Tá Róisín Ní Chéileachair as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne ina heagarthóir ar an gclár nuachta do pháistí ar Cúla4 Nuacht Cúla4. Agus daltaí na tíre fillte ar na scoileanna an mhí seo, chuaigh an chéad eagrán den séasúr amach inné.
Tá ceathrar tuairisceoirí nua ceaptha do shéasúr na bliana seo agus iad le bheith lonnaithe sna ceithre chúige. Is é Ciarán Ó Flaithearta as Árainn i gcontae na Gaillimhe a bheith ag tuairisciú as cúige Chonnacht, Niamh Ní Fhearáin as Inis Eoghain i gcontae Dhún na nGall a bheidh ag tuairisciú as cúige Uladh, James Mac Einrí as an Lorgain i gcontae Ard Mhacha a bheidh ag tuairisciú as cúige Laighean; agus Caitríona Ní Ógáin as Tír an Fhia i gConamara a bheidh ag tuairisciú as cúige Mumhan.
Is í an t-eagarthóir nua, Róisín Ní Chéileachair, an t-aon duine d’fhoireann an tséasúir nua a bhí ar Nuacht Cúla4 roimhe seo agus í ina tuairisceoir i gcúige Chonnacht. Beidh Ní Chéileachair fós le feiceáil ar an scáileán i mbliana agus ina láithreoir i stiúideo Nuacht Cúla4 ar an Tulaigh i gCois Fharraige.
Bhí Róisín Ní Chéileachair ina clár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo Bhaile na nGall ar feadh trí bliana go leith agus ba mhinic í le cloisteáil ar Nuacht an Deiscirt agus Togha agus Rogha.

Tá Cúla4 féin, an t-aon stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge sa tír, trí bliana ar an bhfód an tseachtain seo. Bíonn an stáisiún ar an aer 14 uair an chloig in aghaidh an lae, óna sé a chlog ar maidin go dtí a hocht a chlog tráthnóna. Is cuid lárnach de sceideal an stáisiúin í an tseirbhís nuachta Nuacht Cúla4 atá á craoladh ó bunaíodh Cúla4 féin.
Beidh Nuacht Cúla4 á craoladh ag 1:30pm agus 5.30pm ar Cúla4 agus, den chéad uair riamh, beidh an clár á chraoladh ar chainéal TG4 féin freisin, ag 5.50pm
Tá Nuacht Cúla4 dírithe ar pháistí bunscoile, agus beidh na hiriseoirí nua ag taisteal ar fud na tíre sa tóir ar scéalta a gcuirfeadh páistí spéis iontu, idir scéalta áitiúla, náisiúnta, agus idirnáisiúnta.
Fág freagra ar 'Bean ó Dhún Chaoin ina heagarthóir don cheathrú séasúr de Nuacht Cúla4'