Caitheann Darren, Pádraic agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide súil chun cinn ar chluiche ceannais chraobh peile na hÉireann a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. Agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo caitear súil ar na gnéithe is tábhachtaí den choimhlint mhór, ó pháirc na himeartha go dtí na dúshláin shíceolaíochta agus phraiticiúla a bhaineann le cluiche ceannais.
Pléitear chomh maith an ceangal a bhíonn idir cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann agus an ceacht mór a bhí le foghlaim ó thaispeántas Luimnigh in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo caite.
Deir Dara linn go mbíonn muintir Chiarraí cáiréiseach roimh chluichí ceannais mar go bhfuil oiread sin acu caillte acu. Ach deir sé go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an ‘dhera’ agus géilleadh don fhianaise lom os ár gcomhair.
Deir sé gur chruthaigh sárthaispeántas Luimnigh an tseachtain seo caite gur minice ná a mhalairt gurb iad na neamhiontais a bhuann na cluichí móra agus go mb’fhéidir go mbeidh Maigh Eo ag brath an iomarca ar na hiontais a d’fhéadfadh tarlú an Domhnach seo.
Pléitear plean trí bliana bhainisteoir Mhaigh Eo Andy Moran, sárchumas Kobe McDonald agus David Clifford agus cé a bheidh á marcáil.
An dtosóidh captaen Chiarraí Paul Geaney? Cá bhfuil buaic imreoirí óga Mhaigh Eo?
An bhfuil laigí i gcóras cosanta Chiarraí agus an bhfuil tobar an áidh tráite acu?
Tráchtar ar deireadh ar an mbriseadh croí a bhaineann le cluiche ceannais a chailliúint. Trí lá a chaith Dara ag siúl i bPáirc Náisiúnta Chill Airne ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar theip Chiarraí in 2023. Deir Pádraic, Gaillimheach go smior, gur ag triall ar an bpáirc chéanna a bheidh sé féin má bhíonn an bua ag Maigh Eo Dé Domhnaigh!
Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Deireadh le ‘dhera’ i gCiarraí, dúil Mhaigh Eo sna dúbailíní agus iontas na neamhiontas…'