Bogadh daoine amach as foirgnimh RTÉ, Newstalk agus an Irish Independent ar maidin mar gheall ar bhagairt bhuama.
Seoladh an bhagairt ar ríomhphost go dtí RTÉ, Newstalk, Mediahaus, foilsitheoirí an Independent agus go leor craoltóirí agus meáin eile in Éirinn agus sa Bhreatain ar maidin.
Tá na Gardaí i láthair ag campas RTÉ i nDomhnach Broc agus na foirgnimh ansin á gcuardach. Cláracha réamhthaifeadta atá á gcur amach faoi láthair.
Meastar gur bhagairt bhréige atá i gceist.
Rinneadh roinnt bréagbhagairtí inné a chuir isteach ar bheagnach 30 eitilt san Eoraip, eitilití de chuid Aer Lingus agus Ryanair.
Fág freagra ar 'Bagairt bhuama déanta ar RTÉ, Newstalk agus an Irish Independent'