Léirithe in anailís nua ar chnámha ársa nach raibh teagmháil ag Éirinn lena comharsana Neoiliteacha roimh 4000BC

Ceapadh go dtí seo gur cnámha bó a fuarthas i gCuan an Chaoil i gCorca Dhuibhne agus gur léirigh siad nasc le feirmeoirí ón Mór-Roinn roimh an gcúigiú haois BC

Léirithe in anailís nua ar chnámha ársa nach raibh teagmháil ag Éirinn lena comharsana Neoiliteacha roimh 4000BC

Pictiúr: The Cherish Project

Léiríodh i staidéar nua atá déanta ar chnámha atá na mílte bliain d’aois a fuarthas i gCuan an Chaoil i gCorca Dhuibhne gur ainmhithe fiáine seachas ainmhithe ceansaithe a bhí iontu, eolas a bhréagnaíonn teoiricí go raibh teagmháil idir muintir na háite agus daoine a tháinig thar sáile isteach sa chúigiú haois Roimh Chríost

Aimsíodh na cnámha den chéad uair le linn tochailte a rinne an tOllamh Peter Woodman ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, idir na blianta 1983-1995. Tá “áit shuntasach” ag an suíomh i gCuan an Chaoil san inseacht a dhéantar ar stair an chine dhaonna in Éirinn mar gheall ar an tástáil radacharbóin a rinneadh ar na cnámha. Ceapadh ag an am gur cnámha bó a bhí iontu.

Ba í an teoiric a bhíothas a chur chun cinn, bunaithe ar an eolas sin, ná go raibh teagmháil ag fiagaithe-cnuasaitheoirí Neoiliteacha le feirmeoirí Méisiliteacha in iarthar na hÉireann chomh fada siar le 6,000 bliain ó shin.

Tá athbhreithniú á dhéanamh, áfach, faoi stiúir Martin Moucheron ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar an ábhar a bailíodh i gCuan an Chaoil agus anailís á déanamh aige le teicneolaíochtaí nua. Rinneadh tástáil zú-sheandálaíochta trí mhais-speictiméadracht ar na samplaí ó Chuan an Chaoil, próiseas trínar féidir speicis a aithint ó phróitéin atá caomhnaithe i gcollaigin na gcnámh.

Cuireadh ocht sampla ó bhailiúchán Chuan an Chaoil chuig an Aonad Mais-Speictiméadrachta in Institiúid Michel Eugène Chevreuil in Lille na Fraince níos luaithe i mbliana. Fuarthas torthaí dearfacha ar shé shampla agus aithníodh Sus scrofa, nó an torc, i dtrí shampla, béar in dhá shampla, agus Homo sapiens, nó duine, i sampla amháin.

Deirtear sa tuairisc a foilsíodh faoin taighde ar Past, nuachtlitir Chumann Réamhstaire na hÉireann, go bhfuil “tionchar suntasach” ag torthaí na dtástálacha seo ar an tuiscint atá againn ar an athrú ón ré Neoiliteach go dtí an ré Méisiliteach in Éirinn agus in iarthar na hEorpa.

“Mar a sheasann cúrsaí anois, níl aon fhianaise ann go raibh teagmháil idir Éirinn agus a comharsana Neoiliteacha roimh 4,000BC,” a dúradh sa tuairisc.

Bhí na seandálaithe Benjamin Grearey, Margaret McCarthy agus Barra Ó Donnabháin (UCC) agus Kate Kanne (UCD) páirteach sa staidéar freisin.

Fág freagra ar 'Léirithe in anailís nua ar chnámha ársa nach raibh teagmháil ag Éirinn lena comharsana Neoiliteacha roimh 4000BC'