‘Fuair mé mo chéad chaipín idirnáisiúnta a bhuíochas do mo theanga dhúchais’

D’imir Cumann Sacair Gaeilge, foireann náisiúnta sacair lán-Ghaeilge, a gcéad chluiche idirnáisiúnta ag an deireadh seachtaine agus bhí iriseoir Tuairisc i mbun imeartha leo

‘Fuair mé mo chéad chaipín idirnáisiúnta a bhuíochas do mo theanga dhúchais’

An deireadh seachtaine seo a chuaigh thart, d’imigh mé liom go Wolverhampton Shasana is mo chuid bróga peile i mo mhála agam agus gan fhios agam caidé go díreach a bhí romham.

Bhí an chéad chluiche idirnáisiúnta le himirt ag Cumann Sacair Gaeilge, foireann náisiúnta sacair lán-Ghaeilge, in éadan na Cálastáine agus bhí mé féin i mo chuid den phainéal.

Bhí moll mór cluichí sacair imirste agam le linn mo shaoil ach bhí sé tamall mhaith ó d’imir mé cluiche iomlán ó thús deireadh agus bhí a fhios agam go mbeinn meirgeach mall marbhánta, ach deis ar dóigh a bhí ann nach raibh mé chun ligean sleamhnú uaim.

Foireann na hÉireann i ndiaidh an chluiche in éadan na Cálastáine
Pictiúr: Daryl Feehely

Ar ndóigh, thuig achan nduine a bhí i láthair gur deis ar dóigh a bhí ann geansaí na hÉireann a chur orthu agus ionadaíocht a dhéanamh ar na Gaeil uilig sa bhaile agus thar sáile, ach chomh luath is a bhí mé i mo shuí os comhair na meán le linn na preasócáide maidin Dé Sathairn thuig mé go raibh níos mó i gceist leis an chluiche seo nó go díreach cluiche sacair amháin.

Bhí muintir na Cálastáine ag fanacht ar an lá seo le fada fada an lá. Bhí deis acusan ionadaíocht a dhéanamh ar a bpobal Suíceach féin ar leibhéal idirnáisiúnta den chéad uair riamh agus bhí sé breá soiléir go raibh siad réidh fána choinne, go raibh bród orthu agus go raibh a fhios acu go dtabharfadh ócáid mar seo uchtach iontach don chéad ghlúin eile.

Oisín Mac Aodha ó Chumann Sacair Chois Fharraige ar an ionsaí d’fhoireann na hÉireann
Pictiúr: Daryl Feehely

Rith sé liom ansin, go raibh muidne – ocht n-imreoir déag ó gach cearn den tír ábalta an rud céanna a dhéanamh don Ghaeilge. Bhí an deis seo againne ár dteanga féin a chur os comhair an phobail agus bhí bród agus lúcháir orm nuair a chuir mé orm mo gheansaí féin roimh an chluiche agus fios agam go raibh mé ag imirt ar son na Gaeilge ar bhealach inteacht.

Bhí an cluiche ar siúl sa Guardian Warehousing Arena in Willenhall agus bhí an rud ar fad eagraithe go maith ag muintir na Cálastáine. Shiúil muid amach ar an pháirc le chéile, aontaithe agus réidh chun dul i mbun catha ach sular bhuail mé mo chos ar liathróid ar bith bhí an deis againn Amhrán na bhFiann a cheol le chéile.

Imreoirí na hÉireann ag canadh Amhrán na bhFiann
Pictiúr: Daryl Feehely

Bhí sé sin speisialta agus char shíl mé go mbeadh. An chéad uair domh féin agus an chuid is mó againn Amhrán na bhFiann a cheol ar ardán idirnáisiúnta agus muidne ar an pháirc imeartha ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann agus na Gaeilge. Caithfidh mé an fhírinne a insint, bhí mo chuid gruaige ina seasamh ar chúl mo chinn. Is iomaí uair a cheol mé Amhrán na bhFiann sa tseomra ranga sa scoil bheag agus i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche ceannais na hÉireann ach cha raibh a dhath cosúil leis seo.

