Mura bhfuil an t-athrú aeráide tar éis rudaí a chur as a riocht go hiomlán, seo é an t-am den bhliain go dtosaíonn toit ag éirí as simléir na hÉireann arís tar éis an tsamhraidh.
Seo é an t-am den bhliain freisin go mbíonn cúrsaí scríbhneoireachta á bhfógairt.
Cúig bliana fichead ó shin, chláraigh mé féin do bhunchúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach in Institiúid Theicniúil na Gaillimhe ar Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i nGaillimh. Bhí mé ag útamáil le gearrscéalta ó bhí mé sna déaga ach tar éis deich mbliana ag útamáil bhí sé tar éis rith liom gur útamáil a bheadh ann go brách mura gcuirfinn bunchloch ‘theicniúil’ faoi mo chuid scríbhneoireachta ficsin.
I mí Mheán Fómhair 1938 a d’oscail Institiúid Theicniúil na Gaillimhe a doirse den chéad uair agus bhí rud éigin faoi ailtireacht bhrúidiúil na 1930idí a chuidigh go mór leis an eispéireas. Agus mé i mo shuí sa seomra ranga, ar chathaoir adhmaid, ag bord lom agus faoi sholas bán lampaí fluaraiseacha, mhothaigh mé amhail is go raibh mé ar ais ar scoil, ag tabhairt faoi chúrsa oiliúna dáiríre seachas faoi chaitheamh aimsire éigin.
Ní raibh rud ar bith brúidiúil ná institiúideach ag baint leis an teagascóir, an t-údar Gael-Mheiriceánach Susan Millar DuMars, ach bhí struchtúr ag baint lena ranganna, a bhí dírithe go príomha ar thuiscint a fháil ar struchtúr teicniúil an fhicsin. Chuige sin, i dtús an ranga, léadh muid gearrscéal, nó sliocht as gearrscéal, agus bhaineadh muid as a chéile é. Céard í an fheidhm a bhain an t-údar as am, as an bpointe féachana, as an gcaint? An raibh rudaí eile ann a mheall ár n-aird?
Ina dhiaidh sin, thugaimis faoi chleachtadh scríbhneoireachta gairid agus ag deireadh an ranga bheadh deis againn na píosaí sin nó píosaí a bhí scríofa againn sa bhaile a léamh má theastaigh uainn.
Sna ranganna sin in Institiúid Theicniúil na Gaillimhe, ní hamháin go bhfuair mé tuiscint faoi dheireadh ar uirlisí cheird an fhicsin, ach fuair mé mo chéad bhlaiseadh freisin de scríbhneoireacht mhór-ghearrscéalaithe ar nós Flannery O’Connor, Alice Munro agus William Trevor.
Nílim ag rá nach féidir le duine an scríbhneoireacht chruthaitheach a fhoghlaim as féin, ag déanamh staidéar ar shaothar na scríbhneoirí a tháinig roimhe, ag déanamh aithris orthu agus, b’fhéidir, á sárú. Go deimhin mar sin a dhéantaí fadó, sularbh ann do chúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach.
Ach bhí rud éigin faoin seomra ranga sin in Institiúid Theicniúil na Gaillimhe a bhí mar chrann taca dom ar feadh mo shaoil mar scríbhneoir ina dhiaidh sin: an bhraistint go raibh mé oilte sa cheird.
Fág freagra ar 'Oiliúint seachas útamáil – ceacht scríbhneoireachta a d’fhoghlaim mé sa Ghaillimh fadó'