Antaine Ó Sé, iarcheannasaí Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, ar shlí na fírinne

Fear mór pobail i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a bhí san iarmhúinteoir ceardscoile Antaine Ó Sé a bhí i measc bhunaitheoirí MFG

Antaine Ó Sé, iarcheannasaí Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, ar shlí na fírinne

Pictiúr: X/@saolodheas

Tá Antaine Ó Sé, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), ar shlí na fírinne.

Bhásaigh Ó Sé, a bhí 86 bliain d’aois, ina theach cónaithe in Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne, an baile inar tógadh é, Dé hAoine seo caite. Bhí an-bhaint ag Ó Sé le forbairt a phobail féin trí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus le cur chun cinn na Gaeltachta trí chéile le MFG.

Bhí sé ina mhúinteoir sa cheardscoil a bhíodh sa Daingean, scoil a bhí dírithe níos mó ar an gceardaíocht ná an acadúlacht, murab ionann is Scoil na mBráithre Críostaí sa bhaile céanna.

Deartháir leis an gcraoltóir aitheanta Micheál Ó Sé, nó Maidhc Sé, ab ea Antaine Ó Sé agus tá a mhac féin, Páidí, ina bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne le tamall de bhlianta anuas.

Maireann a bhean chéile Anne, agus a sheachtar clainne Michael, Mary, Niamh, Páidí, Tony, Eibhlís, agus Áine. Tá a dheartháir Micheál agus a dheirfiúracha Mary Ellen agus Caitlín ar marthain freisin ach d’imigh a dheartháir, an tAthair Páidí Ó Sé, ar shlí na fírinne roimhe.

Dúradh Aifreann na sochraide i Séipéal Naomh Uinsionn i mBaile an Fheirtéaraigh inné agus cuireadh corp Antaine ina dhiaidh sin i Reilig Dhún Urlann.

Is mar gheall ar a chuid oibre le Meitheal Forbarthan na Gaeltachta agus na hiarrachtaí a rinne sé maoiniú náisiúnta agus Eorpach a tharraingt isteach chun na Gaeltachta a chuimhneofar ar Antaine Ó Sé. Ba é ba chúis le cuid mhaith den mhaoiniú ón scéim forbartha LEADAR a thabhairt chun na Gaeltachta.

Bhí sé tinn le tamall sular bhásaigh sé go suaimhneach ina theach cónaithe féin.

Fág freagra ar 'Antaine Ó Sé, iarcheannasaí Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, ar shlí na fírinne'