Tá gaoth i seolta na mban agus na bhfear sin againne atá ag scéalaíocht san Eoraip. Mar is iad na hÉireannaigh atá ag labhairt ar son an Aontais Eorpaigh, nó, ar a laghad, is iad is mó atá ag sníomh na bhfocal ina chéile, ar na saolta seo.
Tá Éireannaigh, nó saoránaigh Éireannacha, ar na príomhscríbhneoirí óráidí agus ráitis eolais don dream is sinsearaí san Aontas – Ursula von de Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh; Antonio Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.
Mheabhraigh an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne do na meáin sa mBruiséil gur thug Éireannaigh bua na cainte agus na scríbhneoireachta leo don Eoraip na céadta bliain ó shin.
Dúirt Comhairleoir Éireannach sa mBruiséil go bhfuil meas ar fheidhmeannaigh chumarsáide na tíre seo san Eoraip le fada. “Abraítear go bhfuileadar ábalta agus suáilceach agus go dtéann siad i gcion ar dhaoine,” a deir Tom Moylan.
Bíonn scéalta agus an-chraic acu. Ach meas tú nach níos gaire don bhaile a cuireadh an síol?
Bhíodh togha na scéalaíochta ar theallaigh na Gaeltachta agus na tuaithe. Mar ghasúir, nach raibh muid idir a bheith scanraithe, mearaithe, lagaithe ag gáirí nó suaite le teann iontais ar leic an teallaigh.
B’fhurasta aithne ar an dream sin againne atá ag craobhscaoileadh na dteachtaireachtaí oifigiúla sa mBruiséil agus in Strasbourg anois nach ón ngaoth a thugadar an cumas foclaíochta atá acu.
Meas tú an bhfuileadar chomh maith ar an gceird le Tom Thomáis Mháirtín? Sin í an cheist atá agamsa. Feicim, agus cluinim fós é, agus scéal taibhsí inste aige ar an teallach agus é ag caitheamh súil ina thimpeall, agus eireaball aige ar an eachtra:
“Ó, m’anam nach fear den saol seo a bhí ann.”
Leagadh mo mháthair an taephota uaithi. “Cuir an chroich chéasta choisreacan Dé orainn,” a Tom. “Cá bhfios cén trioblóid atá ar na mairbh.” Ní raibh sárú Tom Thomáis Mháirtín ann ag inseacht scéalta a bhain le taibhsí. Bhíodh muide, gasúir, líonraithe scaití. Bhí tú ag samhlú saol mínádúrtha, taibhsiúil i do thimpeall. Ar ndóigh, ba é an bua mór a bhí ag Tom gur chreid sé féin go hiomlán san saol osnádúrtha. Meas tú an mbeidh scríbhneoirí na Bruiséile chomh muiníneach sin as a gcuid scéalta féin?
Ba mhinic le Joe Dudley Seoige as an mbaile seo a bheith ina rí ar an teallach againn. Bhí a fhios aige cén aois a bhí chuile dhuine ar an mbaile, agus níos fearr fós, bhí a fhios aige cén aois a bhí chuile bheithíoch ar an mbaile, agus bhí níos mó daoine agus beithígh ann an tráth sin ná atá anois. Nár bhreá an bua an chuimhne sin ag feidhmeannach sa mBruiséil?
Sé an t-adhmad atá le baint as an gcraic seo uilig maidir le cumas scríbhneoireachta na nÉireannach sa mBruiséil agus in Strasbourg, agus a gcumas teanntás a dhéanamh ar dhaoine, go bhfuil dhá mhórbhua ina gcúlra: cumas scéalaíochta agus suáilceas.
Bídís buíoch do mhuintir agus do threibh Chonamara freisin. Ba ansin a cuireadh tús leis an gcraic, agus ba as an bhforbairt ar an gcraic a chuirtí craiceann ar na scéalta agus ní scéal i mbarr bata é seo!
In alt i leabhar dar teideal, Migrations – The Irish at Home and Abroad leanann an tOllamh Liam Ó Riain scéal an chraic siar go Conamara. Ollamh le Socheolaíocht a bhí ann in Ollscoil Mhá Nuad agus iar-iománaí ar fhoireann Luimnigh, fear as ceartlár na tuaithe. Fuair sé eolas ar mhuintir Chonamara i Londain.
Scríobh seisean gur múnlaíodh téarma nua i gConamara – an chraic. Bhí draíocht sa bhfocal ‘craic’ i measc mhuintir Chonamara, a deir seisean. Agus chuir an chraic craiceann ar na scéalta.
Chreid an t-iarAire Gaeltachta agus Tuaithe, Éamon Ó Cuív, go bhféadfadh bunús a bheith leis an scéal sin. B’fhacthas dósan go raibh míniú socheolaíochta air sa mhéid agus go mbíonn ar phobal imeallach atá buailte ag an saol spreagadh croí a thabhairt dóibh féin. Conamara na sean-aimsire.
Is dual do na teachtairí nua-aimseartha coinneáil leis an gcúlra traidisiúnta agus leis an gcraic, agus craiceann a chur ar na scéalta i ngalántacht na Bruiséile
Sin é atá ag cur gaoth ina gcuid seolta.
Fág freagra ar 'Cuireann an chraic craiceann ar na scéalta, bíodh sé sa Bhruiséil nó i gConamara'