal malandro ach oiread. Míníonn a athair dó é ar bhealach atá, deirimis, thar a bheith praiticiúil agus ag deireadh an scéil tuigeann idir phríomhcharachtar agus léitheoir céard atá i gceist. Ach is baolach gur bac, seachas díol suime, focal i dteanga iasachta i dteideal.
Maidir le teideal an tríú scéil, ‘Ag cúinne M St agus Wisconsin’, níor athraigh mé tada ach é a aistriú focal ar fhocal go hÍsiltíris. Inseoidh an teideal sin duit go bhfuil an scéal suite i mórchathair éigin sna Stáit Aontaithe, cinnte, ach ní insíonn sé a dhath eile don té a mbeadh cinneadh á dhéanamh aige, i meandar fánach, scéal a cheannach nó é a fhágáil san áit a bhfuil sé.
Gan dabht ní bhíonn an tábhacht cheannann chéanna le teidil scéalta aonair más istigh i gcnuasach a bhíonn siad bailithe; chomh fada agus a bhíonn an teideal ar chlúdach an chnuasaigh mealltach go leor, tá leat. Ach má bhíonn gearrscéal aonair á chur chuig iris agat, nó isteach ar chomórtas, b’fhiú go mór do mhachnamh a dhéanamh i gceart faoin teideal.
An bhfuil sé éasca ar an gcluas?
An spreagfaidh sé suim an léitheora?
An dtabharfaidh sé leid faoi ábhar an scéil?
Agus an bhfuil aon cheo ann atá dothuigthe nó a chuirfeadh léitheoir ó dhoras ar chúis éigin eile?
Fág freagra ar 'An tábhacht a bhíonn le teideal maith: staidéar beag ar fhigiúirí díolacháin'