Ní ghlacfar le ‘fórsaí suaracha seicteacha’ atá ag scriosadh comharthaí Gaeilge

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin go bhfuil ‘codarsnacht’ shoiléir idir pobal na Gaeilge agus dream a bhíonn ‘ag smúrthacht thart go slítheánta’ faoi choim na hoíche chun ‘imeaglú’ a dhéanamh ar dhaoine

Ní ghlacfar le ‘fórsaí suaracha seicteacha’ atá ag scriosadh comharthaí Gaeilge

Níl “aon spás” i sochaí an Tuaiscirt do na “fórsaí suaracha seicteacha a bhíonn ag smúrthacht thart” faoi choim na hoíche le comharthaíocht dhátheangach Bhéarla agus Ghaeilge a scrios, a deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Tá cáineadh láidir déanta ag an gConradh ar an “imeaglú agus seicteachas” a mhaíonn siad atá i gceist leis an gcrochadh bratacha dílseacha agus an loitiméireacht a rinneadh ar chomharthaíocht dhátheangach i gceantar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste le deireanas.

Tá sé ráite ag dílseoirí atá tar éis bratacha an Aontais agus bratacha eile a chrochadh i gceantair nach mbíodh a leithéid ann go bhfuil siad á dhéanamh “mar fhreagra” ar chomharthaíocht dhátheangach – Gaeilge agus Béarla – de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Dúirt cónaitheoir amháin leis an nuachtán The Irish News gur bhagair fir a chroch bratacha an Aontais ar a sráid féin uirthi. Tá bratacha fós ar foluain ar Shráid Kimberley gar do Bhóthar Ormeau.

Crochadh comharthaíocht dhátheangach ar an tsráid níos luaithe i mbliana tar éis pobalbhreith inar ghlac 139 cónaitheoir páirt. Bhí tromlach na gcónaitheoirí i bhfách leis an gcomharthaíocht nua, agus faoi rialacha na Comhairle Cathrach go gcaithfidh 15% de na cónaitheoirí, ar a laghad, tacú leis an gcomharthaíocht, glacadh léi.

Dúirt an bhean ar Shráid Kimberley gur bhagair na fir a chroch na bratacha aontachtacha go mbrisfidís a cuid fuinneog agus gur fágadh “ag crith” ar an tsráid í.

“Dúirt mé [leo] nach bhfuil duine ar bith ar an tsráid seo ag iarraidh bratacha. Dúirt duine acu “seo ár dtír-ne” agus dúirt duine eile acu nach bhfuil duine ar bith ag iarraidh comharthaí Gaeilge ach an oiread.

“Dúirt mé leis go raibh pobalbhreith ann agus mar a tharlaíonn sé, bhí na cónaitheoirí ag iarraidh comhartha Gaeilge,” a dúirt sí.

Mhaígh sí nár shiúil sí ar ais chuig a teach féin ar fhaitíos go mbeifí in ann an teach a aithint agus go ndéanfaí í a ionsaí ar ball. Bhéic duine eile de na cónaitheoirí ar na fir agus bhailigh siad leo.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “imeaglú agus seicteachas” a bhí i gceist le crochadh na mbratacha agus an chaint a rinne fir a gcrochta ar Shráid Kimberley.

“Cáineann Conradh na Gaeilge sna téarmaí is láidre imeaglú agus seicteachas mar seo atá dírithe orthu siúd ar mhian leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol poiblí.

“Sa chás áirithe seo bhí breis agus a dhá oiread níos mó cónaitheoirí ar an tsráid seo ar son na comharthaíochta dátheangaí nuair a rinneadh an suirbhé ag tús 2026.

“Tharla sé go minic roimhe seo, nuair a chéad-tháinig an polasaí úr sráidainmneacha i bhfeidhm i mBéal Feirste, gur scriosadh comharthaí dátheangacha sa cheantar máguaird,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt sé go bhfuil “codarsnacht” shoiléir idir pobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus na “fórsaí suaracha seicteacha” a bhíonn “ag smúrthacht thart go slítheánta” faoi choim na hoíche chun “imeaglú” a dhéanamh ar dhaoine.

“Ar lámh amháin tá pobal Gaeilge beo bríomhar sa chathair seo agus cónaitheoirí ag úsáid uirlisí trédhearcacha, daonlathacha chun sochaí chomhroinnte, ina mbíonn an Béarla agus an Ghaeilge taobh le taobh ar chomharthaíocht phoiblí, a fhorbairt.

“Ar an lámh eile, tá fórsaí suaracha seicteacha atá ag smúrthacht thart go slítheánta i ndorchadas na hoíche chun imeaglú a dhéanamh ar chónaitheoirí agus ar theaghlaigh, gan toil nó tacaíocht ó aon duine. Níl aon spás inár sochaí don dream sin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Tá sé ráite ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go gcosnaíonn sé £1,000 (€1,185) comhartha nua a chur in airde sa chathair.

Scriosadh an téacs Gaeilge ar dhá chomhartha dhátheangacha sráide ar Pharáid Naomh Iúd agus Ascaill Pháirc an Fhéir ag an deireadh seachtaine. Fágann sé sin go ndearnadh damáiste do cheithre chomhartha dhátheangacha ó bhí mí Eanáir 2026 ann agus is é seo an tríú huair le trí mhí anuas a scriosadh an comhartha ar Ascaill Pháirc an Fhéir.

Tá an comhartha sin bainte anuas ar fad den tsráid ag na loitiméirí an babhta seo. Meastar gur gearradh an comhartha ar Chearnóg Naomh Iúd, atá sa cheantar céanna, ina dhá leath le huirlis chumhachta.

Fág freagra ar 'Ní ghlacfar le ‘fórsaí suaracha seicteacha’ atá ag scriosadh comharthaí Gaeilge'