Dáta tosaithe ar bith do ‘thionscnamh suntasach’ an Uachtaráin le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge

Tá tionscnamh uachtaránachta darb ainm ‘Teanga na hÉireann - A Nation’s Living Voice’ ag an Uachtarán Catherine Connolly go

Dáta tosaithe ar bith do ‘thionscnamh suntasach’ an Uachtaráin le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge

Ní léir go bhfuil aon phlean daingean go fóill ag Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Choimisiún na Gaeltachta, faoi mar a gheall sí le linn an fheachtais uachtaránachta anuraidh.

Cé go bhfuil Catherine Connolly áirithe cheana féin ar na huachtaráin is dílse don Ghaeilge, níl aon radharc fós ar an mórthogra ar son na Gaeilge a gheall sí linn a feachtais uachtaránachta.

Agus í ar cuairt ar Ghaeltacht Chiarraí i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, thug an tUachtarán Connolly le fios go seolfadh sí tionscnamh “suntasach” a mhairfeadh bliain iomlán chun “ceiliúradh céad bliain a dhéanamh ar an gcéad Choimisiún Gaeltachta” in 1926.

Dúirt sí ag an am go mairfeadh an tionscnamh ó Mheitheamh 2026 go Meitheamh 2027 agus go mbeadh sé ina “cheiliúradh ar an nGaeilge mar fhórsa beo, cruthaitheach, agus aontaithe”.

Maíodh go dtabharfadh an togra, a raibh an teideal ‘Teanga na hÉireann – A Nation’s Living Voice’ le tabhairt air, go dtabharfadh sé “ómós do na pobail a chothaigh an Ghaeilge”.

“Ní togra ón mbarr anuas a bheidh in ‘Teanga na hÉireann’ ach comhrá ón mbun aníos – ag éisteacht le pobail Ghaeltachta agus Ghalltachta, Thuaidh agus Theas, agus le pobal domhanda na hÉireann,” a dúirt Connolly.

Tugadh le fios go mbeadh sé mar aidhm ag ‘Teanga na hÉireann – A Nation’s Living Voice’ “pobail, ealaíontóirí, lucht an oideachais agus an pobal trí chéile a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a cheiliúradh mar theanga náisiúnta atá beo”.

Foilsíodh tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i mí Lúnasa na bliana 1926, ceithre bliana i ndiaidh bhunú an tSaorstáit, agus leagadh amach inti na teorainneacha don Ghaeltacht Oifigiúil den chéad uair. Is beag ceiliúradh ná comóradh oifigiúil a bhí ann go fóill ar fhoilsiú na tuarascála ná ‘bunú’ na Gaeltachta Oifigiúla agus tugadh suntas do ráiteas Catherine Connolly go gcuirfeadh sí an comóradh i lár an aonaigh.

Bhí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht féin lárnach i bhfeachtas uachtaránachta Catherine Connolly in 2025 agus tá sí tar éis beart a dhéanamh de réir a briathair cuairt a thabhairt ar roinnt mhaith ceantar Gaeltachta ó toghadh ina huachtarán i mí na Samhna seo caite í.

Tá an Ghaeilge fós á húsáid go han-rialta ag an Uachtarán Connolly agus labhair sí go minic ar thábhacht na teanga di ar bhonn pearsanta agus mar uachtarán go minic le bliain anuas.

Ach in ainneoin roinnt iarratas a bheith déanta ag Tuairisc ar Áras an Uachtaráin ar eolas faoi na pleananna a bhí ann i dtaobh an tionscnaimh ‘Teanga na hÉireann – a Nation’s Living Voice’, ní bhfuarthas aon fhreagra go fóill.

Fág freagra ar 'Dáta tosaithe ar bith do ‘thionscnamh suntasach’ an Uachtaráin le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge'