Tearmann ón ngáifeacht leathair i siopa leabhar LADT+ i mBeirlín

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tuigfidh léitheoirí Gaeilge nach leor seastán amháin i ngnáthshiopa leabhar chun mianta léitheoireachta uile an phobail LADT+ a shásamh

Tearmann ón ngáifeacht leathair i siopa leabhar LADT+ i mBeirlín

Ní fear mór leathair mé (sa bhunchiall litriúil den fhocal sin) agus nuair a bhí mo dhóthain agam d’aonach feitise Folsom ar tharraing cairde i mBeirlín ann mé, theith mé isteach in Eisenherz, siopa leabhar i gcroílár an Regenbogenkiez, ceantar LADT+ phríomhchathair na Gearmáine.

An gá geiteo a dhéanamh de chuile shórt? a fhiafraím díom féin i gcónaí nuair a tharlaíonn i gcathair mé ina bhfuil ceantar tuar ceatha, nó cibé céard a theastaíonn uait a thabhairt ar a leithéid. Dar liom gur chóir go mbeadh cathair feiliúnach ina hiomláine do dhuine ar bith, seachas díreach cuid di.

Ar an gcaoi chéanna, deirim liom féin, nár chóir go mbeadh rannóg LADT+ ag chuile shiopa leabhar. Nach cuid den ghnáthshaol muid? Ba chóir, ach ní bhíonn, agus nuair a bhíonn, minic go leor, ní bhíonn ann ach seastán amháin.

Tuigfidh léitheoirí na Gaeilge céard atá i gceist agam. Is mór an difríocht idir cuairt ar shiopa Eason, mar shampla, agus cuairt ar shiopa leabhar an Chonartha.

Meascán mearaí a gheobhaidh tú i rannóg Gaeilge Eason, chuile chineál leabhar i mullach a chéile i seastán amháin.

Sa dornán siopaí sin nach bhfuil ar fáil iontu ach leabhair i nGaeilge, bíonn a sheastán féin ag chuile rannóg: leabhair don aos óg, d’fhoghlaimeoirí, ficsean, filíocht, drámaíocht, agus mar sin de.

Gan dabht ní bhíonn na catagóirí mar a chéile i siopa leabhar LADT+, ach leath mo shúile orm leis an éagsúlacht a bhí le fáil tí Eisenherz. Ficsean, filíocht agus drámaíocht gan dabht, ach go leor leor leabhar staire, leabhair faoi chúrsaí ealaíne, cúrsaí polaitíochta, fealsúnachta agus creidimh. Greannáin, féilirí, cluichí, agus rannóga do leabhair i mBéarla, i bhFraincis agus i Spáinnis lena chois.

I nGearmáinis gan dabht a bhí formhór mór na leabhar agus cuma bhreá phroifisiúnta ar an gcuid is mó acu (ar an drochuair, bíonn cuid den gháifeachas nó den amaitéarachas le braith ar fhoilseacháin LADT+ ó am go chéile) ach níl léamh na Gearmáinise sách maith agam le go bhféadfainn tabhairt faoi úrscéal nó leabhar staire sa teanga sin. Bhí greannán ann a mheall m’aird – scéal mairnéalach agus cuma bhreá ar na léaráidí – ach leath mo bhéal orm nuair a chonaic mé an praghas: €49.

Seans nár cuireadh i gcló ach líon teoranta cóipeanna den ghreannán áirithe sin, ach bhí na leabhair eile sách daor freisin, ní fhaca mé praghas ar bith faoi bhun €25. Níor éirigh le muintir Eisenherz an cineál sin airgid a mhealladh as mo chuid pócaí, ach bhí mé buíoch díobh as tearmann a thabhairt dom ar feadh tamaill ón ngáifeacht leathar-bhunaithe lasmuigh.

Fág freagra ar 'Tearmann ón ngáifeacht leathair i siopa leabhar LADT+ i mBeirlín'