‘Cumann Sacair Gaeilge’ – Foireann náisiúnta sacair lán-Ghaeilge curtha ar bun chun cluichí idirnáisiúnta oifigiúla a imirt

Imreoidh Cumann Sacair Gaeilge a gcéad chluiche idirnáisiúnta in éadan na Cálastáine i Sasana an deireadh seachtaine seo

‘Cumann Sacair Gaeilge’ – Foireann náisiúnta sacair lán-Ghaeilge curtha ar bun chun cluichí idirnáisiúnta oifigiúla a imirt

Den chéad uair riamh tá foireann náisiúnta sacair lán-Ghaeilge, darb ainm Cumann Sacair Gaeilge, curtha ar bun do chainteoirí Gaeilge in Éirinn chun cluichí idirnáisiúnta oifigiúla a imirt anseo sa bhaile agus thar sáile.

Tá Cumann Sacair Gaeilge mar bhall den eagraíocht idirnáisiúnta CONIFA [An Chónaidhm do Chumainn Neamhspleácha Peile] agus tugann CONIFA deis do thíortha, réigiúin agus pobail mhionlaigh nach bhfuil aitheanta ag FIFA, cosúil leis an Ghraonlainn, an Chipir Thuaidh agus bundúchasaigh Mheiriceá, imirt in éadan a chéile i gcomórtais oifigiúla idirnáisiúnta.

Glacadh le hiarratas Chumann Sacair Gaeilge a bheith mar bhall de CONIFA i mí Aibreáin na bliana seo agus imreoidh siad a gcéad chluiche idirnáisiúnta in éadan na Cálastáine i Wolverhampton Shasana Dé Sathairn beag soe, an 15 Lúnasa.

Dúirt Oisín Mac Eo, bunaitheoir Chumann Sacair Gaeilge, le Tuairisc go bhfuair sé spreagadh ón fhoireann náisiúnta lán-Ghàidhlig, FC Alba atá ar an fhód le cúpla bliain agus gur shíl sé go mbeadh sé go maith dá mbeadh a leithéid ann do chainteoirí Gaeilge in Éirinn.

“Chaith mé bliain i mbun comhairle go neamhfhoirmiúil le daoine sa phobal Gaeilge in Éirinn agus rinne mé cúpla agallamh faoi ar an raidió. Ba léir domh go raibh suim mhór ann,” a dúirt sé.

Thug sé le fios gur thosaigh sé féin agus an t-iriseoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag obair ar iarratas le bheith mar bhall de CONIFA agus go raibh “gliondar” air nuair a glacadh lena n-iarratas ag cruinniú cinn bhliana CONIFA sa Chipir Thuaidh i mí Aibreáin.

“Táimid ag dúil go mór lenár gcéad chluiche leis an Chálastáin, foireann eile a ghlac ballraíocht le CONIFA den chéad uair i mbliana. Beidh ‘Khalistan FA’ ag imirt ar son phobal domhanda na Suíceach.”

Dúirt sé go bhfuil “diaspóra ollmhór” den phobal Suíceach i gCeanada agus go bhfuil thart fá “300,000 acu ina gcónaí sna Midlands i Sasana”.

Dúirt Mac Eo, gur “cluiche cairdiúil” a bheidh sa chluiche seo idir Cumann Sacair Gaeilge agus an Chálastáin, ach gur “cluiche tábhachtach é don dá fhoireann” mar go mbeidh pointí le saothrú as i rangú domhanda CONIFA.

“Táimid ag eagrú roinnt cluichí eile a bheas ar siúl anseo in Éirinn go luath amach anseo agus beidh muid ag iarraidh áit a dhéanamh dúinn féin ag an chéad Chorn Domhanda Sacair CONIFA eile san Iodáil i 2028.”

Tá súil ag Mac Eo, go mbeidh foireann ag na mná amach anseo chomh maith agus go mbeidh siad ábalta a bheith páirteach i gCorn Domhanda CONIFA na mBan a bheidh ar siúl i Sasana ar an bhliain seo chugainn.

“Ba dheas an rud é dá dtiocfadh na mná inár ndiaidh agus foireann dá gcuid féin a chur ar bun faoin ainm Cumann Sacair Gaeilge,” a dúirt sé.

Ochtar cainteoirí Gaeilge as Gaeltacht Thír Chonaill, beirt ó Bhéal Feirste, beirt as Ard Mhacha, duine amháin as Baile Átha Cliath agus triúr as Conamara a bheas ag déanamh ionadaíochta ar son Chumann Sacair Gaeilge.

Imreofar an cluiche i staid baile Sporting Khalsa FC, club atá ag imirt sa Midland Football League Premier Division, i Wolverhampton ar an 15 Lúnasa.

Tá súil ag Cumann Sacair Gaeilge ócáid shóisialta a eagrú leis na Cálastánaigh agus pobal Suíceach an cheantair i rith an deireadh seachtaine chomh maith.

feachtas báilithe airgid ar siúl ar líne chun cuid de na costaisí a bhaineann leis an turas a chlúdú.

Fág freagra ar '‘Cumann Sacair Gaeilge’ – Foireann náisiúnta sacair lán-Ghaeilge curtha ar bun chun cluichí idirnáisiúnta oifigiúla a imirt'