Nuair a thosaigh an cluiche, cha raibh a dhath le déanamh ach sult a bhaint as. Cluiche cairdiúil a bhí ann ag deireadh an lae agus cha raibh muid ag cur brú ar bith orainn féin, ach corruair tá sé doiligh go leor sin a dhéanamh. Cha raibh sé i bhfad go raibh cúpla taicil garbh déanta ag na Cálastáinigh agus leoga, agam féin fosta!

Comhchaptaein Darren Ó Dubhgáin agus James Mac Éinrí ag seasamh leis na réiteoirí agus captaen na Cálastáine roimh thús an chluiche
Pictiúr: Daryl Feehely

Gaeilge amháin a bhí le cluinstin ó stócaigh s’againn féin, “Siúil amach,” “Fear ar thaobh do láimhe clé,” “brúigh chun tosaigh,” “cé atá ‘cuartú?” agus cha raibh oiread is mionn mór amháin le cluinstin i rith an chluiche.

Bhí na Cálastáinigh go maith ón chéad bhomaite, iad ag coinneáil seilbh na peile go maith agus muid ag rith ina ndiaidh ag iarraidh cos a fháil ar an liathróid. Cé gur chosain muid go maith sa chéad cheathrú bhí muid 3-0 taobh thiar ag leath ama agus muid tuirseach traochta.

Sa dara leath bhí muid píosa beag níos fearr agus theann muid isteach sa chluiche ach bhí ár gcéilí comhraic ag iarraidh buille an bháis a bhualadh orainn agus d’éirigh leo sa deireadh. Cé go raibh ár gcúl báire Joe Ó Colla an-mhaith fuair na Cálastáinigh trí chúl eile sa dara leath agus chaill muid an cluiche 6-0.

Imreoirí na hÉireann, Chris Ó Biadha, Oisín Mac Aodha agus Proinsias Mac Ruaidhrí ag iarraidh an liathróid a bhaint d’imreoir na Cálastáine
Pictiúr: Daryl Feehely

Bhí mo chuid cos trom tuirseach agus bhí rud beag díomá orm ach bhí mé sásta agus bródúil as na stócaigh ar fad. Sheas muid le chéile gualainn ar ghualainn ag deireadh an chluiche agus fios againn, cé gur chaill muid an chluiche go raibh bunchloch mhaith leagtha síos againn agus go mbeadh muid ábalta tógáil uirthi sin.

Bhí mo chéad chaipín idirnáisiúnta de chuid CONIFA [An Chónaidhm do Chumainn Neamhspleácha Peile] faighte agam a bhuíochas do mo theanga dhúchais agus chuir sé sin lúcháir mhór orm.

An oíche sin fuair muid deis béile a fháil le muintir na Cálastáine agus aithne níos fearr a chur ar na himreoirí ar fad. Daoine deasa a chuir fáilte mhór romhainn agus a rinne cinnte go raibh achan rud a bhí de dhíobháil orainn againn an t-am ar fad.

Lá stairiúil a bhí ann don dá fhoireann agus bhain mé féin sult mór as an deireadh seachtaine. Is onóir mhór saoil a bhí ann imirt ar son na hÉireann agus ar son na Gaeilge agus le cuidiú Dé, beidh mé ábalta é a dhéanamh aríst amach anseo.

Oisín Mac Aodha ó Chumann Sacair Chois Fharraige ag seinm cúpla port ar an fheadóg stáin roimh an chluiche
Pictiúr: Daryl Feehely

Fág freagra ar '‘Fuair mé mo chéad chaipín idirnáisiúnta a bhuíochas do mo theanga dhúchais’'

  • WTF

    Aon fhírinne sna ráflaí go bhfuil ‘club mór le rá’ ag cur suime ionat?