Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste – foirfe

Gach duine de mhuintir na háite ar bhuail mé leo ag an bhFleadh Cheoil i mBéal Feirste, bhíodar den tuairim nach bhfaca siad an oiread sin daoine ná fuinneamh mar é sa chathair le blianta fada

Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste – foirfe
  1. Tá Béal Feirste foirfe don Fhleadh: Tá an chathair foirfe don Fhleadh Cheoil – mór go leor ionas go bhfuil gach áis ar fáil agus is féidir fiú le seandaoine agus daoine le riachtanais speisialta bogadh tríd na sráideanna is plódaithe, ach beag go leor nach bhfuil an fhéile caillte i gcathair mhór, gur féidir siúl gach áit agus go bhfuil na príomhionaid go léir gar dá chéile.
  2. Buscáil: Rinne mo mhac trí bliana déag d’aois buscáil den chéad uair ag an bhFleadh. Bhí na príomhshráideanna ar maos le hógánaigh ag buscáil agus cheapas go mbeadh an margadh róphlódaithe, ach ní chreidfeá chomh cineálta agus flaithiúil is atá daoine le ceoltóirí óga – ag stopadh le héisteacht agus corrdhuine ag tabhairt nóta £5. An t-airgead is fearr gur féidir le páiste nó déagóir a thuilleamh!
  3. An-Gig Rig: Is é an Gig-Rig an príomhardán ceoil ag an bhFleadh agus bíonn ceol á chur ar stáitse go leanúnach ar feadh na seachtaine – grúpaí pobail agus amaitéaracha mar aon le ceoltóirí gairmiúla. Is iontach an deis atá ann do na grúpaí pobail agus amaitéaracha seinnt ar stáitse mór, agus is iontach an deis atá ann do cheoltóirí óga dul ag breathnú ar roinnt grúpaí ceoil den scoth agus ag fáil spreagadh agus inspioráid uathu, agus é ar fad saor in aisce. Agus tá rannóg speisialta le suíocháin annsin chun tosaigh dóibh siúd atá faoi mhíchumas, rud a bhí ina chabhair mhór don scríbhneoir seo mar go raibh obráid droma agam cúpla lá roimh an bhFleadh agus é míchompordach fanacht ar mo chosa rófhada.
  4. An Ghaeilge: Bhí comhráití agam i nGaeilge gach lá de bharr gur chuala daoine mé ag labhairt i nGaeilge le mo pháistí nó de bharr gur chuala mé iad siúd ag labhairt i nGaeilge eatarthu féin, nó díreach de bharr gur chas comhrá le strainséir ón mBéarla go Gaeilge nuair a tuigeadh Gaeilge a bheith agam. Agus tharla sé seo gan aon chaint faoin nGaeilge féin nó faoi ‘Cá bhfuair tú do chuid Gaeilge?’. Faoiseamh!
  5. Seisiúin: Ceann de na rudaí is fearr faoin bhFleadh ná na seisiúin neamhfhoirmeálta ag tarlú ar fud na háite. Ag pointe amháin shiúlamar isteach san Ard-Eaglais Phrotastúnach mar go raibh sé ag cur báistí agus cheapamar go raibh cuma spéisiúil ar an bhfoirgneamh, agus bhí seisiún ar siúl istigh ann! Léim mo bheirt ógánach isteach san aicsean. Ansin trasna linn go dtí an foirgneamh ar a dtugtar An Mac, a bhí ina mhol do Ghaeilge, go bhfeicfimis cad a bhí ar siúl ansin, agus bhí seisiún eile ar bun agus páistí agus daoine fásta ag seinnt le chéile.
  6. Praghsanna: Bhí na praghsanna a bhí á ngearradh ar bhia agus deoch an-ard ar fad. Bhí sráidbhaile bia gar don Ardeaglais Phrotastúnach agus d’itheamar ann oíche amháin, agus cé go raibh caighdeán na beatha go maith ní fhéadfadh gnáththeaghlach dul ann níos mó ná uair amháin. Tabharfaidh mé sampla amháin – bhí seastán ag diol saghsanna difriúla faoiste – an milseán traidisiúnta sin a dhéantar le neart siúcra agus ime. Roghnaigh mé trí phíosa, chuir mé isteach sa mhála iad, agus lorg mé an praghas – bhí breis agus £7 orthu! Ní bheidh mé ag ceannach faoiste ag an bhFleadh arís.
  7. Scoil Éigse: Deis atá anseo do cheoltóirí óga ar fud an domhain teacht agus foghlaim ó na máistrí. Tugann sé spreagadh do na daoine óga agus dá múinteoirí araon. Tá luach ar leith ann d’ógánaigh nach bhfuil mórán ceoltóirí dá n-aois féin nó mórán ceoltóirí a chasann a n-uirlis féin san áit ina maireann siad. Níor bhuail mo mhac 15 bliana déag d’aois riamh leis an méid céanna fliúiteadóirí den aois chéanna.
  8. Na boic mhóra: Bhí ‘Seisiún Mór na hÉigse’ ar siúl ar chéimeanna na hArd-Eaglaise Déardaoin. Na céadta daoine óga a bhí ag freastal ar an scoil éigse mar aon leis na múinteoirí ag casadh le chéile. Ach bhí óráidí ó na boic mhóra fite fuaite ann, Ard-Stiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Labhrás Ó Murchú agus an Taoiseach Micheál Martin ina measc. Le bheith féaráilte don Taoiseach cheap mé go ndearna sé a dhícheall a bheith gonta ach ba léir easpa spéise na ndaoine óga sna himeachtaí oifigiúla. Arsa déagóir Meiriceánach i measc na gceoltóirí le déagóir Éireannach – ‘Cé hé mo dhuine?’. ‘Sin Donald Trump na hÉireann’ an freagra a fuair sí.
  9. Raidió na Gaeltachta: Ceart go leor táim claonta, ach is iontach an jab a dhéanann mo chomhghleacaithe ó RnaG ag an bhFleadh. Bhí suíomh iontach acu i mbliana ar Chearnóg na Scríbhneoirí agus iad i lár an aonaigh agus na scórtha daoine ag bailiú ansin chun breathnú ar na craoltaí agus bualadh bos a thabhairt do na ceoltóirí ar an ardán.
  10. An Fleadh foirfe do Bhéal Feirste. Gach duine de mhuintir na háite ar bhuail mé leo bhíodar den tuairim nach bhfaca siad an oiread sin daoine agus spleodar agus fuinneamh sa chathair le blianta fada, nó riamh fiú, agus bhí siad iomlán sásta faoi sin, cuma cén pobal lenar bhain siad. Táim ag tnúth le bheith ar ais i mBéal Feirste an bhliain seo chugainn!

Fág freagra ar 'Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste – foirfe'