AN CHÚIRT: Cúig bliana déag príosúin gearrtha ar Jeffrey Donaldsan, iarcheannaire an DUP, de bharr mí-úsáid ghnéis ar leanaí

Dúirt an Breitheamh Paul Ramsey gur fhág a iompar Donaldson 'náirithe go tubaisteach'

AN CHÚIRT: Cúig bliana déag príosúin gearrtha ar Jeffrey Donaldsan, iarcheannaire an DUP, de bharr mí-úsáid ghnéis ar leanaí

Tá cúig bliana déag príosúin gearrtha ar iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, de bharr a chiontaithe in éigniú agus ionsaí gnéis ar chailín scoile agus in ionsaí mígheanasach ar ghearrchaile eile.

Dúirt an Breitheamh Paul Ramsey gur fhág iompar Donaldson go raibh sé fágtha anois “ina náire shaolta” ach nár léirigh sé “aon aiféala, leithscéal ná náire” tar éis a chiontaithe níos túisce i mbliana in 18 coir, cion amháin éignithe san áireamh.

“Níor chualathas focal amháin, agus ní dóigh go gcloisfear, aiféala, leithscéal, ná náire ón bhfear seo, a thabharfadh sólás beag éigin ar a laghad dá íobartaigh,” a dúirt an Breitheamh.

Agus é ag díriú a chuid cainte ar Donaldson, dúirt an Breitheamh Ramsey:

“Is a bhuíochas do mhisneach, acmhainn agus diongbháilteacht bheirt bhan óg amháin gur tugadh tusa os comhair cúirte i leith na gcionta a rinne tú orthusan agus iad ina leanaí.

“Gan stad, shéan tú na cionta seo agus lean tú ort á séanadh ach tá tú ciontaithe ag giúiré agus is é mo dhualgas-sa anois pianbhreith a ghearradh ort as na cionta sin.”

Tá iarFheisire Ghleann an Lagáin ag fanacht lena phianbhreith i bPríosún Mhaigh gCabraí i gContae Aontroma ó tháinig deireadh lena thriail sa Mheitheamh.

Thart ar leathuair an chloig a mhair éisteacht na pianbhreithe i gCúirt Chorónach an Iúir.

Dúirt duine de na mná a d’ionsaigh an t-iarfheisire gur “tromluí ceart críochnaithe” a bhí sa gcás agus go raibh tionchar ollmhór ag an “an cás a bheith i mbéal an phobail” ar a “saol sóisialta agus a slí bheatha”.

“Tá m’fhírinne-se, a bhí fíorphríobháideach agus pianmhar, anois ar eolas ag an saol mór,” a dúirt sí ina ráiteas.

Labhair an bhean eile a ionsaíodh le Donaldson agus a bhean chéile “d’fhéadfadh an bheirt agaibhse an chúirt seo a shábháil ormsa”.

“Thug an bheirt agaibh le fios nár tharla a dhath de seo, ach chuir sibh i mo leith gur chum mé an scéal, agus rinne sé sin gach a ndearna sibh i bhfad níos measa. Scrios sibh an cumas ionamsa iontaoibh a bheith agam as daoine.”

Ina fianaise dúirt Gearánach A go ndearna Donaldson crúbáil mhíchuí uirthi agus go raibh sé á pógadh agus uair eile gur úsáid sé solas chun a baill ghiniúna a scrúdú.

Dúirt Gearánach B nach raibh sí ach ina leanbh bunscoile nuair a d’éignigh Donaldson í agus ina dhiaidh sin go ndearna sé ionsaí mígheanasach uirthi.

Cinneadh i dtriail ar fhíricí gur chuidigh agus gur neartaigh bean chéile Donaldson, Eleanor Donaldson, 60 bliain d’aois, lena fear. Ceadaíodh an triail ar fhíricí ina cás ar bhonn sláinte mheabhrach.

Ar an mbonn sin ní féidir príosún a chur ar Eleanor Donaldson ach d’fhéadfaí ordú cóireála leighis a dhéanamh nó urscaoileadh iomlán a ordú.

Fág freagra ar 'AN CHÚIRT: Cúig bliana déag príosúin gearrtha ar Jeffrey Donaldsan, iarcheannaire an DUP, de bharr mí-úsáid ghnéis ar leanaí'