Scáil ar cheantair Ghaeltachta – dath dorcha ar an mapa

Tá macasamhail na ‘Highly Remote Rural Areas’ i dtíortha i bhfad agus i ngearr

Scáil ar cheantair Ghaeltachta – dath dorcha ar an mapa

Dath dorcha atá orthu. Cén bhrí ach tá na dathanna dorcha buailte ar chodanna d’Éirinn atá luaite leis an áilleacht agus leis an nádúr – Gaoth Dobhair agus iarthar Dhún nan Gall; Iorras i Maigh Eo; ceantar Cheann Léime an Chláir; Uíbh Ráthach i gCiarraí; co Liatroma agus cuid mhór de Chonamara. Tá siad dubh.

Má tá tú i do chónaí i gceann ar bith de na réigiúin seo tá branda na hiargúltachta curtha ort, ‘A Highly Remote Rural Area’. I bhfad ó bhaile agus i bhfad ó thír. Ciallaíonn an dubh go bhfuil thiar ort.

Seo mapa atá curtha ar fáil ag lucht na Príomh-Oifige Staidrimh. Glactar leis go bhfuil riar bealaí ann faoina ndéantar tomhais ar théagar eacnamaíochta agus sóisialta na réigiún.

An ceann seo – gan a dhul i bhfadscéal leis –tá sé bunaithe ar phostanna agus caighdeán seirbhísí sa réigiún. Aithnítear go bhfuil an t-achar idir an réigiún agus an chathair ar an bpríomhchúis le neart, nó le éidreoir, na heacnamaíochta. Sin í an tslat tomhais. Sé cinn de rannóga atá sa tslat tomhais seo, agus faigheann siad aitheantas

ar an gcaoi seo: na cathracha agus bailte cóngaracha í dtús áite; bailte móra láidre ansin agus ina dhiaidh sin na ceantair thuaithe. In iarthar na Gaillimhe, mar shampla, tá na ceantair as Gaillimh siar go dtí an Cheathrú Rua agus go hUachtar Ard faoi anáil na cathrach. In íochtar tá na ‘Highly Remote Rural Areas’ agus scáil dhorcha orthu ar an mapa. Má chloíonn muid le ceantar Chonamara, feicfimid go bhfuil an ceantar dorcha taobh thiar den Teach Dóite agus siar aduaidh ó chrosbhóthar Dhoire an Fhéich.

Tá fíorGhaeltacht mhór sa taobh tíre sin i gConamara; tá tuilleadh de cheantar an duibheagáin taobh amuigh den Ghaeltacht. Fágann an mapa seo uilig go bhfuil dúshlán mór le sárú ag Údarás na Gaeltachta. Ach tá contrárthacht sa scéal freisin, mar níl séanadh ar bith ar an dul chun cinn atá déanta sa tír maidir le caighdeáin mhaireachtála, fiú sna ceantair is mó a bhfuil scáil an dorchadais orthu. Ach, cé mhéad gasúr sna scoileanna sna ceantair dhorcha? Cén céatadán den daonra atá imeasc na n-aosach, agus cé mhéad de na daoine óga atá ag fanacht sna ‘ceantair dhorcha’? Ansin a thagann an crú ar an tairne.Faraor, tá macasamhail na ‘Highly Remote Rural Areas’ i dtíortha i bhfad agus i ngearr.

Beagán laethanta ó shin a bhí mé ag labhairt le bean as Montana a bhí ar cuairt go dtí an ‘ceantar dorcha’ i gConamara agus í ar thóir na háite as a ndeachaigh na glúnta roimpi ar imirce go Meiriceá. Stát na Spéire Móire, atá baiste ar Montana. Cónaíonn sí féin agus a fear céile ar thaobh cnoic trí ceathrú míle ón mbóthar mór réasúnta gar do chathair Butte, agus deich n- acra fichead talún acu. Tá siad teannta amach go maith sna blianta ach tá sise ag obair léi i gcónaí i gCumann na Croise Deirge. Ceathrar clainne atá acu agus iadsan imithe ina mbealach féin go Státaí eile anois. Céard faoi shaol na tuaithe in Montana?

Tá an spéir chomh fada fairsing agus a bhí sí ariamh i Stát na Spéire Móire ach tá an saol ag athrú i measc na gcnoc. Ach an oiread leo féin, tá cuid mhaith tithe ann nach bhfuil fanta iontu ach na tuismitheoirí. ‘Níl an tapa céanna sa bpobal anois,’ a deir bean Mhontana. Ansin, tá tithe eile dúnta agus á gcur ar an margadh. Bhí sí i gCloch na Rón an lá roimhe sin agus chuir mé suim ar leith sa gcuid seo den scéal. ‘Cé atá ag ceannacht?’ a d’fhiafraigh mé féin. Sé macasamhail chuid de cheantar Chonamara é. Daoine saibhre, go háirithe as California, atá ag ceannacht, a deir bean Mhontana.

Caitheann cuid acu go leor den bhliain ansin agus cuid acu a thagann ann anois agus aríst. Athrú ó bhun ar shaol na tuaithe.

Daoine deisiúla atá ag iarraidh scíthe ón saol mór atá ag teacht go Stát na Spéire Móire. ‘Mar a chéile atá an saol, arsa mise, ‘sa gcuid de Chonamara a raibh tú ann inné.’

Fág freagra ar 'Scáil ar cheantair Ghaeltachta – dath dorcha ar an mapa'